Is é Wille Mullins rí na féile ach b’fhéidir nach é a bheidh ag ceiliúradh ag rásaí móra na seachtaine

Agus féile Cheltenham linn arís tá súil caite ag saineolaí dúinn ar rásaí na bliana seo agus ctá úpla leid aige don tseachtain

Is é Wille Mullins rí na féile ach b’fhéidir nach é a bheidh ag ceiliúradh ag rásaí móra na seachtaine

Tagann an Nollaig faoi dhó do lucht na rásaí capall agus ceiliúradh eile na bliana romhainn anois agus féile Cheltenham tagtha.

Seachtain mhór a bhíonn thall do mhuintir na tíre seo agus seans gur in Éirinn a traenáladh formhór na mbuaiteoirí a bheidh ann idir seo agus an Aoine agus go mbeidh formhór díobh lonnaithe i stábla Willie Mullins.

Bhí 88 buaiteoir ag fear Chloch an tSutúnaigh ag an bhféile go dtí seo, níos mó ná éinne eile agus beidh sé i bhfad níos gaire don chéad ag deireadh na seachtaine.

Sin ráite, drochsheans go dtabharfaidh sé an Champion Hurdle leis tráthnóna (Dé Máirt) agus an réalta nua, Constitution Hill, ag buachan gach rás go héasca do Nicky Henderson agus Nico de Boinville.

Fuair capall Mullins, State Man, an ceann is fearr ar Honeysuckle i mBaile na Lobhar an mhí seo caite agus cé go bhfuil feabhas ag teacht air ó bhuaigh sé an County Hurdle anuraidh, n’fheadar an bhfuil a dhóthain aige.

Is dócha anois, chomh fada is nach n-éiríonn an talamh an-bhog, go rachaidh Honeysuckle i dtreo an Mares’ Hurdle a bhuaigh sí in 2020, in ionad an Champion, a bhuaigh sí in 2021 agus 2022. Ní bheidh sé éasca aici ach pé slí, seo an rás deiridh aici. Laoch amach is amach í.

Tá an-seans ag marcach óg ó Dhún Garbhán, Niall Houlihan, an Champion Chase a bhuachaint le Editeur Du Gite. Bhí an lámh in uachtar acu ar Energumene, a bhuaigh an rás seo anuraidh, agus ar Edwardstone, a bhuaigh an Arkle anuraidh, chun an Clarence House Chase a thabhairt leo ar an gcúrsa seo in Cheltenham ag tús na bliana.

Déarfainn féin go mbeidh an dá chapall eile níos gaire dó ón tús an uair seo agus ní dóigh liom go raibh Energumene i mbarr a réime an lá sin. Tá praghas níos fearr ar Editeur Du Gite ach is dóigh liom go mbeidh an bua ag Energumene agus Paul Townend.

Tá an Stayers’ Hurdle an-oscailte agus Flooring Porter ag iarraidh é a bhuachaint don Flooring Porter Syndicate as Gaillimh den tríú huair as a chéile. Chaill sé roinnt ama le gortú agus nílim cinnte go bhfuil sé díreach chomh maith is a bhí.

Tá sé buaite ag dhá uair do na col ceathracha, Joseph O’Brien agus JJ Slevin agus ba chóir go mbeadh sé in ann an rás a chríochnú go láidir. Beidh an seanfhondúir Paisley Park amhlaidh. Roghnóinn iadsan gach bealach.

Beidh an Gold Cup ar an Aoine. Bhuaigh Henry de Bromhead príomhrás na seachtaine in 2021 le Minella Indo, nuair a bhí Jack Kennedy sa diallait, agus arís anuraidh le A Plus Tard nuair á chuir Rachael Blackmore a hainm sa Táin.

Sé Galopin Des Champs rogha na coitiantachta ach nílim cinnte go seasfaidh sé na trí mhíle agus é dhá staid amach agus b’fhearr liomsa ceachtar de phéire de Bromhead. Tá an-seans ag Noble Yeats freisin, a bhuaigh an Grand National anuraidh do Emmet Mullins.

Taobh amuigh dóibh san, beidh praghas deas gach bealach ag Doctor Bravo sa Supreme Novices’ Hurdle ar an Máirt agus sé Mighty Potter an ‘banker’ sa Turners Déardaoin.

Fág freagra ar 'Is é Wille Mullins rí na féile ach b’fhéidir nach é a bheidh ag ceiliúradh ag rásaí móra na seachtaine'