Is é an club an bhunchloch agus máithreach na gcluichí Gaelacha

Tá na clubanna i gcontúirt i gcónaí mar gheall ar an mealltacht agus an spéiriúlacht a bhaineann le craobhacha idirchontae na hÉireann agus an pheataireacht a dhéantar orthu

Is é an club an bhunchloch agus máithreach na gcluichí Gaelacha

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá an-ríméad orm go raibh sé de mhisneach ag dóthain de chlubanna CLG Chorcaí diúltú níos túisce an tseachtain seo do phlean a tháinig ó Choiste an Chontae ansiúd a d’fhágfadh go gcaithfidís tabhairt faoi chluichí sna craobhacha sinsearacha agus idirmheánacha d’uireasa imreoirí a bhíonn ar fhoirne an chontae.

Is fada an lá é mar shoiscéal agam go bhfuil contúirt go bhfágfaidh an mhealltacht agus an spéiriúlacht a bhaineann inniu le craobhacha idirchontae na hÉireann agus an pheataireacht a dhéantar orthu siúd ó thaobh craolta agus cur chun cinn, gurb iad na clubanna mar aon lena gcuid peileadóirí agus iománaithe siúd a bheas thiar leis.

Ná bíodh aon amhras ort. Ní fhágann diúltú na Máirt seo caite i gCorcaigh go bhfuil deireadh an scéil cloiste agat.

Níl san iarracht sin ach aithris ar an nós a bhíodh ag na hIndiaigh Dhearga (mar a thugtaí tráth ar Bhundúchasaigh Mheiriceá) scabhta a chur amach rompu ag réiteach agus ag fáil eolas an bhealaigh dóibh nuair a bhídís i mbun catha. B’fhéidir nach i gCorcaigh a tharlódh sé, ach tabharfar faoi seo arís, glac sin uaimse.

Rogha eile a cuireadh faoi bhráid na dteachtaí i bPáirc Uí Chaoimh Dé Máirt ab ea gan tús a chur le craobhchomórtas na gclubanna i gCorcaigh go dtiocfadh mí Lúnasa. Diúltaíodh dó sin freisin, cé gur glacadh le plean a fhágfaidh imirt ar an gcéad bhabhta craoibhe san Aibreán agus ar phéire i Lúnasa agus fáil ar na himreoirí contae i chuile chás.

Déarfá go mba é sin ba chiallmhaire de na roghanna a bhí os a gcomhair, ach chomh fada agus is léir domsa, is fada sin ón tacaíocht atá geallta ag bunphrionsabail CLG don aonad ar a dtugtar ‘bunchloch phobail na hÉireann’.

Níl Uachtarán ná Ardstiúrthóir a bhí ar an eagraíocht ó 1884 anall nár dhúirt na focail sin agus is cinnte go mba amach óna gcroí a tháinig sé, mar a tharla i gcás Tom Ryan nuair a foilsíodh a thuarascáil bhliantúil anuraidh agus gan é ach ceaptha i bpost an Ardstiúrthóra.

We say it all the time, but that doesn’t mean it should descend into the level of cliché. The club is the most important unit and that’s the foundation of everything.

I think the inter-county game is, by and large, in a good place. It’s well resourced, it gets plenty of profile, as it rightly should because it’s the shop window, but it can’t exist without the club game and the club network.

It is our job to make sure that club network continues to survive and grow and thrive, and that should never be too far from our minds.

Breathnaíodh muid ar chás chlubanna Chorcaí mar sin agus ‘téarma na bunchloiche’ chun cinn inár n-intinn.

Bhí 133 acu páirteach i gcraobhacha peile agus iománaíochta an chontae sin anuraidh i ngrád na sinsear, gráid phríomh-idirmheánacha agus idirmheánacha – na gráid chéanna lenar bhain na hathruithe a pléadh an oíche cheana.

Má fhágann tú go raibh 25 imreoir ar meán, idir imreoirí agus fhir ionaid, ag ullmhú le chuile chlub, sin os cionn 3,000 peileadóir agus iománaí.

70 imreoir ar a mhórmhéid déarfainn a bheadh ceangailte le foirne sinsearacha peile agus iománaíochta Chorcaí – 2% den líon iomlán imreoirí.

A chead mar sin ag 98% d’imreoirí chlubanna sinsearacha agus idirmheánacha an chontae déanamh d’uireasa coimhlinte fónta fad agus a bheidís ag faire ar shos sa bhféilire idirchontae nó ag fanacht go bhfaigheadh a gcontae féin bata agus bóthar as an gcomórtas sin.

Sin é scéal chuile chontae nach mór faoin tráth seo.

Trí chluiche craoibhe a d’imir peileadóirí Chorcaí anuraidh agus bhí slán fágtha leis an gcomórtas acu faoin 7 Iúil. D’imir na hiománaithe a dhá oiread cluichí agus fós féin, bhí a gcuid imeartha siúd déanta faoi dheireadh mhí Iúil.

Is go rímhaith a thuigim gur furasta a dhul ag scéiméireacht le figiúirí agus glacaim leis go hiomlán gur gá sláinte na n-imreoirí is fearr atá againn a chosaint agus gan iomarca d’ualach na himeartha a fhágáil orthu.

Faraor, níl freagra iomlán agam, ach tá mé réasúnta cinnte go bhfuil baint nach beag ag cumhachtaí na mbainisteoirí contae leis an gcineál plé a bhí á dhéanamh Cois Laoi an oíche faoi dheireadh agus b’fhéidir freisin leis an tSraith na Seaimpíní (Champions League) seo a thagann chun cinn go rialta anois agus trácht á dhéanamh ar athruithe a chur ar struchtúr na gCraobhchomórtas Idirchontae.

Tá an ceart ag Tom Ryan agus bhí ag a ndeachaigh roimhe. Is é an club an bhunchloch agus máithreach na gCluichí Gaelacha. Is iad siúd a d’oil Colm Cooper agus Joe Canning ina n-óige is mó is cúis lena gcuid éachtaí i bPáirc an Chrócaigh níos deireanaí.

An bhfuil a ndéanann siad sin le maslú agus le caitheamh ar ‘bhonn a cúig déag’ ag moltaí den chineál a pléadh an oíche faoi dheireadh ?

Tá mo chumann féin sa Spidéal bunaithe ó 1906 agus den chéad uair riamh, tar éis don Spidéal Craobh Idirmheánach na Gaillimhe a bhuachan anuraidh, tá triúr dá gcuid peileadóirí ar phainéal na Gaillimhe.

Tá rabharta misnigh sa bpobal fré chéile de bharr a bhfuil déanta ag an bhfoireann seo agus iad ag súil go mór le plúrpheileadóirí na Gaillimhe a bheith ag teacht chuig Páirc an Ath. Mhic Suibhne go dtabharfaidh laochra na háite a ndúshlán ansiúd.

Faoi cheann cúpla seachtain imreoidh foireann an Spidéil cluiche i gCraobh Shinsearach Peile na Gaillimhe don chéad uair le roinnt mhaith blianta. Dá dtiocfadh sé sa stair go deo go mbeadh orthu dul chun páirce an lá sin nó lá ar bith eile dá shórt d’uireasa a gcuid peileadóirí contae, cén teachtaireacht a bheadh le foghlaim ag ‘lucht na bunchloiche’ as sin ?

Fág freagra ar 'Is é an club an bhunchloch agus máithreach na gcluichí Gaelacha'