Is deacair na Muimhnigh a chloí agus iad fós go mór faoi thionchar Axel

Trí chúige ag imirt sa Pro 12 an deireadh seachtaine seo agus na Muimhnigh ag imirt cluiche Bhabhta 1 de Chorn na gCuradh

Is deacair na Muimhnigh a chloí agus iad fós go mór faoi thionchar Axel

Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne

Níl ach trí chúige ag imirt sa Pro 12 an deireadh seachtaine seo, Cúige Laighean, Cúige Uladh agus Cúige Chonnacht. Tá na Muimhnigh ag imirt cluiche Bhabhta 1 de Chorn na gCuradh, an ceann a chuir an ERC ar athló i mí Dheireadh Fómhair de bharr bhás tobann Antony Foley.

Seans gur roimh na Connachtaigh atá an dúshlán is mó i mBabhta 13, iad as baile sa mBreatain Bheag an Satharn seo le tabhairt faoi na hOspreys, foireann atá sa dara háit ar thábla an Pro 12, agus 44 pointe acu faoi láthair. I bhfad taobh thiar díobh, san ochtú háit ar 21 pointe atá fir an iarthair, iad ag taisteal agus iad fós scriosta de bharr an slua imreoirí a gortaíodh le cúpla seachtain anuas.

Is deacair bua do na Connachtaigh a thuar an deireadh seachtaine seo, rud a fhágann go mbeidh siad ag brath ar thorthaí fhoirne eile agus iad ar thóir áit i measc na sé fhoireann a bheas sa gcéad leath den tábla, suíomh a chinnteodh go mbeidís ag imirt i gCorn na gCuradh arís an chéad séasúr eile.

Is deacair sin a fheiceáil ag an tráth seo.

Anocht a bheas na Laighnigh ag cur chun páirce san RDS i gcoinne Zebre, foireann atá ar íochtar an tábla agus gan ach aon bhua amháin acu sa gcomórtas go dtí seo. Cé gur cheart go mbeadh bua le pointe bónais gan stró ag na Laighnigh, ní dóigh gur leor an cluiche seo mar réiteach don chluiche i gcoinne Montpellier i mBabhta 6 de Chorn na gCuradh faoi cheann seachtaine.

Sa mbaile a bheas na hUltaigh freisin tráthnóna agus seans go mbeidh cluiche sách crua acu i gcoinne Scarlets na Breataine Bige, foireann atá sa gceathrú háit ar an tábla agus ceithre phointe chun cinn ar na hUltaigh atá sa séú háit. Mar sin féin, beidh fir Bhéal Feirste díomách má theipeann orthu an lámh in uachtar a fháil ar na cuairteoirí.

Beidh an dá fhoireann ag baint chuile leas as an gcoimhlint seo mar réiteach do Chorn na gCuradh a bheas á imirt acu faoi cheann seachtaine. Teastóidh an réiteach seo, de bhrí go bhfuil cluichí crua le himirt  ag an dá fhoireann: Scarlets sa mbaile i gcoinne Saracens agus an hUltaigh as baile i gcoinne Exeter. Cinnteoidh seo sárchoimhlint ach thar aon ní eile beifear ag súil le gortuithe a sheachaint.

I bPáras a bheas na Muimhnigh ag tabhairt faoi Racing 92 sa gcluiche i gCorn na gCuradh a bhí le himirt trí mhí ó shin.  Idir sin agus seo, d’éirigh leis na Muimhnigh dhá bhua a fháil as trí chluiche, ach tá Racing fós ar thóir ar a gcéad bhua as trí chluiche. Seans dá bhrí sin nach mbeidh mórán suime ag na Francaigh sa gcomórtas seo agus is cinnte gur mó suim a bheas acu sa Top 14, comórtas ina bhfuil siad san ochtú háit ar an tábla faoi láthair. Tá an seans ann fiú gur foireann dara rogha a bheas ag dul chun páirce do na Francaigh. Ní dóigh go mbeidh Ronan O’Gara, fear atá ag obair mar chóitseálaí le Racing ó 2011 róshásta má tharlaíonn sé sin.

Tá deis iontach ag na Muimhnigh bua breá eile a fháil an Satharn seo agus iad ag imirt sa bhFrainc. Is cinnte go mbeidh sprid Antony Foley go mór san aer arís ar an Satharn.

Is deacair na Muimhnigh a chloí agus iad fós go mór faoi thionchar Axel.

Fág freagra ar 'Is deacair na Muimhnigh a chloí agus iad fós go mór faoi thionchar Axel'