Is deacair BÁC a shárú ar a bpáirc féin agus ceachtanna eile na deireadh seachtaine…

Rath Bhaile Átha Cliath i bPáirc Parnell; Fadhbanna na gCorcaíoch; dul chun cinn an Chláir; forlámhas Chill Chainnigh ar Thiobraid Árann

David O'Callaghan (Baile Átha Cliath) agus Cathal Mannion (Gaillimh). INPHO/Ryan Byrne
David O’Callaghan (Baile Átha Cliath) agus Cathal Mannion (Gaillimh). INPHO/Ryan Byrne

Ba cheart do Bhaile Átha Cliath níos mó ama a chaitheamh i bPáirc Parnell

Agus greadadh tugtha ag Tiobraid Árann dóibh an tseachtain roimhe, bhreathnaigh sé go mbeadh sé deacair ag Baile Átha Cliath cúrsaí a chur ina gceart in am don chluiche in aghaidh na Gaillimhe, foireann  a bhí tar éis taispeántas maith a thabhairt uathu in aghaidh Chorcaí. Déanann an tsraith amadáin dínn uile áfach agus, mar a tharla sé, bhí an t-ádh leis na Gaillimhigh nach raibh níos mó ná seacht gcúilín idir na foirne ag deireadh an chluiche an Satharn seo caite.

Seans go raibh lucht tacaíochta Bhaile Átha Cliath féin muiníneach go maith roimh an gcluiche i bPáirc Parnell mar níl cluiche caillte acu ann le cúig bliana anuas. Tráthúil go maith gurbh iad na Gaillimhigh an fhoireann dheireanach a fuair an ceann is fearr orthu i bPáirc Parnell – thiar i mí an Mhárta 2011. Ó shin i leith tá buaite ag foireann na hArdchathrach ar gach aon fhoireann a thug cuairt a Pháirc Parnell, ina measc Cill Chainnigh, Tiobraid Árann agus an Clár.

Sa seacht gcluiche sraithe atá imeartha acu i bPáirc an Chrócaigh le linn na tréimhse céanna, níl ach péire acu buaite ag fir Bhaile Átha Cliath. B’fhéidir go mbeidís níos fearr as níos mó cluichí a imirt i bPáirc Parnell, sa tsraith agus sa chraobh.

Jake Dillon (Port Láirge) ag éalú ó Lorcan McLoughlin, Stephen McDonnell, Colm Spillane agus Damien Cahalane (Corcaigh). INPHO/Donall Farmer
Jake Dillon (Port Láirge) ag éalú ó Lorcan McLoughlin, Stephen McDonnell, Colm Spillane agus Damien Cahalane (Corcaigh). INPHO/Donall Farmer

Obair le déanamh ag Kingston i gCorcaigh

Lasmuigh den deich nóiméad deireanach ní raibh anam ar bith in imirt Chorcaí don dara seachtain as a chéile. Ach an oiread leis an gcluiche in aghaidh na Gaillimhe, ní raibh aon ghearradh ina gcuid imeartha agus tugadh cead a gcinn do Phort Láirge nó gur thug Austin Gleeson buille calaoiseach d’Aidan Walsh, eachtra a spreag na Corcaígh sa deireadh.

Rinne bainisteoir Chorcaí, Kieran Kingston, roinnt athruithe roimh an gcluiche seo agus is údar imní ag lucht tacaíochta Chorcaí nach bhfuil mórán imreoirí nua ag teacht chun tosaigh. Bhí, mar shampla, an tosaí William Leahy ag imirt sa tsraith den chéad uair ach baineadh den pháirc é ag leath ama.

Má tá Kingston chun cúrsaí a athrú, caithfidh sé cúpla imreoir nua a aimsiú in áit éigin nó na cinn atá aige a spreagadh. Mura ndéanann sé amhlaidh tá ísliú céime i ndán do Chorcaigh. Tá tábhacht mhór anois ag baint leis an gcluiche in aghaidh Bhaile Átha Cliath.

Davy Fitzgerald. INPHO/Ken Sutton
Davy Fitzgerald. INPHO/Ken Sutton

An Clár ag treabhadh leo i Roinn 1B

Toisc nach bhfuil siad i Roinn 1A i mbliana, ní dócha go mbíonn foireann Davy Fitzgerald chomh dírithe céanna ar an sprioc agus aghaidh á tabhairt acu ar leithéidí Uíbh Fhaillí agus Loch Garman. Seans maith go bhfuil Fitzgerald sásta nach bhfuil tástáil cheart á déanamh ar a fhoireann go fóill agus an chuma ar an scéal gur ag dul i bhfeabhas atá siad.

Bhuaigh siad Sraith Iomána na Mumhan ag tús na bliana agus cuir leis sin an dá bhua atá aimsithe acu go dtí seo sa tSraith Náisiúnta agus níl aon chluiche caillte acu fós i mbliana acu. Cé nach iad Uíbh Fhailí agus Loch Garman na céilí comhraic is láidre a bhfuil ann, bhuaigh an Clár orthu agus iad d’uireasa Tony Kelly, an t-imreoir is fearr atá acu. Má leanann siad orthu mar seo, ráineodh go dtabharfadh siad iarracht cheart faoi Chraobh na hÉireann den chéad uair ó bhuaigh siad Corn Mhic Cárthaigh i 2013.

Kevin Kelly (Cill Chainnigh) agus Patrick Maher (Tiobraid Árann). INPHO/Cathal Noonan
Kevin Kelly (Cill Chainnigh) agus Patrick Maher (Tiobraid Árann). INPHO/Cathal Noonan

An ceann is fearr ag na Cait ar Thiobraid Árann arís

Nuair a bhuaigh Tiobraid Árann Craobh na hÉireann i 2010, bhí daoine den tuairim gur tús a bhí ann le ré ghlórmhar do na dTiobradach agus go dtógfaidís áit Chill Chainnigh mar an fhoireann is fearr sa tír. Ní mar sin a tharla áfach agus sa 13 cluiche a d’imir na foirne in aghaidh a chéile ó 2010, níl ach péire acu buaite ag na Muimhnigh, agus ní cluiche craoibhe a bhí i gceachtar acu sin.

Dé Domhnaigh seo caite, bhí Tiobraid Árann chun tosaigh i bPáirc Uí Nualláin gan ach trí nóiméad fágtha ach chaith siad uathu a seans. Bhí roinnt deiseanna ar chúil ag foireann Michael Ryan ach rinne siad praiseach díobh ar fad. Nuair a fuair Kevin Kelly a dheiseanna siúd ardaíodh an brat glas faoi dhó agus bhí an lá le Cill Chainnigh.

Tá an faobhar sin in easnamh ar Thiobraid Árann le cúpla bliain anuas agus má tá siad ag iarraidh cúrsaí a athrú agus an ceann is fearr a fháil ar na Cait, ní mór dóibh athrú meoin a bheith acu.

Fág freagra ar 'Is deacair BÁC a shárú ar a bpáirc féin agus ceachtanna eile na deireadh seachtaine…'