Is deacair a dhéanamh amach uaireanta ar fuath nó trua ba cheart a bheith agat do Tiger Woods

Fad agus a bhí tuismitheoirí eile ag cothú an chineáltais agus na maitheasa ina gclann, ba le modhanna teagaisc a múintí do lucht comhraic a tógadh Tiger

Is deacair a dhéanamh amach uaireanta ar fuath nó trua ba cheart a bheith agat do Tiger Woods

Chaith mé cuid den Nollaig ag léamh ceann de na beathaisnéisí atá ar fáil faoi Tiger Woods.

Faoin am ar fhág mé uaim Tiger Woods le Jeff Benedict agus Armen Keteyian. ní raibh a fhios agam cé acu trua nó fuath ba cheart dom a bheith agam dó.

Meascán den phéire seans.

Na laethanta céanna sin bhí Tiger agus a mhac Charlie ag imirt sa PNC Championship i Florida. Poncánaigh amháin a chuimhneodh ar a leithéid de chomórtas – níl cead iomaíochta ann ach amháin ag galfairí a bhfuil ceann de na mórchomórtais buaite acu agus iad i bpáirt le duine dá dteaghlach. Dhá bhliain déag atá Charlie.

Bhí cuma an tsonais ar an mbeirt acu lá deiridh an chomórtais agus tá súil agam go mba amhlaidh a bhí – eatarthu d’aimsigh siad 11 éinín as a chéile agus chríochnaigh i bhfoisceacht dhá bhuille do John Daly agus a mhac féin.

Ba é seo an chéad uair ag Tiger a bheith i mbun iomaíochta ón am ar briseadh a chos agus a rúitín in dtimpiste bhóthair beagnach bliain ó shin. Ba léir gur bhain sé féin agus an lad óg an-solamar as comhluadar a chéile agus is maith sin, mar ainneoin a cháil, a shaibhreas agus a chumas, tá gruamacht go leor ag baint leis an gcineál saoil atá caite go dtí seo ag an ngalfaire is fearr a chuir cos i mbróg riamh, dar le go leor.

Faoin am a raibh sé scór bhí Craobh Amaitéarach na Státaí buaite trí huaire as a chéile aige agus cosamar bliana tar éis dó a dhul ag plé leis an ngalf go gairmiúil bhuaigh sé Comórtas na Máistrí 1997.

Is eol don saol mór go mba é a athair Earl Woods a bhí ina cheann feadhna ar an straitéis ba chúis leis an rath a bhí ar a mhac, nach raibh ach 10 mí d’aois nuair a cuireadh maide gailf ina lámha. Faoin am a raibh sé dhá bhliain bhí Tiger ag léiriú a chuid scileanna do Bob Hope ar an teilifís.

Ach bhí fabhtanna go leor leis an straitéis a leag Earl Woods amach, cé nach leis an gcaoi a raibh sé ag múineadh an chluiche dá mhac a bhain siad. Dá mba ea ní bheadh seisean áirithe ar an ngalfaire ab fhearr ar domhan agus gan é ach bliain agus fiche d’aois.

Ba sa tógáil a thug sé do Tiger i ngnéithe eile an tsaoil a rinne Earl na botúin – an oiread de bhís air a chinntiú go mbainfeadh a mhac barr buaice amach sa saol spóirt a bhí leagtha amach aige dó agus go ndearna sé neamhaird ar na rudaí eile atá tábhachtach don duine óg agus é nó í ag éirí aníos.

Bhí Tiger fós sa mbunscoil nuair a chuir a athair iachall air éisteacht le téipeanna féinspreagtha. Fad agus a bhí aird ag a chomhaoiseanna ar Madonna agus Michael Jackson, bhí an lad óg ag breathnú ar na manaí a bhí scríofa aige féin ar bhallaí a sheomra codlata. ‘I believe in me.’ ‘I will own my destiny.’ ‘My will moves mountains.’

Iar-Oifigeach sna Fórsaí Speisialta ab ea Earl a bhí páirteach i gcogadh Vítneam. Níorbh é nach raibh cion agus grá aige dá mhac, ach de bharr an oiliúint a bhí faighte aige féin ba í a thuairim go mba é sin an chaoi lena mhac a thógáil. Fad agus a bhí tuismitheoirí eile ag cothú an chineáltais agus na maitheasa ina gclann, ba le modhanna teagaisc a múintí do lucht comhraic a tógadh Tiger.

Bhí beirt mhac agus iníon (ar galfaire gairmiúil í freisin) ag Earl ón gcéad phósadh a rinne sé. Nuair a phós sé in athuair ba é Tiger an t-aon duine clainne a bhí aige féin agus ag Kutilda Punsawad. Dá bharr sin b’amhlaidh a neartaigh an greim daingean a bhí ag a athair air agus ag na cóitseálaithe gailf a roghnaigh sé siúd chun oiliúna.

Ar thosaí dó ar a cuid meánscolaíochta agus é 14 bliain, dúirt duine acu siúd le Tiger ‘The woods are full of guys who were phenomenal until they met a girl.’ Dóthain ráite.

Gan dabht, in imeacht ama chas cailín dó agus fuair an Tíogar beagán de léargas ar an gcaoi a raibh déagóirí eile a linne ag caitheamh an tsaoil. Bhíodar fós le chéile nuair a thosaigh sé ar a chuid ollscolaíochta.

Tá an bealach ar scaradar óna chéile ar cheann de na cúiseanna gur deacair a dhéanamh amach ar fuath nó trua ba cheart a bheith agat do Tiger.

In Aibreán na bliana 1995 thug sé cuireadh dá chailín agus dá tuismitheoirí a theacht go California áit a raibh sé sa gcoimhlint i gcomórtas idir ollscoileanna. Ar an dara lá iomaíochta b’éigean dó éirí as an imirt mar go raibh pian ina ghualainn agus socraíodh go rachadh sé chun an ospidéil go gcuirfí MRI air. Thug sé póigín dá chailín a bhí ar an láthair agus dúirt go bhfeicfeadh níos deireanaí í.

Cúig uaire dár gcionn ní raibh gíog ná míog cloiste aici uaidh. Ansin fuair sise glaoch go raibh teachtaireacht faoina comhair fágtha san óstán ina raibh sí ag fanacht. An mála a thug sé léi go Palo Alto a bhí ann – a cuid éadaí agus a cuid giuirléidí ar fad istigh ann mar aon le nóta ó Tiger.

Today, I heard from my parents that you were telling everyone in the gallery who would listen that you were ‘Tiger’s girlfriend’. Then you have the nerve to tell me in the clubhouse that when a reporter asks you who you were, you responded with ‘just a friend.’ My parents, Royce, Louisa and myself never want to talk or hear from you again.’

P.S. Please mail my necklace that I gave you to me when you get back home. Don’t show up at the tournament tomorrow because you are just not welcomed.

Faoin am sin thuig scríbhneoir na litreach sin go mba chluanaire ban a raibh dúil san ól aige a bhí ina athair, ach ba bheag an chuimhne a bhí aige go mba andúil den chineál ceannann céanna a bheadh mar chúis lena threascairt féin ceithre bliana déag dár gcionn, nuair a thiomáin sé faoi luas amach as a theach gur bhuail hiodrant dóiteáin agus ansin crann, rud a d’fhág é gan aithne gan urlabhra.

Chuir sin an lasair sa bharrach agus chart nead beach a bhfuil cuid acu ag crónán go cantalach i gcónaí blianta dár gcionn.

Fág freagra ar 'Is deacair a dhéanamh amach uaireanta ar fuath nó trua ba cheart a bheith agat do Tiger Woods'