Scríofa ag Muireann Ní Chíobháin Foilsithe ag Futa Fata
Maisithe ag Róisín Hahessy
Leabhar cairtchláir, €8.95
Tá an-tóir ar an tsraith leabhar cairtchláir seo ó tháinig an chéad leabhar Eoinín amach in 2021. Anois, seo chugainn an cúigiú heagrán sa tsraith spraíúil sna sála ar Eoinín agus a Chairde (2022), Eoinín ag dul a Chodladh (2022) agus Bearradh Gruaige d’Eoinín (2024).
Ní hamháin go bhfuil an-chion ag léitheoirí ar an uainín álainn gleoite, ach tugann stíl scríbhneoireachta aitheanta Mhuireann Ní Chíobháin deis do léitheoirí óga páirt ghníomhach a ghlacadh sa scéal ar bhealach speisialta. Sa leabhar seo, téann léitheoirí timpeall an tsiopa ag cabhrú le hEoinín an tsiopadóireacht a dhéanamh.
Le habairtí atá gearr agus soiléir, labhraíonn Ní Chíobháin go díreach leis an léitheoir, ag tabhairt orduithe dóibh: mar shampla ‘cuir an bonn isteach sa tralaí dó’ agus ‘tiomáin an tralaí leis’. Seift í sin a choinníonn aird an léitheora tríd an scéal ar fad. Freisin, úsáidtear focail atá onamataipéach ar nós ‘Clic!’, ‘Vrúm, vrúm, bíp, bíp!’ a spreagann páistí chun athrá a dhéanamh orthu.
Úsáideann Ní Chíobháin focail choitianta a bheadh ag páistí óga, bíodh siad ina gcainteoirí dúchasacha nó ina bhfoghlaimeoirí, mar shampla ar liosta siopadóireachta Eoinín tá ‘cáis, bananaí, úlla agus cairéid’. Tá deis ann cinnte do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí chun díriú ar fhoclóir an bhia leis an leabhar seo.
Tá beocht agus simplíocht ag baint leis na léaráidí áille atá déanta ag Róisín Hahessy a chuireann go mór le stíl aitheanta na sraithe. Úsáidtear pailéad dathanna pastalach sa tsraith agus arís, tugann na léaráidí cuireadh do léitheoirí óga a méara beaga a bhrú ar an leathanach chun an bonn a chur sa tralaí, a lámha a leagan ar an tralaí chun é a threorú agus an leabhar a iompú thart chun uachtar reoite a dhéanamh.
Feileann an leabhar don aoisghrúpa 0–6 bliana agus tá sé curtha i láthair go snasta ag an bhfoilsitheoir Futa Fata do leanaí óga le cló mór soiléir agus leis an gcairtchlár láidir a sheasfaidh agus lámha beaga á láimhseáil.
Tá greann i gcónaí ag baint le hEoinín agus is amhlaidh sa scéal seo. Cosúil le go leor leanaí óga, is maith le hEoinín rudaí milse agus téann sé ar seachrán beagáinín sa siopa agus é sa tóir ar uachtar reoite, scéal a aithneoidh páistí agus tuismitheoirí araon!
Tá na himeachtaí ar fad sna leabhair Eoinín lárnach i saol an duine óig: an chéad lá ar scoil, ag dul chuig an ngruagaire agus an uair seo ag dul ag siopadóireacht. Tá an t-ábhar, agus an chaoi ina gcuirtear i láthair é páiste-lárnach agus beidh páistí ag déanamh ceangail idir Eoinín sa siopa agus iad féin ag cabhrú leis an tsiopadóireacht.
Is cinnte go mbeidh fonn ar léitheoirí óga filleadh ar an siopa le hEoinín arís is arís eile agus go mbeidh siad ag súil go mór leis an gcéad leabhar eile sa tsraith.
Fág freagra ar 'Is cinnte go mbeidh fonn ar léitheoirí óga na Gaeilge filleadh ar an siopa le hEoinín arís'