Nuair a bheas Ulysses críochnaithe tar éis seacht mbliana oibre (tréimhse ama ina raibh mé tinn ocht n-uaire de bharr tinnis éagsúla agus inar aistrigh mé áit chónaithe naoi n-uaire déag ón Ostair go dtí an Eilvéis, go dtí an Iodáil, go dtí an Fhrainc), beidh scíth sé mhí uaim – ní gá gur istigh i bpríosún a chaithfinn iad.
– Joyce chuig John Quinn, 7 Eanáir 1921
Bhí mé amach go maith sna blianta nuair a thit mé i ngrá le Ulysses i dtosach. Léigh mé an leabhar agus mé sna fichidí luatha agus thaithnigh cúpla eipeasóid liom: ‘Wandering Rocks’, ‘Cyclops’, ‘Nausicaa’, monalóg Mholly Bloom. Ach níor thosaigh mé ag baint sult ceart as an leabhar féin go dtí le deich mbliana anuas. Ag baint suilt as an míshuaimhneas agus as an bhfuinneamh atá ann, as an gcaoi a n-athraíonn sé agus as a leagan amach.
Chomh maith leis an bplean ollmhór a bhí aige don saothar, áfach, tá an leabhar ag cur thar maoil le caithréimeanna beaga cainte, scéalta grinn, athrá agus intinn Bhloom a bhíonn de shíor ag obair leis agus é ag péinteáil sraitheanna de phictiúir dúinn. Tugann Bloom aird ar an mionsonra. Tá a intinn ag dul timpeall ina sciotán. San eipeasóid ‘Lotus-Eaters’, tá sé ag siúl suas Rae an Iarthair thar Shéipéal Naomh Aindriú díreach nuair atá an sagart ag rinseáil amach na cailíse agus ag slogadh siar an dríodair go healaíonta. Fíon. Déanann sé an gníomh uasaicmiúil seo ar nós na n-uasal, murab ionann agus an té nach mbeadh de thaithí aige ach a bheith ag ól pórtar Ghuinness nó deoch neamh-mheisciúil éigin ar nós Wheatley’s Dublin Hop Bitters nó leann sinséir cumhrach Cantrell agus Cochrane.
Bheadh Bloom breá sásta a cheapadh nach as arán agus fíon a dhéanfaí corp agus fuil beag ná mór, ach gur arán agus leann sinséir a bheadh ann. Is fíor dó: ní oibreodh sé sin choíche.
Ina leabhar Ulysses Unbound deir Terence Killeen an méid seo a leanas faoi ‘Sirens’, an t-aonú eipeasóid déag de Ulysses: ‘Leis an eipeasóid seo tugann muid faoi “fhíor-odaisé stíle” an úrscéil. Tá stíl ‘Sirens’ iontach nuálach. Ón gcéad liosta de fhrásaí neamheagraithe go dtí an “Pprrpffrrppffff” deiridh de bhroim Bloom, spíontar, castar, iompaítear bunoscionn agus cuirtear caint as a riocht chun atmaisféar acústach a chruthú.’
Nuair a thosaíonn Simon Dedalus ag gabháil fhoinn go binn san eipeasóid seo lena ghuth teanóir in Óstán an Ormond, seachas cur síos díreach a dhéanamh ar fhreagairt na n-éisteoirí dó, déantar sin trína dtuiscint air a léiriú: ‘A n-inchinn claochlaithe, mar a bheadh lasair tar éis teagmháil lena gcuid leicne d’éist siad agus iad ag mothú an tsrutha sin ag dul tríothu, sruth geanúil ag dul thar chraiceann is thar ghéaga, thar chroíthe daonna, thar anamacha is thar chnámha droma.’
Is beag focal nó íomhá a ligeann Joyce thairis gan ceol a bhaint as amhail is dá mbeadh sé ag scríobh a chuid línte le huirlisí ceoil. Mar shampla, tá Bloom i mbialann an tí ósta agus is mian leis doras an bheáir a fhágáil oscailte beagán ionas go mbeidh sé in ann an t-amhrán a chloisteáil, agus dá réir sin iarrann sé ar an bhfreastalaí darb ainm Pat teacht i gcabhair air. Is mar seo a chuireann Joyce é: ‘Rinne Bloom comhartha le Pat, an freastalaí maol nach raibh an éisteacht go maith aige, doras an bheáir a fhágáil leathoscailte. Doras an bheáir. Sea. Déanfaidh sé sin. D’fhan Pat, an freastalaí, ag éisteacht, féachaint an gcloisfeadh sé mar go mba dheacair tada a chloisteáil ag an doras.’
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé de rún ag Joyce a amhráinín beag féin a chumadh is a chruthú nuair atá an bunamhrán á ghabháil ag Simon. Sna leathanaigh ina dhiaidh sin, tá línte d’amhráin fite fuaite tríd an ngnáthchaint. Ach d’ardaigh an t-amhrán an ton go dtí, mar a déarfá, nach bhfágtar aon ton gan tonú. Cuimhníonn Simon ar a sheanchara Ben Dollard ón Iodáil ag gabháil fhoinn i gCuan Chóibh: ‘Chuala sé i Rinn an Bhile iad agus é ina ghasúr, Bun an Tábhairne, Rinn an Bhile, ag canadh a gcuid bárcamhrán. Cuan Chóibh is é lán de longa Iodálacha. Ben, ag siúl, an dtuigeann tú, i solas na gealaí lena hataí aisteacha a bhainfeadh an t-amharc díot. Cumasc a nguthanna. A Chríost, a Bhen, a leithéid de cheol, chuala mé é agus mé in mo ghasúr. Cuan Chrois Bhun an Bhile. Ceoltóir cearúl na gealaí.’
Tá sé éasca a shamhlú cén chóir a d’fhéadfaí a chur ar na trí abairt dheireanacha sin: ‘A Chríost, a Bhen, a leithéid de cheol. Chuala mise é agus mé i mo ghasúr. Ní dhearna mé dearmad riamh ar cé chomh glórmhar is a bhí sé.’
Is maith le Joyce, áfach, dul i ngleic le spiorad na fuaime. Bíonn sé i gcónaí ag spraoi le hainmneacha glóracha an dá áit agus ansin leis an dá fhocal ‘bárcamhrán’ agus ‘gealach’. Tuigeann sé go mbeidh léitheoirí áirithe ann a mbeidh fonn orthu stopadh soicind agus taitneamh a bhaint as an gcaoi a gcasann sé timpeall na focla. Sin é an gábh ina dtéann sé leis an insint seo, é sin agus san am céanna é a bheith ag iarraidh slí nua a aimsiú a dhúisíonn an chuimhne sin do Simon Dedalus.
An rud atá aisteach ná gurb iad na rudaí beaga cosúil le hathsmaointe nó nithe mar sin, nach bhfuil iontu ach giotaí breise eolais gan cuspóir dá laghad, a fhanann sa gcuimhne is a dhéanann an leabhar seo speisialta don léitheoir. Mar shampla, tá liosta ainmneacha ar an dá leathanach tosaigh de chaibidil a ceathair de The Great Gatsby, úrscéal a foilsíodh trí bliana i ndiaidh Ulysses agus tosaíonn mar seo:
Ansin ó East Egg, tháinig na Chester Beckers agus na Leeches, agus fear darbh ainm Bunsen, a raibh aithne agam air i Yale, agus an Dochtúir Webster Civet, a bádh an samhradh seo caite i Maine. Agus na Hornbeams agus muintir Willie Voltaires, agus teaghlach iomlán de shloinne Blackbuck a bhailíodh le chéile i gcúinne agus a bhíodh ag breathnú síos ar éinne a thagadh ina ngaobhar, amhail is dá mba tincéara a bheadh ann. Agus na Ismays agus na Chrystiers (nó Hubert Auerbach ba chóra dom a rá agus bean chéile Mr. Chrystie), agus Edgar Beaver a dhathaigh a chuid gruaige chomh bán le cadás tráthnóna geimhridh amháin, a deirtear, gan cúis gan údar.
Tá sé éasca óige shoineanta Fitzgerald a shamhlú agus é ag iarraidh briseadh amach anseo, ag smaoineamh faoin uasaicme mheasúil agus ag sacadh ainmneacha greannmhara isteach in áit na bhfíorainmneacha. Tá sé cosúil le croiméal a tharraingt ar phictiúr de dhuine. Díreach cosúil le Joyce san eipeasóid ‘Cyclops’ nuair a thosaigh sé ag cumadh an tseó arbh é bású Robert Emmet é agus a cheap go mba mhaith an rud é dá mbeadh sé ag fiodmhagadh faoi de bharr an gheana a bhí ag na daoine air agus de bharr na n-amhrán a dúirt siad ina chuimhne is ina onóir. Bhain Joyce úsáid as glór ardaicme na sochaí agus chuir sé liosta le chéile freisin de na daoine a rinne chuile iarracht éachtaí Emmet a choinneáil i gcuimhne. Ina measc siúd bhí Hiram Y. Bomboost, Ali Baba Backsheesh Rahat Lokum Effendi, Hokopoko Harakiri agus Pan Poleaxe Paddyrisky.
Thug Joyce ainm Sasanach greannmhar dúbailte-dúbailte ar an gcrochadóir: Tomkin-Maxwell ffrenchmullan Tomlinson. Is leid ghlic atá san ainm Maxwell, tagairt do Sir John Maxwell a dhaor ceannairí 1916 chun báis, ach ó tá an leabhar suite sa mbliain 1904 (ach scríobh sé an píosa sin sa mbliain 1919), níor mhaith le Joyce dul níos faide leis an gcuid seo den scéal. I measc liosta na ndaoine a ghlac go fonnmhar suntasach le pianta agus screadanna an daoir fhuiltigh, tá duine amháin ar iarraidh, Anna Chronism. (Bhí croí Anna bhocht san áit cheart ach bhí a hintinn imithe ar seachrán.)
Toisc gur theastaigh uaidh Ulysses a bheith foilsithe ar a dhaicheadú lá breithe – 2 Feabhra 1922 – b’éigean do Joyce deifriú i míonna deiridh 1921 mar go raibh go leor leasuithe le déanamh aige. Fiú tar éis do na clódóirí foláireamh láidir a thabhairt dó gan aon athrú eile a dhéanamh, ba mhinic leis dúiseacht san oíche (nó b’fhéidir i lár an lae scaití) is gur chum ainm greannmhar cuí míchuí eile dá liosta. Ach b’éigean do na clódóirí a rá leis go raibh sé trop tard. Níor cuireadh an t-ainm sa leabhar riamh. Níor priontáladh ainm an charachtair sin – Borus Hupinkoff a bhí air – in Ulysses. Ina áit sin chuaigh sé ar fánaíocht thart ar an domhan mór, naomhphátrún an bheagnach. B’éigean dó a chuid ama a chaitheamh le carachtair sách gránna ar nós Drykoff agus Kronikoff, gan trácht ar na Koffdrops.
Sna tithe ósta bhíodh daoine ag gáire faoi Borus Hupinkoff agus ag rá: Is tusa an duine a fágadh amach as an leabhar sin’. Ag ionad seiceála na bpasanna, bhíothas ag magadh faoi: ‘Beidh ortsa a bheith in am as seo amach, a Uasail Hupinkoff.’ Rinne léirmheastóirí liteartha neamhshuim de Borus bocht. Bhí clocha níos mó ar phaidrín Richard Ellmann (Wilde, Yeats, Joyce). Agus ansin, sna 1980idí, nuair a bhí Hans Walter Gabler ag cur eagrán nua de Ulysses in eagar, thuig gur cheart dó an éagóir a chur ina ceart agus ainm Hupinkoff a chur isteach sa leabhar, mar a bhí beartaithe ag Joyce.
2 Feabhra 2022
Micheál Ó Conghaile i gcomhar le Niklas Fink a d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024.
Breathnóir1
Ba dheas an rud dá mbeadh an t-aistriúchán Gaeilge ar Ulysses le fáil sna siopaí leabhar…