‘Ní raibh mé ag iarraidh teideal ‘Aire na Gaeltachta’, bhí mé ag iarraidh a bheith mar Aire na Gaeltachta’ – Dara Calleary

Deir an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary gurb é fhéin a dúirt leis an Taoiseach go raibh sé ag iarraidh cúram na Gaeltachta a choimeád

‘Ní raibh mé ag iarraidh teideal ‘Aire na Gaeltachta’, bhí mé ag iarraidh a bheith mar Aire na Gaeltachta’ – Dara Calleary

Deir Aire nua na Gaeltachta Dara Calleary go dtabhafaidh sé an Ghaeilge agus an Ghaeltacht isteach “i lár” obair  an rialtais nua.

Is é Calleary an chéad aire sinsearach i Roinn na Gaeltachta ó 2011 nár thug ar láimh an cúram sin go dtí aire stáit.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Calleary gurb é fhéin a bhí ag iarraidh cúram na Gaeltachta a choimeád.

“Mé féin a bhí ag iarraidh an phoist, bhí comhrá agam leis an Taoiseach, Micheál Martin, fear a bhfuil an-suim sa teanga aige féin, agus dúirt mé sin leis.

“Ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh teideal ‘Aire na Gaeltachta’ orm, bhí mé ag iarraidh a bheith mar Aire na Gaeltachta.  Tá mé an-dáiríre faoin bpost agus tá mé an-bhródúil as a bheith mar aire na Gaeltachta. Tá mé ag iarraidh difríocht mhór a dhéanamh don Ghaeltacht agus do phobal na Gaeltachta.”

Deir sé nach bhfuil aon cheist ann ach gur chun leas na Gaeltachta agus na Gaeilge é go mbeadh aire sinsearach ag plé léi ó lá go lá. Déanfaidh sé difríocht go háirithe aimsir an Bhuiséid a deir sé, nuair atá maoiniú á dháileadh ó sparán an stáit ag bord an Rialtais.

Beidh an t-aire nua atá freagrach as cúrsai coimirce sóisialaí, forbartha tuaithe agus Gaeltacht “ag dul isteach ansin agus trí rud ar intinn aige” agus deir go mbeidh an Ghaeltacht ar cheann acu sin.

Deir Calleary gur fíor go bhfuil an-bhá ag an bpobal leis an teanga faoi láthair agus go bhfuil a lorg fágtha ag leithéidí Kneecap ar dhearcadh daoine i leith na Gaeilge ach gur gá muinín a thabhairt do dhaoine í a labhairt. Chaith sé féin tréimhsí ag foghlaim na Gaeilge i gColáiste Uí Chadhain i gConamara “trí nó ceithre shamhradh” ach níor thosaigh sé á labhairt arís go dtí gur toghadh chun na Dála den chéad uair é.

Ceist mhuiníne a bhí ann, a deir sé.

“Ghlaoigh Raidió na Gaeltachta orm chun agallamh a dhéanamh agus rinne mé é agus thug sé sin muinín dom agus tá mé á labhairt ó shin, le 17 nó 18 bliain. Tá mé ag foghlaim i gcónaí ach ba mhaith liom an mhuinín sin a thabhairt do dhaoine.”

Caithfear misneach a thabhairt chomh maith do phobal na Gaeltachta, a deir sé.

“Caithfimid a chinntiú go mbíonn deis ag daoine óga fanacht sa Ghaeltacht agus obair sa Ghaeltacht. Creidim go láidir ansin.”

Tá sé ag súil go mór, a deir sé, a bheith ag obair le foireann “iontach” Roinn na Gaeltachta, le heagraíochtaí Gaeilge agus le pobal na teanga. Cabhróidh sé leis go bhfuil roinnt Gaeilge agus suim i gcás na teanga ag an té a bheidh mar aire stáit aige, Jerry Buttimer, iarchathaoirleach an tSeanaid agus Teachta Dála de chuid Fhine Gael.

Maidir leis na ceisteanna móra amhail géarchéimeanna teanga agus tithíochta na Gaeltachta, deir sé go bhfuil sé fós ag foghlaim, ag bailiú eolais agus i mbun machnaimh ar an gcur chuige a bheidh aige mar Aire.

“Ach tá mé an-dáiríre faoin bpost seo agus teastaíonn uaim difríocht a dhéanamh,” a deir sé.

Fág freagra ar '‘Ní raibh mé ag iarraidh teideal ‘Aire na Gaeltachta’, bhí mé ag iarraidh a bheith mar Aire na Gaeltachta’ – Dara Calleary'

  • An Sléibhteoir

    Go n-éirí go geal leis!