Cruinniú ‘tuismitheoirí is múinteoirí’ osréalaíoch san ionad cúraim

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Ní torthaí scrúduithe ach beatha agus bás a bhíonn faoi chaibidil ag na cruinnithe bliantúla a bhíonn ag an bhfoireann leighis le gaolta na n-othar san ionad cúraim

Cruinniú ‘tuismitheoirí is múinteoirí’ osréalaíoch san ionad cúraim

Uair sa bhliain, iarrtar ar phríomhghaol(ta) na n-othar san ionad cúraim ina bhfuil cónaí ar mo mháthair freastal ar chruinniú leis an bhfoireann leighis, cruinniú ag a bpléitear cás an othair.

Cruinniú tuismitheoirí is múinteoirí a mheabhraíonn na cruinnithe sin dom, ach casadh osréalaíoch bainte as: is iad na páistí a fhreastalaíonn ar an gcruinniú agus is iad a dtuismitheoirí a bhíonn faoi chaibidil, 15 nóiméad chun ‘dul chun cinn’ na dtuismitheoirí a phlé, fad is a bhíonn páistí an tuismitheora a bheidh faoi chaibidil sa chéad chruinniú eile le feiceáil trí fhuinneog an tseomra chruinnithe, ag siúl sall is anall sa phasáiste.

Gan dabht, ní hionann agus daltaí bunscoile, ní ag dul chun cinn a bhíonn na hothair in ionad cúraim d’othair Alzheimer ach ag dul ar gcúl.

Ba é sin an tátal a bhí le baint as an 15 nóiméad a chaith mé féin an tseachtain seo caite i dteannta dhochtúir, phríomhaltra, shíceolaí agus bhaill eile fhoireann leighis an ionaid chúraim ina bhfuil cónaí ar mo mháthair: go bhfuil mo mham ag dul ar gcúl go mall réidh, céimín ar chéimín, de réir a chéile … ach ag dul ar gcúl mar sin féin.

Bhí tuairim na foirne ag teacht go hiomlán le mo thuairim féin agus ní raibh aon fhadhbanna práinneacha le plé, agus dá bharr sin bhí an eilifint a bhíonn sa seomra ag cruinnithe mar sin faoi chaibidil nach mór ar an bpointe boise.

Gach bliain, bíonn ar ghaolta na n-othar a dtuairim maidir leis an gcúram a thabharfar don othar i gcás tinnis, timpiste nó éigeandála a roinnt leis an bhfoireann leighis, tuairim a gcaithfidh an fhoireann leighis gníomhú dá réir má tholgann an t-othar galar tromchúiseach nó má tharlaíonn drochrud éigin eile, taom croí nó rith fola san inchinn nó a mhacasamhail sin.

I bhfocail eile, iarrtar ar an bpáiste cinneadh a dhéanamh faoi bheatha nó bás a thuismitheora – roimh ré, sula dtarlaíonn aon éigeandáil, ionas go mbeidh a fhios ag an bhfoireann leighis céard a bheidh – nó nach mbeidh – le déanamh má bhíonn orthu gníomhú ar an bpointe boise agus murar féidir teagmháil a dhéanamh le gaol(ta) an othair in am chun an cás a phlé.

Is é an chaoi nach chun leasa an othair (nó aon duine eile) i gcásanna áirithe go ndéanfaí beatha an othair a shábháil más é an toradh a bheidh air sin ná gur i ndonas a bheidh caighdeán saoil an othair ag dul dá bharr – más saol gan lúth na ngéag agus ceangailte le sreangáin éagsúla an toradh, mar shampla, anuas ar ghalar a chuireann bac ar an othar brí a bhaint as a bhfuil ag tarlú dó.

‘Cén chaoi a bhfeiceann sibhse an todhchaí?’ an cheist a chuir mise, sofhriotal ar cheist nach raibh sé de mhisneach agam a chur os ard.

D’fhreagair an dochtúir le sofhriotal dá cuid féin.

‘Dá bhfiafrófaí díom an bhfuil do mháthair i dtréimhse dheireanach a saoil – mí nó dhó le dul abair – is é an freagra a thabharfainn ná: níl. Ach dá bhfiafrófaí díom an mbeadh iontas orm mura mbeadh sí linn faoi cheann bliana, is é an freagra a thabharfainn ná: ní bheadh.’

Lean sí uirthi.

‘Tá do mháthair ag staid anois nach dtugaimid cúram d’othair áirithe a thuilleadh sa chás go dtagann niúmóine orthu, mar shampla – othair ar thug a ngaolta le fios dúinn nárbh é mian an othair, dar leo, go mbeadh sé nó sí ag fulaingt in ionad cúraim.’

Thuig mé an dearcadh sin. San Ísiltír, mar a bhfuil cónaí ar mo mháthair, is é mana go leor seandaoine: tabhair dom an t-instealladh sin mura mbíonn i ndán dom ach fulaingt fhada ina leithéid d’áit.

Ach níorbh é sin an meon a bhíodh ag mo mháthair.

‘Ní dóigh liom go bhfuil mo mháthair ag fulaingt san áit seo – ní thugann sí leid ar bith go bhfuil, pé scéal é – agus fiú dá mbeadh, ní dóigh liom go mbreathnódh sí ar niúmóine nó a leithéid mar bhealach éalaithe,’ a d’fhreagair mise.

‘Pointe maith,’ a dúirt an dochtúir, ‘tá sin soiléir.’

Is éard a d’aontaigh muid sa deireadh ná go bpléifí gach cás as féin, seachas cur chuige a aontú a chlúdódh gach cás roimh ré, agus go dtabharfar do mo mháthair pé cúram ar féidir a thabhairt di laistigh de bhallaí an ionaid (agus an dochar atá déanta ag galar Alzheimer dá hinchinn, bheadh cuairteanna ar an ospidéal nach mór as an áireamh ag an staid seo.)

Bhí mé rud beag guagach nuair a d’fhág mé an seomra cruinnithe agus níorbh í an ghaoth a bhí i mo choinne ba chúis leis gur fhliuch mo leicne agus mé ag rothaíocht abhaile.

Fág freagra ar 'Cruinniú ‘tuismitheoirí is múinteoirí’ osréalaíoch san ionad cúraim'

  • Pádraic

    An-phíosa scríbhneoireachta mar is dual duit a Alex! Go n-éirí leat féin agus do mháthair.