Irial Ó Ceallaigh ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga sna Déise

Tá an láithreoir agus amhránaí aitheanta Irial Ó Ceallaigh ar an gceathrú duine atá ceaptha ina oifigeach pleanála teanga faoin bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht

Irial Ó Ceallaigh ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga sna Déise

Irial Ó Ceallaigh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá Irial Ó Ceallaigh, an láithreoir teilifíse agus amhránaí aitheanta, ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht na Rinne agus an tSeanphobail i bPort Láirge.

Tá Ó Ceallaigh, a bhuaigh Comórtas Sean-Nós na bhFear ag an Oireachtas i gCill Airne ag an deireadh seachtaine, ar an cheathrú duine a ceapadh ina oifigeach pleanála faoin Phróiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht. 

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Ceallaigh, arb as an Rinn ó dhúchas dó, go raibh ‘an-áthas’ air a bheith ceaptha ina oifigeach pleanála teanga ina cheantar dúchais agus gur “deis iontach” a bhí ann an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a láidriú sa cheantar.

“Tá dul chun cinn iontach déanta le cúpla bliain anuas ag Comhlacht Forbartha na nDéise le muintir na háite ó thaobh pleanála de agus beidh mé ag déanamh gach iarracht cur leis sin.

Dúirt sé go raibh “saol agus cultúr den scoth” ar fáil sa Rinn agus sa tSeanphobal ach go raibh gá le daoine óga a mhealladh ar ais chuig an cheantar agus le níos mó seirbhísí a chur ar fáil ann. 

Chaith Ó Ceallaigh roinnt blianta ina láithreoir aimsire le TG4 sula ndeachaigh sé ag obair mar Oifigeach Forbartha agus Gaeilge le Conradh na Gaeilge i nGaillimh anuraidh.

Bhí lámh aige i mbunú fhoireann iomána ‘Na Gaeil Óga’ i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ar choiste bunaidh chumann CLG ‘Gaeil na Gaillimhe’.

Roimhe sin, chaith sé bliain ag obair sa rannóg polasaí idirnáisiúnta sa Roinn Dlí agus Cirt, agus bhí sé i gceannas ar chór na Roinne a fhad is a bhí sé ag obair ansin.

Is as teaghlach mór amhránaíochta é Ó Ceallaigh, agus tá sé ina bhall de Chór Fear na nDéise.

Bhain sé céim sa stair agus sa pholaitíocht amach ó Ollscoil na hÉireann, Corcaigh sular thug sé faoi mháistreacht i mBeartas Poiblí Idirnáisiúnta agus Taidhleoireacht.

Fág freagra ar 'Irial Ó Ceallaigh ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga sna Déise'

  • Carraig

    Mo cheol thú a óigfhear.