Tá Iosrael agus an Iaráic á rúscadh ag diúracáin de chuid na hIaráine ó mhaidin agus gan a fhios céard atá i ndán don réigiún agus malairt scéil ag na Stáit Aontaithe agus an Iaráin faoi aon chainteanna a chuirfeadh deireadh leis an gcogadh sa Mheánoirthear.
Mhaígh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump go raibh “cainteanna fiúntacha” ag Meiriceá leis an Iaráin faoi dheireadh a chur leis an gcogadh ach níor dheimhnigh údaráis na hIaráine é sin.
D’fhógair Rialtas Réigiúnach na Cordastáine inniu gur bhuail sé cinn de dhiúracáin bhalaistíocha ón Iaráin réigiún Coirdíneach san Iaráic atá leath-fhéinrialaitheach. Maraíodh seisear trodaithe Coirdíneacha agus goineadh 30 duine eile.
As an Iaráin a tháinig an baráiste sin cé go bhfuil sé á mhaíomh ag na Stáit Aontaithe agus Iosrael go bhfuil drochbhail curtha acusan ar chlár diúracán balaistíoch na hIaráine.
Dúirt an tUachtarán Trump inné go raibh an t-ionsaí mór a bhí i gceist ag Meiriceá a dhéanamh ar stáisiúin chumhachta na hIaráine á chur ar athlá aige go dtí an Aoine le deis a thabhairt do chainteanna a bhí ar bun.
Shéan spéicéir Pharlaimint na hIaráine go raibh aon chainteanna ar siúl. D’áitigh an Iaráin gurb amhlaidh a bhí Trump ag déanamh na mbréagráiteas sin leis an nguagaíl sna margaí fuinnimh a shocrú síos.
I ráiteas a tugadh don BBC ón Teach Bán dúradh go raibh cúrsaí “luaineach” agus dúradh nach raibh aon chainteanna foirmeálta idir ardcheannairí na Stát Aontaithe agus na hIaráine fógartha.
“Cainteanna taidhleoireachta íogaire iad seo agus níl aon rún ag na Stáit Aontaithe aon idirbheartaíocht a dhéanamh sa bpreas,” a dúirt Karoline Leavitt, preasrúnaí an Tí Bháin ina ráiteas don BBC.
“Tá cúrsaí luaineach agus níor chóir glacadh leis go bhfuil an comhrá ar fad faoi chruinnithe fíor go dtí go bhfógróidh an Teach Bán go foirmeálta iad,” a dúirt Leavitt.
Is féidir a rá go bhfuil Caolas Hormuz chóir a bheith dúnta ar fad ag an Iaráin agus ó tharla go n-iompraítear an cúigiú cuid d’ola agus gás leachtach an domhain tríd, tá na hiarmhairtí le brath go mór ar gheilleagar an domhain uilig. Mar bharr ar an gcosc sin tá na hionsaithe ar infreastruchtúir ola agus gáis Mhurascaill na Peirse ag cur praghas fuinnimh in aer.
Tá faoiseamh sealadach éigin á ghealladh dúinn sa tír seo agus airí ag cur moltaí faoi bhráid an Rialtais le 20 cent de laghdú a chur ar an dleacht mháil ar dhíosal agus 15 cent a bhaint de dhleacht an pheitril ó mheán oíche amárach go dtí deireadh na Bealtaine.
Fág freagra ar 'Iosrael agus an Iaráic á rúscadh ag diúracáin, malairt scéil ag na Stáit Aontaithe agus an Iaráin faoi chainteanna'