Ionad vacsaínithe do Chonamara pléite sa Dáil agus géillte ag an Aire Sláinte go bhfuil aistear rófhada le déanamh ag muintir na háite

Dúirt an Teachta Dála Mairéad Farrell go raibh gearáin faighte aici ó dhaoine i gConamara nach bhfuil in ann vacsaín a fháil óna ndochtúir teaghlaigh agus nach raibh bealach isteach acu chuig an ionad vacsaínithe i mBaile an Bhriotaigh

Ionad vacsaínithe do Chonamara pléite sa Dáil agus géillte ag an Aire Sláinte go bhfuil aistear rófhada le déanamh ag muintir na háite

Tá admhaithe ag an Aire Sláinte go mbíonn ar dhaoine i gConamara taisteal rófhada chuig ionaid vacsaínithe agus deir sé go bhfuil sé i gceist ag na seirbhísí sláinte an fhadhb a réiteach.

Dúirt an tAire Stephen Donnelly sa Dáil tráthnóna go raibh ar dhaoine i gceantair áirithe i gConamara, i Maigh Eo agus i nDún na nGall aistear rófhada a dhéanamh chun an vacsaín a fháil.

Dúirt an tAire go raibh an fhadhb pléite aige le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus go rabhthas ag fiosrú an bhféadfaí ionad vacsaínithe a lonnú in ionad pobail i gConamara nó an bhféadfaí dochtúirí teaghlaigh a thabhairt le chéile chun freastal ar níos mó daoine.

“Tá cúpla ceantar i Maigh Eo, i gConamara agus i gcodanna de Dhún na nGall atá níos faide ó ionad vacsaínithe ná an t-achar ba mhaith linn,” a dúirt an tAire Donnelly agus é ag freagairt ceiste ón Teachta Dála Mairéad Farrell.

“Go deimhin is fíor go bhfuil Conamara ar cheann de na ceantair is faide ón ionad vacsaínithe is gaire dóibh. Phléamar an scéal leis an HSE ar mhaithe le réiteach a fháil go háitiúil. 

“Mar shampla, tuigim go bhfuil ionad pobail sa gceantar a luaigh an Teachta Farrell ar mhaith le muintir na háite go n-úsáidfí é mar ionad satailíte vacsaínithe. Is féidir breathnú ar an rogha sin. 

“Rogha eile atá á scrúdú againn go bhféadfaí grúpaí dochtúirí teaghlaigh a úsáid chun níos mó den vacsaíniú a dhéanamh ó tharla go bhfuil an t-aistear go Gaillimh rófhada do roinnt daoine. 

Is i mBaile an Bhriotaigh ar imeall thoir chathair na Gaillimhe atá an t-ionad vacsaínithe a n-iarrtar ar mhuintir Chonamara freastal air.

Dúirt Farrell, Teachta Dála de chuid Shinn Féin i nGaillimh Thiar, go raibh gearáin faighte aici ó dhaoine i gConamara nach bhfuil in ann vacsaín a fháil óna ndochtúir teaghlaigh agus nach raibh bealach isteach acu chuig an ionad vacsaínithe i mBaile an Bhriotaigh.

“Níl bus ná traein isteach don ionad vacsaínithe seo ar ndóigh. Mar sin, mura bhfuil carr acu, níl bealach ar bith acu an vacsaín a fháil,” a dúirt Farrell sa Dáil.

D’iarr sí ar an Aire réiteach ar an bhfadhb a fháil dóibh siúd a bhí ina gcónaí “i gceantracha iargúlta ar nós Chonamara agus Gaeltachtaí eile”.

Phléigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív na deacrachtaí a bhí ag muintir Chonamara freastal ar an ionad vacsaínithe i nGaillimh leis an Aire Sláinte an mhí seo caite.

Dúirt Ó Cuív ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil go raibh sé “náireach” go gcaithfeadh daoine ón nGaeltacht dul go cathair na Gaillimhe chun vacsaín a fháil agus gur cheart go mbunófaí ionad nó ionaid vacsaínithe i gConamara láithreach.

Fág freagra ar 'Ionad vacsaínithe do Chonamara pléite sa Dáil agus géillte ag an Aire Sláinte go bhfuil aistear rófhada le déanamh ag muintir na háite'