Íocfaidh an rialtas praghas mór ar an ngéarchéim tithíochta

Ní leor deora a shileadh faoi chás daoine gan dídean gan beart a dhéanamh a chuirfeadh dídean ar fáil

Íocfaidh an rialtas praghas mór ar an ngéarchéim tithíochta

An bhfuil éinne ann a thuigeann cén fáth gur chinn an rialtas, i lár géarchéim easpa dídine, stop a chur leis an gcosc ar dhaoine a chur amach ó tithe nó árasáin ar cíos?

Nílim ag caint faoi mhoráltacht an scéil, ach faoi ghné na polaitíochta de.

Deir an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien, go hoscailte gur dócha go gcuirfidh an cinneadh go mór le líon na ndaoine gan dídean.  Tá an cinneadh cáinte go láidir ag eagraíochtaí a a bhíonn ag plé le daoine gan dídean, ach mar sin féin deir an rialtas gurb é an leas coiteann an cinneadh.

Is é an míniú oifigiúil ná go gcuireann an cosc faitíos ar thiarnaí talún tithe, is go bhfuil siad ag imeacht mar sin ó mhargadh na tithíochta, agus go bhfuil sé sin ag cur leis an easpa tithe atá ar fáil ar cíos.

Ach sa gcás sin, céard a tharlaíonn do na tithe céanna?  Má dhíolann siad iad nach gciallaíonn sé sin go mbeidh tuilleadh tithe ar fáil ar mhorgáiste?  Bealach amháin nó bealach eile, bíonn na tithe nó árasáin sin ann i gcónaí.

Ar ndóigh, tá cuid mhaith tithe (nó aonaid chónaithe, mar a thugann na díoltóirí orthu) á ndíol le creach-chistí.  B’fhéidir go bhféadfaí tithe a choinneáil don ‘mhargadh’ mar sin dá gcuirfeadh an rialtas cosc ar chreach-chistí.

Dála an scéil, ar thug tú faoi deara go bhfuil an téarma athraithe i mBéarla. Bhíodh ‘vulture funds’ ann; ach anois bíonn siad ag caint faoi ‘cuckoo funds’. Níl an focal cuckoo chomh bagarthach leis an bhfocal vulture.

Cibé ar bith, is sampla eile é de thiomantas an rialtais ar son an mhargaidh, sé sin ar son idé-eolaíocht an nua-liobrálachais.

Argóint eile atá ag an rialtas ná go bhféadfadh go gcuireann an cosc isteach ar an gceart bunreachtúil chun maoin phríobháideach a bheith ag saoránaigh.  Nach fiú é sin a thriail sna cúirteanna, go háirithe más tréimhse theoranta (bliain nó dhá bhliain) atá i gceist?  Nach fiú ansin leas a bhaint as tréimhse an choisc le tithe sóisialta is tithe inacmhainne ar phraghas réasúnta a thógáil?

Sin é go díreach an t-éileamh a dhein Sinn Féin, príomhpháirtí an fhreasúra. Ach ar ndóigh, níl an rialtas i bhfabhar scéim thógála, bíodh sí fairsing nó teoranta, a dhéanamh iad féin, mar gheall ar a dtiomantas don mhargadh.

Tá caint faoi mhíshástacht le clos sa gComhaontas Glas, agus teachtaí mar Neasa Hourigan agus Patrick Costello ag labhairt amach i gcoinne an chinnidh.  Ach tá na hairí Glasa, Eamon Ryan is Catherine Martin, ag seasamh le cinneadh an rialtais. Má tá na teachtaí míshásta dáiríre faoin scéal, nach bhfuil sé in am dóibh vótáil in aghaidh an rialtais i dtaobh an scéil seo?

Tá an bheirt thuasluaite faoi bhrú cheana ina gcuid dáilcheantar, agus seans maith go gcinnteoidh an cinneadh seo go gcaillfidh siad a gcuid suíochán mar gheall air.

Agus sin é polaitíocht an chinnidh seo, mar ní teachtaí Glasa amháin a chuireann sé i mbaol ach teachtaí as gach páirtí rialtais.

Tá aithne agamsa ar dhaoine a vótáil riamh d’Fhine Gael, ach atá buartha faoi ghéarchéim na tithíochta toisc nach féidir lena gclann morgáiste a fháil nó árasán ar phraghas réasúnta a aimsiú.  Tá a lán daoine óga ag imeacht thar sáile mar gheall ar an scéal seo, is tá daoine ann atá sásta vótáil do Shinn Féin ar an ábhar sin amháin.

Feicfimid sna pobalbhreitheanna atá le teacht an mbeidh biseach eile ar vóta Shinn Féin nó ar pháirtí freasúra eile ar nós na nDaonlathaithe Sóisialta lena gceannaire nua, Holly Cairns.

Ach ceapaim go mbeidh praghas le híoc ag an rialtas, i vótaí nó in aistriúcháin, mar gheall air seo.

Ach céard faoi mhoráltacht an scéil? Ní leor a bheith ag caint faoi ghéarchéim tithíochta gan aon rud a dhéanamh faoi. Ní leor deora a shileadh faoi chás daoine gan dídean gan beart a dhéanamh a chuirfeadh dídean ar fáil.

Tá a fhios againn nach n-éireoidh le plean an rialtais (sa mhéad go bhfuil plean acu) toisc gurb é an polasaí céanna atá á chur chun cinn anois agus a bhí acu ó tháinig siad in oifig.  Agus is measa atá an scéal anois ná mar a bhí trí bliana ó shin.

Ach arís, braitheann sé ar na vótóirí.  Má tá daoine sásta vótáil don rialtas tá siad sásta glacadh le heaspa dídine go forleathan.

B’fhéidir gur chóir do dhaoine a chur in iúl do theachtaí pháirtithe an rialtais go bhfuil siad míshásta leis an gcinneadh seo is go bhfuil a dtacaíocht dóibh i mbaol.

B’fhéidir go spreagfadh a leithéid sin athsmaoineamh i measc na dTeachtaí Dála, is go háirithe i measc leithéidí na Healy Raes is eile a sheasann go rialta leis an rialtas.

Fág freagra ar 'Íocfaidh an rialtas praghas mór ar an ngéarchéim tithíochta'