Inis Oírr na hÍsiltíre – oileán saor ó thobac – nó parthas do dhíoltóirí toitíní mídhleathacha?

Comhtharlúint mhaorlathais is cúis leis nach mbeidh earraí tobac ar fáil ar oileán Schiermonnikoog – ‘Inis Oírr’ na hÍsiltíre – ón 1 Iúil ar aghaidh

Inis Oírr na hÍsiltíre – oileán saor ó thobac – nó parthas do dhíoltóirí toitíní mídhleathacha?

Inis Oírr a mheabhródh an t-oileán Ísiltíreach Schiermonnikoog duit.

Is é ‘Schier’, mar is fearr aithne air, an ceann is lú agus an ceann is faide soir de na hoileáin amach ó chóstaí thuaidh na hOllainne agus na Freaslainne (labhraíonn dornán beag den 982 oileánach canúint de chuid na Freaslainnise i gcónaí – canúint atá chomh héagsúil sin ó Fhreaslainnis na mórthíre nach dtuigeann mórán Freaslannach ón mórthír í.)

Ach oiread le hInis Oírr áit thar a bheith gaineamhach atá in Schier, agus níl cead ach ag muintir na háite a gcuid carranna a thabhairt ann. Agus tá rud eile i gcoitinne ag an dá oileán: cinn scríbe iad dóibh siúd a dteastaíonn uathu na sluaite a mheallann na hoileáin mhórthurasóireachta in aice láimhe a sheachaint (Inis Mór i gcás Inis Oírr, agus Texel agus Terschelling i gcás Schier.)

Ach ón 1 Iúil ar aghaidh, beidh deacracht le sárú ag cuairteoirí a thabharfaidh aghaidh ar Schier, agus go deimhin ag muintir an oileáin féin, sa chás go gcaitheann siad tobac.

Ón dáta sin ar aghaidh, beidh cosc scun scan ar ollmhargaí san Ísiltír toitíní agus earraí tobac eile a dhíol.

Toisc nach bhfuil fáil ar earraí tobac ar Schier faoi láthair ach san ollmhargadh áitiúil, agus toisc nach bhfuil cead díolphointí tobac nua a chur ar bun, beidh turas báid 45 nóiméad feasta idir an oileán agus na toitíní is gaire – sa stáisiún peitril i gcalafort Lauwersoog ar an mórthír.

Agus cosc á chur ar dhíolachán toitíní sna hollmhargaí, tá súil ag rialtas na hÍsiltíre go mbeidh sé níos éasca ar dhaoine éirí as an tobac agus, go háirithe, go mbeidh sé níos deacra ar thionscal an tobac daoine óga a mhealladh.

Ach tá roinnt de mhuintir Schier buartha go dtiocfaidh gnó mídhleathach toitíní chun cinn tar éis an 1 Iúil, úinéir an t-aon ollmhargaidh áitiúil, Eric Brunekreef, ina measc.

‘Cá bhfios nach dtiocfaidh daoine go dtí an t-oileán amach anseo agus mála lán toitíní acu a dhíolfaidh siad ina gceann agus ina gceann – ar euro an ceann?’ a deir Brunekreef i bpríomhnuachtán na Freaslainne, an Leeuwarder Courant.

Tacaíonn méara Schiermonnikoog, Ineke van Gent – a chaitheadh toitíní í féin tráth ach ar éirigh léi éirí astu – go láidir le cinneadh an rialtais ach deir sí sna meáin áitiúla go bhfuil ‘na féidearthachtaí á bhfiosrú’ aici, féachaint cén chaoi a bhféadfaí gnó mídhleathach toitíní ar an oileán a chosc.

Níl sé ar intinn ag bord turasóireachta an oileáin, an VVV, turasóirí a chur ar an eolas faoin gcosc ar dhíolachán toitíní atá ar na bacáin – faitíos cuairteoirí a chur ó dhoras, seans.

Ach cá bhfios nach dtiocfaidh seánra turasóireachta úrnua chun cinn de bharr an choisc, agus gur tearmann do dhaoine atá ag iarraidh éirí as an tobac a bheidh in Schier feasta?

Fág freagra ar 'Inis Oírr na hÍsiltíre – oileán saor ó thobac – nó parthas do dhíoltóirí toitíní mídhleathacha?'

  • An Suthaire Ceilpthe

    Mar is gnáth, tíoránaigh an mhamó-stáit ag caitheamh a saol ar fad ag iarraidh saol daoine eile a stiúradh, crá an tsaoil iad.

  • Carraig53@protonmail.com

    Dúil an mhairbh (!) riamh ag na hOllannaigh sa ghal, na créatúirí. Nach mór 100 ceimiceán éagsúil a áirítear a bheith i ngach toitín agus iad á ndíol go dleathach i gcónaí. Is deacair
    a chreidiúint go bhfuil daoine sásta nimh mar sin a shú isteach ina scámhóga agus airgead nach suarach a thabhairt orthu. Agus a sláinte a mhilleadh. Déantar Schier eile d’oileán na hÉireann!

  • Carraig53@protonmail.com

    Cad é an rud a tharraingíonn tú is a tharraingíonn tú is dá mhéid a tharraingíonn tú é is ea is giorra a fhaigheann sé?
    Freagra:
    nítiot (Léigh droim ar ais)