Ingrid Bergman – cuimhní cinn uirthi i gConamara

Céad bliain ó shin an mhí seo chugainn a rugadh Ingrid Bergman. Labhair Tuairisc.ie lena cara agus lena dírbheathaisnéisí, Ann Henning-Jocelyn, atá ina cónaí i gConamara

ingrid bergman

‘Of all the gin joints in all the towns in all the world, she walks into mine’ – an líne draíochtúil sin as an scannán Casablanca. Rick Blaine sa scannán (Humphrey Bogart) ag déanamh adhartha ar Ilsa Lund agus Ingrid Bergman i bpáirt Lund.

Céad bliain ó shin an mhí seo chugainn a rugadh Ingrid Bergman sa tSualainn. Ar an 27 Lúnasa 1982 a bhásaigh, an dáta céanna a rugadh í 67 bliain roimhe sin. Déanfar comóradh uirthi ina tír dhúchais i mí Lúnasa. Beidh Ann Henning-Jocelyn, scríbhneoir a bhfuil os cionn deich mbliana fichead caite aici ina cónaí ar an gCaiseal i gConamara, ina measc siúd a bheidh ag an gcuimhneacháin. Chuir Henning-Jocelyn aithne ar Ingrid Bergman ar bhealach an-phearsanta 35 bliain ó shin; chaith sí cuid mhaith den bhliain ag obair ina teannta chuile lá ag aistriú a dírbheathaisnéise ó Bhéarla go Sualainnis. “Cuimhním uirthi go soiléir i gcónaí,” arsa sise ar an gCaiseal di an tseachtain seo. “Ní hé amháin go raibh muid ag obair in éineacht an samhradh gléigeal, grianmhar sin i Londain i 1980 ach bhíomar cairdiúil ina dhiaidh sin go dtí an lá ar bhásaigh Ingrid.”

Beidh Henning-Jocelyn ag dul ar ais chuig a tír dhúchais an mhí seo chugainn agus go leor cuimhní cinn ag baint leis an turas di. Táthar le dírbheathaisnéis Bergman a athfhoilsiú agus an chaibidil dheireanach den leabhar, ‘Ingrid Bergman – a Good Friend,’ scríofa ag Henning-Jocelyn féin. Ar an gCaiseal di cúpla lá ó shin, labhair sí ar an gcaoi ar chuir sí dlúthaithne i 1980 ar dhuine de na banaisteoirí ba chumasaí dá bhfacthas ar an scáileán ariamh.

‘Bhí Alan Burgess ag obair ar an leagan Béarla den dírbheathaisnéis ar ar tugadh Ingrid Bergman: My Story agus ansin bhí na foilsitheoirí ag iarraidh go mbeadh leagan Sualainnise dá fhoilsiú ag an am céanna leis. Bhí mese ag scríobh agus ag aisteoireacht i Londain agus chuala na foilsitheoirí go raibh mé ann. Iarradh orm an ndéanfainn aistriúchán ar an script ó Bhéarla go Sualainnis’.

In Gothenberg na Sualainne a rugadh agus a tógadh Ann Henning-Joyclyn, an réigiún céanna den tír arbh as Ingrid Bergman. Mar sin bhí barúil mhaith aici faoi na nathanna cainte agus faoin gcanúint a bhí ag Bergman ach bhí imní uirthi nach mbeadh an t-aisteoir sásta leis an aistriúchán. Níor labhair sí le Bergman sular chuir sí an script aistrithe ar fáil. Ghlaoigh Bergman uirthi; bhí sí sásta leis an saothar agus leis an bhfoclaíocht ach dúirt sí gur mhaith léi tabhairt faoin saothar uilig arís mar go raibh sí ag cuimhneamh ar scéal a saoil a athinsint in athuair.

“B’shin é samhradh na bliana 1980,” a deir Henning-Jocelyn. “B’shin é an chéad uair ar chas mé le Ingrid go pearsanta; d’fhiafraigh sí díom an dtiocfainn ina teannta ag obair ar an leabhar agus thapaigh mé an deis sin.”

Cé go mairfidh cáil Ingrid Bergman go brách de bharr Casablanca, is iomaí sin scannán eile a raibh sí bainteach leo: For Whom the Bell Tolla, Gaslight agus Joan of Arc, mar shampla. Bhuaigh sí trí Oscar. Bhí na hOscair seo agus gradaim eile crochta i gcófra aici nuair a chuaigh Henning-Jocelyn chuig a teach in Chelsea an chéad uair. Ach níor bhean í Bergman a tharraing aird uirthi féin.

“Bhí sí gealgháireach agus bhíodh sí i gcónaí ag tabhairt misnigh agus ugaigh duit,” arsa Henning-Jocelyn.

“Labhair sí amach go díreach; ní raibh tú ag cur amú ama ag iarraidh meabhair a fháil uirthi – d’inis sí duit go díreach céard a bhí ar a hintinn.” Bhí draíocht ag baint leis an aisteoir i gcónaí. “Is beag nach ndéarfá gur lasadh solas nuair a shiúil sí isteach,” arsa sí.

Ann Henning-Jocelyn. Pictiúr: Mike Shaughnessy
Ann Henning-Jocelyn. Pictiúr: Mike Shaughnessy

Bhí “an-chraic” ag Hennin-Jocelyn ag obair léi “cé gur obair chrua a bhí inti. Bhí trioblóid ar leith againn ag scríobh na caibidle faoin gcéad fhear a raibh sí pósta aige – Petter Aron Lindstrom, fiaclóir agus máinlia as an tSualainn. Bhí sé leagtha síos aigesean mar bhagair sé go gcuirfeadh sé an dlí uirthi dá mbeadh aon rud sa leabhar a chaithfeadh droch-cháil air.”

“Ach ba é Roberto Rosselini an fear ba mhó a raibh gean aici air,” arsa Henning-Jocelyn. Tharraing na heachtraí a bhain le Rosselini – bhí páiste aici leis agus í pósta le Lindstrom – droch-cháil ar Bergman sna Stáit Aontaithe. Bhí sí ina laoch sna Státaí agus baineadh siar as daoine nuair a tháinig an scéal seo amach. Rinneadh plé air sa Seanad agus socraíodh nach ligfí Bergman as ais isteach sa tír mar go gcuirfeadh sí moráltacht na tíre i mbaol. Ba é deireadh na 1940idí é. Cuireadh an choinníoll sin ar ceal le himeacht aimsire agus tháinig Bergman ar ais trasna an Atlantaigh arís.

“Ní raibh an oiread sin tóir uirthi ina tír dhúchais ar feadh i bhfad. Shíl daoine sa tSualainn gur thréig sí iad. Ansin tháinig sí ar ais chun dul ag aisteoireacht i ndráma thall agus rinneadh cáineadh ar an taispeántas a thug sí. Mhionnaigh sí nach ngabhfadh sí ar an stáitse sa tSualainn arís go brách, agus ní dheachaigh. Ach tá na blianta imithe thart agus tá muintir na Sualainne an-bhródúil as Ingrid Bergman anois.”

Bhí an tsláinte ag cliseadh ar Bergman agus í ag cur na dírbheathaisnéise i dtoll a chéile. “Ní aithneofá uirthi é an uair sin. Ní bhíodh sí ag gearán ach bhí a fhios agam ina dhiaidh sin go raibh údar gearáin aici; bhí pian uirthi go minic. Ina dhiaidh sin chonaic mé í ag tabhairt uaithi nuair a chasfainn léi. Bhí sí faighte tanaí agus traochta agus bhí an t-am ag éirí gearr. Maidin Lúnasa ar an gCaiseal i 1982 chuala mé an scéal ar an raidió; bhí mo chara Ingrid Bergman básaithe. Ba é a lá breithe é – an 27 Lúnasa – agus ní raibh sí ach 67.”

Fág freagra ar 'Ingrid Bergman – cuimhní cinn uirthi i gConamara'