Tá daoine a bhfuil dhá theanga ar a dtoil acu níos fearr ag an bpróiseáil teanga ná daoine nach bhfuil ach teanga amháin acu, de réir taighde eolaíoch nua, a foilsíodh san irisleabhar Brain and Language an tseachtain seo caite.
De réir an taighde chomh maith is fearr an té a bhfuil an dara teanga aige ag déanamh neamhaird ar eolas gan tábhacht.
Tá lucht eolaíochta den tuairim le fada an lá go bhfuil a leithéid de rud ann is “buntáiste an dátheangachais” agus deimhnítear an méid sin sa taighde nua atá bunaithe ar scanadh inchinne a deineadh ar 17 duine a raibh Béarla agus Spáinnís acu agus 18 duine nach raibh ach Béarla amháin acu.
Le linn na dtástálacha ar phróiseáil teanga na rannpháirtithe, léirigh an scanadh inchinne gur gile i bhfad a lasadh inchinn na n-aonteangach ná inchinn na ndátheangach sa chuid is intleachtúla dá n-aigne.
Is é sin le rá go raibh ar na haonteangaigh i bhfad níos mó dua inchinne a chur orthu féin chun na tascanna próiséala teanga a tugadh dóibh a dhéanamh.
Dúirt stiúrthóir an taighde, an tOllamh Viorica Marian, síceolaí teangeolaíochta in Northwestern University i Stáit Aontaithe Mheiriceá, go mbíonn an dá theanga de shíor in úsáid in inchinn an té a bhfuil siad aige agus go roghnaítear cé acu ar cheart agus nár cheart a úsáid.
Chuir na taighdeoirí an phróiseáil teanga a tástáladh i gcomparáid le crochadh meáchain agus dúradh go mbíonn an té a bhfuil dhá theanga aige níos “láidre” mar go mbíonn ar a inchinn níos mó “meáchain” a iompar ná an té nach bhfuil ach teanga amháin aige.
Bíonn an dátheangach níos “láidre” san inchinn, a dúradh, “because they’ve been mentally ‘working out’ like this for their whole life.”
Tá buntáistí eile ag baint leis an dátheangachas de réir mar a léiríodh i staidéar eile a rinne Viorica Marian. Chruthaigh stiúrthóir an taighde nua cheana go mbíonn gasúir dhátheangacha níos fearr chun neamhaird a dhéanamh ar thorann a chloistear sa chúlra i seomra ranga ná mar a bhíonn gasúir aonteangacha.
Jack Ó Drisceoil
Cen fáth gur cuireadh frás i mBéarla sa tuairisc seo? – agus níos measa fós: tús áite tugtha don Bhéarla os rud é go bhfuil sé sa foth-theideal. Ba bheag an rud é an frás a aistriú go Gaeilge, mar a dhéanfaí i dteanga ar bith eile – cén fáth nár deineadh sin sa chás seo?
Is cosúil go bhfuil an diabhal ar lucht Tuairisc.ie an Béarla a bhrú isteach ina gcuid alt ar ais nó ar éigean.
Más amhlaidh an scéal, cén fáth bacadh leis an nGaeilge sa chéad áit? Athraigí ainm an tsuímh go Report.ie agus bíodh sé go h-iomlán i mBéarla. Agus ní chuirfidh an Ghaeilge isteach oraibh a thuilleadh.