Ní go minic a cháintear an Rialtas agus Sinn Féin ar an gcúis chéanna. Ní go minic ach oiread a nochtann a gceannairí tuairimí atá cosúil lena chéile mar chosaint ar an gcáineadh.
An rud is annamh is suntasach.
Tá comhthuiscint neamhghnách i réim ó chualathas an chéad ghearán faoi Leo Varadkar agus Mary Lou McDonald a bheith ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig i mbliana, mar is gnáth, sa Teach Bán in Washington.
Deir Pobal Seachas Brabús agus eagrais éagsúla atá báúil leis na Palaistínigh nár chóir dóibh a bheith i láthair mar gheall ar thacaíocht na Stát Aontaithe d’ionsaí Iosrael ar Ghaza.
Cáineadh an Taoiseach agus ceannaire Shinn Féin sa Dáil i rith na seachtaine fad a bhí Leo Varadkar á cheistiú ag Mick Barry ó Phobal Seachas Brabús. Dúirt Barry leis nár chóir do pháirtí ar bith i dTeach Laighean Lá ‘le Pádraig a cheiliúradh i dteannta Joe Biden toisc go raibh Biden freagrach as “armáil agus maoiniú an tsléachta” atá ar bun ag Iosrael i nGaza.
Mhol Mick Barry don Taoiseach scéala a chur chuig Joe Biden nach mbronnfaí babhla seamróige air go mbeadh sos lámhaigh iomlán i bhfeidhm agus deireadh curtha le forghabháil Iosrael ar thailte na bPalaistíneach.
D’aontaigh Leo Varadkar leis go raibh sos lámhaigh gan mhoill riachtanach ionas go saorfaí gialla Iosraelacha agus go gcuirfí bia agus soláthairtí leighis ar fáil do mhuintir Gaza. Dúirt sé go dtapódh sé an deis a bheidh aige sa Teach Bán dearcadh mhuintir na hÉireann ar scéal Gaza a chur in iúl go príobháideach agus go poiblí.
Ba leagan cúramach a fhreagra dá bhfuil ráite ag Mary Lou McDonald mar fhreagra ar dhaoine a mhol di gan dul go dtí an Teach Bán mar gheall ar thacaíocht na Stát Aontaithe d’Iosrael. Ina measc bhí Gerry Carroll, comhalta de chuid Phobal Seachas Brabús i dTionól Stormont, a chuir ina leith gurb ionann freastal ar cheiliúradh na Féile Pádraig i dteannta Joe Biden agus a bheith i bhfách le gríosóir cogaidh.
Aontaíonn iarcheannaire Thoscaireacht Ghinearálta na Palaistíne in Éirinn, Saeb Shaath (a rugadh i nGaza ach a bhfuil cónaí air i mBéal Feirste) le cáineadh Gerry Carroll. Bhí “díomá mhór” air, a dúirt sé leis an Irish News, go mbeadh Sinn Féin i láthair.
Dúirt McDonald an mhí seo caite go raibh na Stáit Aontaithe “ar an taobh contráilte” den scéal agus go mbeadh tuairimí láidre ar son na síochána á nochtadh aici in Washington,
Bhí an chosúlacht idir a ndúirt Varadkar agus McDonald faoin scéal níos soiléire má bhreathnaítear ar a ráitis faoin tionchar a bheadh ag baghcat ar chruinniú nó ar chaidreamh le Joe Biden.
Dúirt an Taoiseach sa Dáil Dé Máirt nár chreid sé i mbaghcait i gcúrsaí idirnáisiúnta. Botún mór a dhéanfaí dar leis dá ndéanfadh Éire baghcat ar chruinniú bliantúil a thugann deis d’Éirinn nach dtugtar do mhórán tíortha eile.
Dhiúltaigh McDonald don tuairim go mbeadh baghcat fiúntach toisc gur caidreamh luachmhar ar go leor bealaí é caidreamh na hÉireann leis na Stáit Aontaithe. Thagair sí don phróiseas síochána, mar shampla. Ní réiteodh baghcat aighneas an Mheánoirthir, a dúirt sí.
Níl díreach mar a chéile an dá thuairim. Go bunúsach, áfach, bhí McDonald agus Varadkar ar aon fhocal faoi bhaghcat ainneoin iad a bheith ag easaontú go géar faoi gach rud eile beagnach.
Séanann urlabhraithe Shinn Féin go neartaíonn cúis eile a neamhthoil a bheith páirteach in agóid róláidir in aghaidh pholasaí an Uachtaráin Biden. Ní hionann agus na páirtithe eile, tá lucht tacaíochta agus maoinithe ag Sinn Féin sna Stáit Aontaithe – dream nach n-aontódh go hiomlán, b’fhéidir, le cáineadh poiblí ar pholasaí na tíre maidir le hIosrael.
Dáiríre níl brú láidir curtha ar an rialtas ná ar Shinn Féin diúltú don chuireadh ón Teach Bán. Beidh ceannaire an SDLP Colm Eastwood áfach i measc mórán a bheidh ag faire go géar ar a ndéarfaidh Varadkar, go háirithe faoi Gaza, le linn dó a bheith in Washington.
Dúirt Eastwood nach mbeadh sé i láthair mar gheall ar pholasaí “uafásach” na Stát Aontaithe. Níor mhol sé don Taoiseach diúltú dá chuireadh toisc go mbeadh neart ama aigesean le labhairt go díreach le Biden, a dúirt sé, am nach mbeadh ag McDonald.
Ní haon ábhar náire é cuimhneamh ar chúiseanna eile nár chóir do cheannaire Éireannach diúltú do chuireadh ón Teach Bán – cúiseanna nár luaigh Varadkar ná McDonald. Ní beag a dtábhacht.
Mar shampla:
- Tá 209,000 oibrí fostaithe ag comhlachtaí Meiriceánacha atá lonnaithe in Éirinn, agus fostaíocht indíreach ag thart ar 160,000 oibrí eile (foinse: An Comhlachas Tráchtála Meiriceánach in Éirinn).
- Tá 100,000 oibrí fostaithe ag comhlachtaí agus fochomhlachtaí Éireannacha atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe (foinse: IBEC).
- Thug 406,000 turasóir ó na Stáit Aontaithe cuairt ar Éirinn in 2022, agus meastar go léireoidh cuntas 2023 méadú ar an bhfigiúr sin (foinse: Cónaidhm Tionscal Turasóireachta na hÉireann).
Fiú má fhágtar ábhair dá leithéid as an áireamh, dúisíonn caint ar bhaghcat ceist chrua amháin ar a laghad.
Cé acu is fearr a chuirfeadh athrú ar pholasaí Mheiriceá i leith Iosrael chun cinn: cáineadh láidir poiblí ón Taoiseach agus é ag diúltú do chuireadh Joe Biden? Nó iarratas tomhaiste go dtabharfadh na Stáit Aontaithe tús áite do chur chuige faoina mbainfí amach síocháin, comhréiteach agus cothrom na Féinne?
Mar a rinne Meiriceá i bpróiseas síochána an oileáin seo fadó nuair a bhí Biden ina leas-uachtarán.
WTF
Dul ann, an babhla a shíneadh chuige ach an diabhal a thabhairt le hithe dó.