Imní faoi cheangal a bheith á dhéanamh idir an Ultais agus siombailí polaitiúla

Deir grúpa cearta daonna gur údar imní é go bhféadfadh an Ultais a bheith á húsáid mar chomhartha sóirt do thraidisiún an aontachtais pholaitiúil

Imní faoi cheangal a bheith á dhéanamh idir an Ultais agus siombailí polaitiúla

Cúis imní an ceangal atá á dhéanamh idir an Ultais agus siombailí polaitiúla amhail Meirge Uladh, an bhratach oifigiúil a bhí ag an sean-Stormont nó gur cuireadh deireadh leis 50 bliain ó shin.

Deir an grúpa cearta daonna, an Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt [CAJ], go bhfuil baol mór ann go mbainfear leas as reachtaíocht nua chun rócheangal a dhéanamh idir an Ultais agus traidisiún an aontachtais pholaitiúil.

Deir an CAJ gur léiriú amháin ar an gclaonadh seo cinneadh a rinne bord na Gníomhaireachta Ultaise d’aon ghuth Meirge Uladh a chur ar liosta ‘sainchomharthaí cultúrtha’ a bhaineann le pobal na hUltaise.

Deir an CAJ go bhfuil an reachtaíocht féiniúlachta agus teanga a tugadh isteach in Westminster anuraidh ródhírithe in áiteanna ar an ‘riachtanas polaitiúil’ an Ultais a chur chun cinn mar mhalairt ar an nGaeilge seachas ar bheartais do chosaint agus d’fhorbairt na hUltaise féin.

Deirtear gur údar imní ar leith an cinneadh a deineadh ag an nóiméad deireanach lucht na hUltaise a aithint sa dlí nua mar ghrúpa eitneach ar leith seachas mar mhionlach teangeolaíochta.

Fágann an t-athrú sin go bhfuil an baol ann go ndéanfaí léamh eile ar an dualgas atá sa reachtaíocht tuiscint na hUltaise a chur chun cinn sa chóras oideachais, a deir CAJ.

“Tá ceist ann an mbainfear ciall eile as an dualgas sa reachtaíocht maidir le tuiscint ar an Ultais a chur chun cinn sa chóras oideachais agus gurb é a tharlóidh i ndáiríre go mbeifear ag múineadh dearcthaí polaitiúla ar leith faoi ghrúpa eitneach ar leith seachas a bheith ag cur le tuiscint daoine ar an Ultais féin agus an cultúr a bhaineann léi.”

Cúis imní eile don CAJ an scéala nach bhfuil a fhios ag an Roinn Pobal ó thuaidh an raibh cainteoir Ultaise ar bith i measc na ndaoine a ceapadh ar a bpainéal comhairleoirí chun straitéis don Ultais a fhorbairt.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo inné, léiríonn cáipéisí a fuarthas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise nach raibh an Roinn Pobal in ann a dheimhniú don CAJ go raibh labhairt na hUltaise ag aon duine de na comhairleoirí a ceapadh chun moltaí a dhéanamh faoin straitéis Ultaise.

Lorg CAJ an t-eolas mar gheall ar an imní atá orthu go bhfuil nasc á dhéanamh idir an Ultais agus traidisiún an aontachtais pholaitiúil seachas a bheith ag díriú ar chaomhnú na hUltaise féin.

Chuaigh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) faoi lámh an Rí Séarlas III mí na Nollag seo caite.

Faoin reachtaíocht, beidh beirt Choimisinéirí ann, duine don Ghaeilge agus duine don Ultais, agus bunófar oifig cultúir agus féiniúlachta.

Tá cáineadh déanta cheana ag grúpaí éagsúla ar an gceangal a dhéantar sa reachtaíocht nua idir an Ultais agus an traidisiún Briotanach.

I mí na Bealtaine dúirt Comhairle na hEorpa gur cheart féachaint athuair ar an teideal ‘an Coimisinéir do Thraidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach’. D’fhéadfadh an teideal sin cur leis an seicteachas a bhaineann le cúrsaí cultúir sa Tuaisceart, a dúradh i dtuarascáil de chuid na Comhairle. Dúradh sa tuarascáil chéanna go bhféadfadh gurb é an toradh a bheadh ar an nasc a chruthaítear sa reachtaíocht idir an Ultais agus féiniúlacht pholaitiúil ná go mbainfí leas as grúpa daoine ar mhaithe le haidhmeanna polaitiúla.

Cháin an Coimisiún Um Chearta an Duine an reachtaíocht chomh maith nuair a bhí sí á rith.

Sa rabhadh a tháinig ón gCoimisiún faoin reachtaíocht, dúradh go nglactar le cainteoirí Ultaise mar mhionlach teanga ach nach bhfuil aon aitheantas mar théarma ná mar mhionlach teanga ag ‘Briotanach Ultach’ ó fhoras ná conradh cearta an duine ar bith.

Dúirt an Coimisiún fiú más amhlaidh go nglactar leis coitianta go mbaineann an Ultais leis an bpobal Aontachtach agus an pobal Protastúnach nár cheart a cheapadh go mbaineann gach uile chainteoir Ultaise leis an traidisiún Briotanach Ultach. Mheabhraigh an Coimisiún go mbíodh sé á áitiú ag Gníomhaireacht na hUltaise roimhe seo go raibh an Ultais á labhairt in áiteanna éagsúla in Éirinn ag Protastúnaigh agus Caitlicigh araon agus go bhfuil sé leagtha síos i mbunreacht Chumann na hUltaise gur cumann “neamhpholaitiúil agus neamhsheicteach” atá ann.

Fág freagra ar 'Imní faoi cheangal a bheith á dhéanamh idir an Ultais agus siombailí polaitiúla'

  • Seán Mag Leannáin

    Ó ghaois go baois, an iarracht seo an Ultais a ionannú leis an nGaeilge. An cor is déanaí sa scéal taispeánann sé cé chomh háiféiseach is atá an iarracht seo. Léiríonn cáipéisí a fuarthas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise nach raibh an Roinn Pobal in ann a dheimhniú don CAJ (Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt) go raibh labhairt na hUltaise ag aon duine de na comhairleoirí a ceapadh chun moltaí a dhéanamh faoin straitéis Ultaise. Ní hamháin sin ach tá an chuma air freisin nach gá go mbeadh Ultais ag Coimisinéir na hUltaise! Amaidí amach is amach.

  • Aonghus

    Ní raibh aon chaint ar Ultais nó go bhfaca na haontachtaithe go raibh rialtas Westminster chun an Ghaeilge a chur ar chomhchéim le Gaidhlig agus Breatnais.

    Tá litríocht agus béaloideas i nGaelic Uladh ag dul siar na cianta cairbreacha agus tá tírdhreach Uladh breac le logainmneacha Gaelacha (ceantair dhílseacha san áireamh) ach ní maith le haontachtaithe nuair a mheabhraítear dóibh gurb í an Ghaeilge teanga dhúchais Uladh.

    Is maith atá a fhios acu nach teanga bheo í an Ultais ach patois iasachta gan litríocht, béaloideas ná logainmneacha. Is cuma leo sa tsioc fúithi ach í a úsáid mar uirlis pholaitiúil, mar dhris cosáin ar an nGaeilge.

    Tá an tseafóid seo le feiceáil cheana ar shuíomh idirlín Uiscebhealaí Éireann (Waterweys Airlann in Ultais) https://www.waterwaysireland.org/ ina bhfuil aistriúchan ar fáil i seacht dteangacha, an Ghaeilge san áireamh, ach gan leagan Ultaise ann seachas an t-ainm Waterweys Airlann!

    Bhí alt eile i dTuairisc faoi easpa cainteoirí Ultaise ó thuaidh. Dealraíonn sé nach bhfuil scríobhnóirí Ultaise ann ach oiread!