Bíonn imdhíonacht ag duine ó Covid-19 ar feadh suas le sé mhí, de réir na comhairle is déanaí atá faighte ag na húdaráis sláinte.
An chomhairle atá faoi láthair ná gur tréimhse imdhíonachta 12 seachtain a bhíonn i gceist.
Ach dar leis an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte ní mór an baol go bhfaighidh duine an SARS-CoV-2 arís taobh istigh de shé mhí agus níl aon fhianaise go lagaíonn an imdhíonacht le linn na tréimhse sin.
An Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí a d’iarr ar HIQA scagadh a dhéanamh ar an bhfianaise faoin imdhíonacht a bhíonn ag duine ó Covid-19 i ndiaidh dó an galar a chur de.
Bhain an taighde go léir a ndearna HIQA scagadh air leis an tréimhse roimh Nollaig na bliana seo caite, rud a fhágann nach bhfuil tionchar na vacsaíní ná na gcineálacha nua den ghalar san áireamh.
Deir HIQA le NPHET go bhfuil impleachtaí éagsúla ag baint leis an athrú ó thréimhse imdhíonachta trí mhí go dtí tréimhse sé mhí. Níor cheart, mar shampla duine a áireamh mar ghartheagmhálaí ar feadh sé mhí i ndiaidh dó an víreas a tholgadh.
Dúirt HIQA go m’fhéidir nach mbeadh an chomhairle bailí do dhaoine atá amach san aois ná do dhaoine atá imdhíon-lagaithe.
Déanfaidh NPHET a marana anois ar chomhairle HIQA.
Idir an dá linn, deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, go bhfuil feabhas ag teacht ar chúrsaí i gcónaí más go mall féin é. Tá líon na gcásanna laethúla ag laghdú idir 2-4% in aghaidh an lae.
Tá tús á chur an tseachtain seo le vacsaíniú daoine leochaileacha idir 16-69 bliain d’aois. Is iad na daoine seo an ceathrú dream a gheobhaidh an tsnáthaid.
Fearn
An mar an gcéanna don vaicsín? 6 mhí imdhíonachta?