‘I’m bored with the leithscéalta’ – blas milis á fháil ag daoine ar scannán nua faoin nGaeilge

Roxanna Nic Liam a rinne ‘Siúcra’, scannán ina gcuireann sí in iúl an grá atá aici don Ghaeilge agus an imní atá uirthi faoina bhfuil i ndán di

‘I’m bored with the leithscéalta’ – blas milis á fháil ag daoine ar scannán nua faoin nGaeilge

Tá an fear grinn iomráiteach Dara Ó Briain i measc na ndaoine a bhfuil blas breá á fháil acu ar Siúcra, gearrscannán nua faoin nGaeilge atá déanta ag aisteoir óg as Baile Átha Cliath.

Roxanna Nic Liam a rinne an scannán ina gcuireann sí in iúl an grá atá aici don Ghaeilge.

Amharclann an Axis i mBaile Munna a choimisiúnaigh an scannán a stiúir Cathal Mac an Bheatha.

Mheas Dara Ó Briain gur saothar “álainn” a bhí i Síucra, dán ómóis agus gairm chatha in éineacht.

Lón machnaimh a bhí sa scannán a dúirt an láithreoir de chuid TG4 Caitlín Nic Aoidh agus ‘cracker’ an breithiúnas gonta a bhí ag réalta Gaeltachta eile, Dáithí Ó Sé, air.

Craoladh an scannán den chéad uair an tseachtain seo ag seoladh Scríobh, féile Ghaeilge an Axis, agus tá sé ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine ó shin.

Fág freagra ar '‘I’m bored with the leithscéalta’ – blas milis á fháil ag daoine ar scannán nua faoin nGaeilge'

  • Honor Clynes

    Maith thú, a Roxanna! Ar fheabhas ar fad! Honor Mhic Giolla Chlaoin

  • Eoghan Ó Néill

    Caithfidh mé a rá go bhfuil sise go hiontach, sár-jab déanta ar an bhfiseán sin a bhfuil an teachtaireacht ‘dein é’ ann. Caithfimid glacadh leis go n-amharcann an chuid is mó den phobal orthu féin mar Anglos agus drochmheas acu ar theanga ár sean seana-mhátharacha ach i gcroíthe cuid eile maireann an chuimhne!

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Bhain seo an anáil asam! Más toradh amháin é seo ó ghlúin nua na gaelscoileanna i mBÁC tá todhchaí fos ann don Ghaeilge.

    Criostóir Ó Maonaigh
    An Astráil

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Mo cheol thú a Roxanna.

  • S. Mac Muirí

    Treise leat a Roxana. Molann an saothar thú.

  • Seán Fennell

    Tar go Béal Feirste, Doire, Ard Mhacha, An Omaigh, Iúr Cinn Trá, Gleann Gorm Laithr, Aontroim, Carn Tochair, Dún Geimhín……athbheochan pobalbhunaithe faoi lán seoil agus gaelscoileanna i lár an aonaigh, cnámh droma na hathbheochána…
    Maith sibh leis an fhíseán, cumhachtach agus mothúchanach.
    NÁ hABAIR É DÉAN É!!!!!

  • Tomás Ó Maonaigh

    Bhí mé lán-tochtach agus an-áthas orm, ag féachaint ar an scannán seo.
    I believe that this young woman has, in this delightful little video, done more to help the revival of the language than all the text books that have yet been published. Go n-éirí léi.