Idir Aontú, Sinn Féin agus Fine Gael a bheidh an suíochán deireanach i gCabhán-Muineachán

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Idir Aontú, Sinn Féin agus Fine Gael a bheidh an suíochán deireanach i gCabhán-Muineachán

Dáilcheantar: Cabhán-Muineachán

Líon na suíochán: 5

Cuóta mar % den vóta: 16.7%

Leagan amach an dáilcheantair: Tá an dá chontae, Cabhán agus Muineachán le chéile an uair seo. An cuid den Chabhán a bhí le Sligeach-Liatroim in 2016, tá sé curtha ar ais le Cabhán-Muineachán agus tá suíochán breise sa dáilcheantar agus an cuóta laghdaithe dá réir ó 20% den vóta go 16.7%.

Teachtaí Dála ag seasamh: Heather Humphreys (FG), Brendan Smith (FF), agus Niamh Smith (FF)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 (sean-dáilcheantar) agus i dtoghcháin áitiúla 2019 (dáilcheantar nua):

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 30 33
Fine Gael 32 29
Sinn Féin 27 22
Eile 11 16

Anailís: Níl mórán idir na trí pháirtí mhóra, Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin sa dáilcheantar seo. Tá Fianna Fáil níos láidre sa gCabhán agus Sinn Féin níos láidre i Muineachán. Rinne Fianna Fáil go maith agus dhá shuíochán as ceithre cinn a fháil le 30% den vóta in 2016 nuair a fuair Niamh Smyth (FF) an suíochán a bhíodh ag Joe O’Reilly (FG). Níor cheart go mbeadh stró ar bith ar an bpáirtí an dá shuíochán a choinneáil anois ó tharla go bhfuil suíochán breise sa dáilcheantar agus an Seanadóir Robbie Gallagher (FF) ag feidhmiú mar scuabadóir don pháirtí i Muineachán.

Maidir le Fine Gael, níl an Seanadóir Joe O’Reilly (FG) ag seasamh an babhta seo. Ina áit tá an Comhairleoir TP. O’Reilly (FG) as Cabhán, a fuair 1,576 vóta sna toghcháin áitiúla agus seans aige ar shuíochán agus tá Sandra McIntyre (FG) ag seasamh chomh maith.

Níl an Teachta Dála Caoimhghín Ó Caoláin (SF) ag seasamh ach an oiread agus tá an Feisire Eorpach Matt Carthy roghnaithe ag Sinn Féin ina áit. Mí na Bealtaine seo caite a toghadh Matt Carthy (SF) ina MEP den dara huair. Tá soiniciúlacht curtha i leith Shinn Féin agus Carthy mar gur sheas sé do Pharlaimint na hEorpa agus é roghnaithe cheana féin mar iarrthóir don toghchán Dála. Is as Muineachán dó, contae ina raibh 34% de na vótaí ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla. Idir é féin agus Heather Humphreys (FG) a bheas sé cé a bheidh ar bharr an chomhairimh.

Is as Cabhán  an dara hiarrthóir atá ag Sinn Féin, Pauline Tully, iarbhean chéile Pearse McAuley, atá i bpríosún faoi láthair faoin ionsaí brúidiúil a rinne sé uirthi Oíche Nollag 2014, nuair a sháigh sé í. Tá neart taithí pholaitiúil ag Pauline Tully (SF), a toghadh ar Chomhairle Chontae Chabháin trí thoghchán i ndiaidh a chéile. D’fhéadfadh sí a bheith san iomaíocht do shuíochán, má roinntear na vótaí atá ag Sinn Féin go cothrom idir í féin agus Matt Carthy (SF).

Ní féidir an Comhairleoir Sarah O’Reilly (Aontú) a chur ar an áireamh. Bhíodh sí le Fianna Fáil ach d’éirigh sí as le dul isteach i bpáirtí nua Pheadair Tóibín. Is í an dara duine is mó í a fuair vótaí sna toghcháin áitiúla in 2019 sa gCabhán, nuair a toghadh í d’Aontú ar an gcéad chomhaireamh le 1,704 vóta. Is idir Sarah O’Reilly (Aontú), Pauline Tully (SF) agus T.P. O’ Reilly (FG) a bheas sé cé a thógfaidh an cúigiú suíochán, a bheas ag dul go Cabhán, áit a bhfuil Fine Gael i bhfad níos láidre ná Sinn Féin. Beidh aistriú vótaí le fáil ag TP O’Reilly as Achadh an Iúir ó Sandra McIntyre (FG) mar gur as Béal Átha Conaill sa gCabhán di agus cuirfidh sin chun tosaigh é ag deireadh an rása.

Ag seasamh chomh maith, tá Tate Donnelly don Chomhaontas Glas, Gaeilgeoir agus an t-iarrthóir is óige sa toghchán agus gan é ach 21 bliain. Tá Liam Van de Spek ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre. Fuair sé 591 vóta sna toghcháin áitiúla. Tá Emmet Smith (PBPA) ag seasamh do Solidarity/Neart Le Chéile. Fuair seisean 498 vóta sna toghcháin áitiúla.

Tuar: Heather Humphreys (FG), Matt Carthy (SF), Brendan Smith (FF), Niamh Smith (FF) agus TP O’Reilly (FG)

Fág freagra ar 'Idir Aontú, Sinn Féin agus Fine Gael a bheidh an suíochán deireanach i gCabhán-Muineachán'

  • Eoghan Ó Maoltuile

    Bhí Sarah Ó Reilly le Fianna Fáil agus d’éirigh sí as an bPáistí de bharr easpa gnímh ó theachtaí dála FF áitiúla nuair a ritheadh bille ginmhillte Simon Harris tríd an Dáil sa bhliain 2018. Ní raibh sí mar bhall de Shinn Féin ach an oiread

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Go raibh maith agat Eoghan faoi sin a chur in iúl faoin bpáirtí ina raibh Sarah O’ Reilly (Aontú), sula d’athraigh sí an geansaí. Do réir mar a thuigim anois, is ise a chomhthoghadh ar Chomhairle Chontae Chábháin le áit Niamh Smyth (FF) a líonadh, a toghadh ina Teachta Dála 2016. Tá an t-alt ceartaithe dá réir.