Iarrtha ar ardstiúrthóir nua labhairt go poiblí faoin ‘bearna mhór’ idir RTÉ agus an pobal

Bhí cruinniú inniu ag Aire na Meán agus na Gaeltachta le hardstiúrthóir nua, Cathaoirleach agus ardstiúrthóir gníomhach RTÉ chun plé a dhéanamh ar chonspóid na n-íocaíochtaí ceilte

Iarrtha ar ardstiúrthóir nua labhairt go poiblí faoin ‘bearna mhór’ idir RTÉ agus an pobal

Tá iarrtha ag Aire na Meán ar Ard-Stiúrthóir nua RTÉ, Kevin Bakhurst, labhairt go poiblí an tseachtain seo chugainn faoin “bearna mhór” idir RTÉ agus an pobal.

Bhí cruinniú inniu ag Aire na Meán agus na Gaeltachta, Catherine Martin, leis an ardstiúrthóir nua, le Siún Ní Raghallaigh, Cathaoirleach Bhord RTÉ agus le Adrian Lynch, an t-ardstiúrthóir gníomhach chun plé a dhéanamh ar chonspóid na n-íocaíochtaí ceilte.

I ráiteas a chuir sí amach i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Aire na Meán gur chuir sí in iúl do lucht RTÉ nach raibh sí sásta in aon chor leis an tslí a bhfuil eolas faoin scannal á thabhairt don Oireachtas agus don phobal beagán ar bheagán.

Dúirt Kevin Bakhurst i ndiaidh an chruinnithe go raibh muinín an phobail in RTÉ “creimthe” go mór. “Tá go leor dochair déanta do RTÉ le cúpla seachtain anuas. Bhí crá croí ag baint le bheith ag féachaint air,” a dúirt sé. Ba é an cúram a bheadh air ná an mhuinín sin a fháil ar ais, arsa an t-ardstiúrthóir nua.

Dúirt Catherine Martin gur buille eile don chraoltóir é go raibh blúirí eolais á dtabhairt ó lá go lá faoin scéal agus go raibh “dochar as cuimse” déanta do RTÉ ag an gcur chuige sin.

Cruinniú macánta oscailte a bhí ann, a dúirt Catherine Martin.

Dúirt sí gur chuir sí in iúl do lucht RTÉ go raibh imní mhór uirthi faoin dochar a bhí déanta ag an gconspóid do mheanma na foirne agus don chaidreamh idir an craoltóir agus an tOireachtas.

Dúirt an tAire leis an ardstiúrthóir, atá ag tosú Dé Luain seo chugainn, go bhfuil sé an-tábhachtach go n-athródh sé láithreach an “cultúr” agus an caidreamh idir an fhoireann agus an feidhmeannas agus an bord.

Bhí díomá ar an Aire, a dúirt sí, faoin easpa plé a bhí ag an bhfeidhmeannas leis an bhfoireann le coicís.

Chuir sí fáilte roimh an scéala go mbeidh bainisteoirí sinsearacha RTÉ ag casadh le lucht cheardchumainn amárach chun géarchéim an chraoltóra a phlé.

Dúirt Aire na Meán gur taibhsíodh di gur tús a bhí ann le ré úr fiúntach in RTÉ.

Dúirt sí gur thug sí le fios don ardstiúrthóir nua go gcaithfeadh sé labhairt go poiblí Dé Luain faoin deighilt a bhí cruthaithe idir RTÉ agus a lucht féachana.

An chéad chúram a bheidh ar an gcéad ardstiúrthóir eile ná athstruchtúrú a dhéanamh ar bhord feidhmiúcháin RTÉ.

“Chuir an tUasal Bakhurst in iúl dom a phleananna chun an Bord Feidhmiúcháin a athbhunú, a phleananna chun dul i dteagmháil leis an bhfoireann agus próisis nua a thabhairt isteach chun muinín as lucht bainistíochta RTÉ a atógáil. Táim ag súil anois go dtabharfar aghaidh orthu seo go pras,” arsa Aire na Meán, Catherine Martin.

 

‘An eachtra ba mheasa i stair RTÉ’ – ‘seans maith’ go dtiocfaidh a thuilleadh eolais amach

Chualathas a thuilleadh sonraí ag Coiste Oireachtais na Meán tráthnóna inné faoin gconspóid faoi chúrsaí rialachais in RTÉ a d’eascair as scéal na n-íocaíochtaí ceilte a rinneadh leis an láithreoir Ryan Tubridy.

Dúirt Cathaoirleach an Bhoird, Siún Ní Raghallaigh, gur dóichí ná a mhalairt go dtiocfadh a thuilleadh sonraí faoi scéal amach sa tréimhse amach romhainn.

Dúirt sí gur chóir gurbh é an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a dhéanfadh maoirseacht ar chúrsaí airgeadais an chraoltóra phoiblí i ndiaidh an scannail arb é “an eachtra ba mheasa i stair RTÉ gan aon dabht”.

Meastar go mbeidh an láithreoir Ryan Tubridy agus a ghníomhaire Noel Kelly os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí agus Coiste Oireachtais na Meán an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Iarrtha ar ardstiúrthóir nua labhairt go poiblí faoin ‘bearna mhór’ idir RTÉ agus an pobal'

  • Gerry Sóna

    An mbeidh an t-ardstiúrthoir nua ar fáil le hagallamh a dhéanamh le TG4??? Muna mbeidh, cad chuige? An dtuigeann sé tabhacht na Gaeilge agus an stadas ina bhfuil sí faoi lathair agus é ag stiúradh an ;Craoltóir Naisiúnta’??????

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Chuala mé fur chaith Sé deireadh seachtainí I nGaeltacht Corca Duibhne nuair. a bhí Sé ag obair do RTÉ cheana agus fur léirigh Sé an-suim sa Ghaeilge.