Tá iarrtha ag an Chomhairleoir Neamhspleách Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, go gcrochfaí cláir fógraí (billboards) ag tithe sóisialta atá á dtógáil i nGaeltacht Dhún na nGall, chun aird a tharraingt ar an choinníoll teanga a bhaineann leis na forbairtí seo i gceantair Ghaeltachta an chontae.
Faoin choinníoll úr, ar glacadh leis i bPlean Forbartha Dhún na nGall, 2024-30, caithfear
85% de na tithe úra i bhforbairt tithíochta i gceantair Ghaeltachta an chontae a chur ar leataobh do dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
Tá sé i gceist go gcuirfí an coinníoll seo i bhfeidhm ar scéim tithíochta úr atá le tógáil ar an bhFál Carrach, áit ar bronnadh cead pleanála le gairid ar iarratas 25 teach a thógáil ar Bhóthar an Stáisiúin ar an bhaile.
Is ag cruinniú de chuid choiste Gaeilge na Comhairle Contae, a bhfuil Mac Giolla Easbuig ina chathaoirleach air, a rinneadh an t-iarratas faoi na cláir fógraíochta. D’aontaigh urlabhraí ón Chomhairle Contae lena iarratas agus dúradh gur “smaoineamh maith a bhí ann”.
Ag labhairt le Tuairisc, dúirt Mac Giolla Easbuig, go raibh sé tábhachtach go mbeadh comharthaí taobh amuigh de na forbairtí seo chun go mbeadh an pobal ar fad ar an eolas faoin choinníoll teanga seo.
Dúirt sé go mbeidh “cúpla bliain ann” sula mbeidh eastát ar bith tógtha i gceantair Ghaeltachta sa chontae agus dá mbeadh daoine ar an eolas faoin choinníoll teanga anois, go mbeadh deis ag na daoine sin, nach bhfuil mórán Gaeilge acu “imeacht agus cúrsa a dhéanamh”.
“Tá ceantracha nach bhfuil mórán Gaeilge labhartha iontu, ceantracha nach bhfuil Gaeilge ar bith iontu, ach tá siad sa Ghaeltacht, mar sin níl pointe ar bith muidne polasaí mar seo a chur i bhfeidhm, ansin na tithe a bheith tógtha agus gan muid ábalta na tithe sin a líonadh,” a dúradh.
Dúirt Mac Giolla Easbuig go bhfuil “dualgas” ar an Chomhairle Chontae, Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus ar an phobal “cuidiú a thabhairt do dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu, an Ghaeilge a fhoghlaim”.
Roimhe seo dúirt Mac Giolla Easbuig go mbeadh sé ag súil go gcaithfeadh “duine amháin ar a laghad” a bheadh go hiomlán líofa sa Ghaeilge a bheith ina chónaí i dteach chun an coinníoll a chomhlíonadh agus go raibh cinneadh le déanamh faoi mholadh ó Chonradh na Gaeilge go mbeadh caighdeán Gaeilge ‘TEG B2”;ag tionónta.
Níl sonraí faoi leith tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall go fóill, faoi caidé a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an leibhéal Gaeilge a chaithfeadh a bheith ag duine chun an coinníoll a chomhlíonadh, nó faoin chéatadán de na tionóntaí i dteach a chaithfeadh an Ghaeilge a bheith ar a dtoil acu.
Fág freagra ar 'Iarratas déanta go gcuirfí cláir fógraí in airde ag forbairtí tithíochta sa Ghaeltacht'