Tá litir oscailte scríofa ag ceannairí cúig pháirtí ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus ag uachtarán Chonradh na Gaeilge ina ndéantar cáineadh láidir ar bhagairtí ó pharaimíleataigh dhílseacha go gcuirfidís trí thine comharthaí nó feithiclí de chuid na comhairle a mbeadh an Ghaeilge orthu.
Tuairiscíodh ar an Belfast Telegraph Dé Domhnaigh go ndúirt urlabhraithe ón UVF agus an UDA go dtabharfaidís faoi fheachtas ina gcuirfí trí thine veaineanna agus ionaid de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste dá mbeadh an Ghaeilge ar an gcomharthaíocht orthu.
Dúirt na paraimíleataigh go ndéanfaidís amhlaidh chun dréachtpholasaí Gaeilge nua na comhairle a chur ó mhaith.
An tseachtain seo caite, thug comhairleoirí i mBéal Feirste a mbeannacht don chéad pholasaí Gaeilge riamh ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.
De réir an pholasaí, bheadh, mar shampla, lógó na comhairle ina lógó dátheangach agus bheadh sé le feiceáil ar fheithiclí, éide oibre agus comharthaíocht na comhairle.
Sa litir oscailte ina gcáintear na bagairtí ó dhílseoirí paraimíleata, deirtear gur “cúis mhór imní” iad “dúinn uilig, do gach duine a thacaíonn leis an Ghaeilge agus leis an chomhionannas trí chéile”.
Tá an litir sínithe ag na comhairleoirí Ciaran Beattie, Sinn Féin, Michael Collins, PBP, Séamas de Faoite, SDLP, Michael Long, Alliance, Brian Smyth, an Comhaontas Glas, agus uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin.
“Mar chuid lárnach de Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998, d’aontaigh na páirtithe, i gcomhar leis an dá Rialtas, ‘gníomh diongbháilte’ a dhéanamh ar son chur chun cinn agus fhorbairt na Gaeilge.
“Measann muid gur toradh díreach é an polasaí Gaeilge a ritheadh le móramh daonlathach i Halla na Cathrach, Béal Feirste oíche Chéadaoin ar na coimitmintí sin.
“Is bagairtí iad seo ní hamháin ar phobal na Gaeilge, ach ar an phróiseas daonlathach ar fad, agus ar an tsochaí cheartbhunaithe.”
Níor thacaigh na páirtithe aontachtacha ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste leis an dréachtpholasaí ná níor shínigh siad an litir oscailte ag cáineadh na mbagairtí.
Dúirt John Burrows, ball de thionól Stormont don UUP, áfach, go raibh na bagairtí “mícheart agus déistineach”.
Dúirt Emma Little-Pengelly, leasChéad-Aire Stormont nach raibh “aon fhianaise” ann “ag an bpointe seo” go raibh bagairtí déanta ag dílseoirí paraimíleatacha maidir le polasaí Gaeilge na comhairle cathrach. Dúirt gur thug Príomh-Chonstábla an PSNI Jon Boutcher an méid sin le fios di.
Ní bheadh aon ghlacadh lena leithéid de bhagairtí agus choimeádfaí súil ar an scéal, a dúirt Little-Pengelly.
Dúirt an DUP go raibh oibrithe de chuid na comhairle i dteagmháil leo agus imní orthu nach mbeidís sábháilte dá mbeadh lógó dátheangach ar a n-éide oibre.
Fág freagra ar 'Cáineadh láidir déanta ar bhagairtí ón UVF agus UDA faoi fheachtas foréigneach in aghaidh na Gaeilge'