Iarratas déanta chun Spotify a chur ar fáil i nGaeilge

Tá iarratas curtha faoi bhráid Spotify leagan Gaeilge a chur ar fáil den ardán ceoil a mbíonn breis is 500 milliún duine ag éisteacht leis gach mí

Iarratas déanta chun Spotify a chur ar fáil i nGaeilge

Tá feachtas ar bun chun an t-ardán ceoil Spotify a chur ar fáil i nGaeilge.

Breis is 500 milliún duine a bhíonn ag éisteacht le Spotify gach mí.

San iarratas atá déanta ag Criostóir Mac Dhuibhne ar shuíomh Spotify, deir sé gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil de chuid an stáit agus go bhfuil sí ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh chomh maith.

Deir Mac Dhuibhne go bhfuil Google, Twitter agus WhatsApp i measc na n-ardáin mhóra atá ar fáil i nGaeilge cheana féin.

Deir sé go bhfuil Spotify ar fáil ina dteangacha dúchais ag leithéidí muintir na hEastóine, na Laitvia agus na Slóivéine agus gur chóir, mar sin, go mbeadh sé ar fáil ag “an líon mór daoine” a labhraíonn an Ghaeilge agus atá ag foghlaim na teanga.

Tá breis is 120 vóta caite ar son mholadh Mhic Dhuibhne ar shuíomh Spotify cheana féin agus stádas ‘moladh maith’ bronnta air. Má chaitear 180 vóta ar son an mholta laistigh de shé mhí, cuirfear é faoi bhráid fhoireann Spotify. D’fhéadfaí forbairt a dhéanamh ar an moladh amach anseo ansin.

Is féidir an t-iarratas a fheiceáil anseo.

 

Fág freagra ar 'Iarratas déanta chun Spotify a chur ar fáil i nGaeilge'