Iarratas BIM ar fheirm éisc Inis Oírr tarraingthe siar

Bhí cuid mhór den phobal áitiúil iascaigh in Oileáin Árann agus ar an mórthír araon glan in aghaidh a leithéid d’fheirm a thógáil

Páirc Inis OIrr: ©INPHO/James Crombie
Páirc Inis OIrr: ©INPHO/James Crombie

Tá an t-iarratas a chuir Bord Iascaigh Mara isteach chun feirm mhór éisc a thógáil 6km amach ó chósta Inis Oírr tarraingthe siar ag an gcomhlacht.

Chuir BIM an t-iarratas isteach sa bhliain 2012 agus é i gceist acu 15,000 tonna d’éisc a shaothrú ann. Bhí cuid mhór den phobal áitiúil iascaigh in Oileán Árann agus ar an mórthír araon glan in aghaidh a leithéid d’fheirm a thógáil.

D’eisigh BIM ráiteas inniu inar fógraíodh go raibh an t-iarratas tarraingthe siar acu mar gheall ar straitéis nua faoi fhorbairt inmharthana an dobharshaothraithe.

Leagtar srianta síos sa straitéis nua maidir le méid na bhfeirmeacha bradán san fharraige amuigh agus bhí méid na feirme a bhí beartaithe do Chuan na Gaillimhe níos mó ná na srianta sin.

1,000 acra a bhí luaite leis an bhfeirm agus bhíothas buartha go mbeadh drochthionchar aici ar stoc na mbreac geal. Tagraíodh, le linn na díospóireachta, do thaighde Ioruach a mhaígh go gcuireann an fheirmeoireacht éisc le líon na míolta mara a bhíonn ar bhric agus bradáin agus, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh laghdú de 14% teacht ar sceathrach na mbradán.

Chuir an Teachta Éamon Ó Cuív ceist, ag cruinniú de chuid an fho-chomhchoiste Oireachtais ar chúrsaí iascaigh sa bhliain 2012, ar Joe McHugh, sular ceapadh ina Aire Gaeltachta é, cé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh anailís ar an tionchar a bheadh ag na 500 post nua a luadh leis an bhfeirm éisc ar iompar teanga ar an oileán. Dúirt Ó Cuív freisin go raibh sé ag súil gur do mhuintir na Gaeltachta a thabharfaí na postanna nua sin.

Dúirt Ó Cuív níos túisce i mbliana le Tuairisc.ie go raibh “imní” ar faoina “laghad tuisceana” a bhí ag an Aire Stáit Gaeltachta ar an bpleanáil teanga i bhfianaise an ráitis láidir a rinne sé ag an gcruinniú.

“We do have to work within important constraints of environmental concerns and sustainability concerns, but to bring this in Deputy, and talking about producing a language impact study for the production of salmon, for providing jobs in the west coast of Ireland, is nothing short of a disgrace,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Dúirt an tAire McHugh go raibh daoine bréan de “bureaucracy, red tape and passing the buck” agus den dearcadh go gcaithfí ‘scagadh a dhéanamh air seo agus scagadh a dhéanamh air siúd’ roimh chinneadh a dhéanamh.

Dúirt Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie gur bhain “an t-ionsaí” siar as nuair a tharla sé in 2012 agus gur cúis imní dó go bhfuil an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge anois faoi chúram “duine nach bhfuil tuiscint dá laghad aige ar an bpleanáil teanga”.

Fág freagra ar 'Iarratas BIM ar fheirm éisc Inis Oírr tarraingthe siar'