Iarratais á lorg do chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn

Beidh Corn Uí Chon Cheanainn á reáchtáil in Ollscoil na Gaillimhe arís i mbliana

Iarratais á lorg do chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn

Tá iarratais á lorg do chomórtas Chorn Uí Chon Cheanainn a bheidh á reáchtáil in Ollscoil na Gaillimhe Dé Sathairn seo chugainn. Comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn tríú leibhéal é i gcuimhne ar an sárfhonnadóir, Ciarán Ó Con Cheanainn.

Is sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a cuireadh tús leis an gcomórtas sa mbliain 2015, áit a raibh Ciarán ag obair sular bhásaigh sé. Reáchtáladh an comórtas in UCD ar feadh ceithre bliana go dtí 2019.

Bhí sé i gceist é a thabhairt go Gaillimh sa mbliain 2020 ach chuir an phaindéim moill ar an bplean sin. Anuraidh an chéad bhliain ar cuireadh ar bun in Ollscoil na Gaillimhe  é.

“Bhí an-fhonn orainn an comórtas a chur sa tsiúl arís anuraidh mar gheall go raibh cohórt mac léinn ann nach bhfuair an deis páirt a ghlacadh sa gcomórtas toisc go raibh bearna trí bliana ann, cuir i gcás ba í an bhliain seo caite an bhliain dheireanach ag an mbuaiteoir Evan Ó Gríofa sa choláiste,” a dúirt Ódí Ní Chéilleachair, Feidhmeannach Teanga le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ball den choiste eagraithe.

Tá an-tóir ar an sean-nós i nGaillimh, a deir Ní Chéilleachair. “Bhí lucht féachana mór againn anuraidh agus déarfainn go mbeidh slua mór arís ann i mbliana. Orthusan a bheidh ann, beidh máthair Chiaráin, Brídín. Beidh buaiteoir Chorn Uí Riada, Colm Jimmy Ó Curraoin ann agus amhránaí cónaitheach na hOllscoile Mairéad Ní Fhlatharta, chomh maith le cairde Chiaráin ó UCD.”

Cuireann idir ochtar agus deichniúr isteach ar an gcomórtas de ghnáth. Tá iarratais tagtha isteach i mbliana ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, ó Choláiste Mhuire Gan Smál, ó Choláiste na Tríonóide agus ó mhic léinn na Gaillimhe.

Innealtóireacht, Eolaíocht, Leigheas, Cumarsáid, Bunmhúinteoireacht, Ceol & na Dána na réimsí staidéir atá ag na mic léinn sin.

Tá urraíocht faighte ag an gcomórtas ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ó Oireachtas na Gaeilge,  ó Fhoras na Gaeilge, ó Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga agus ó Chiste Spreagtha Sheachtain na Gaeilge agus duaiseanna le bronnadh.

Beidh dearbháin agus pacáistí earraí ann freisin do chuile iomaitheoir agus iad bronnta ag Údarás na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Oifig an Choimisinéara Teanga, Cló Iar-Chonnacht agus Foras na Gaeilge.

Ní bheidh aon táille ag an doras ach beidh airgead á bhailiú do mhuintir na Palaistíne.

Corn Uí Chon Cheanainn, Téatar, Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe,Dé Sathairn, 9 Márta ag 1pm

Fág freagra ar 'Iarratais á lorg do chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn'