Iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar bharr liosta na scoileanna a bhíonn ag soláthar d’institiúidí tríú leibhéal

De réir eolais a foilsíodh inniu, bhí Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin i gCorcaigh ar bharr liosta na scoileanna ar fad sa stát a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal

Iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar bharr liosta na scoileanna a bhíonn ag soláthar d’institiúidí tríú leibhéal

Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath

Bhí iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i measc na scoileanna ‘is fearr’ sa tír ó thaobh mic léinn a sholáthar d’institiúidí tríú leibhéal i mbliana.

De réir eolais a foilsíodh san Irish Times agus san Irish Independent ar maidin, bhí Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin i gCorcaigh ar bharr liosta na scoileanna ar fad sa stát a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal. Bhí Gaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí sa dara háit ar an liosta.

Ceithre cinn de Ghaelcholáistí a bhí i measc na ndeich iarbhunscoil is mó a sholáthair mic léinn Ardteiste d’institiúidí tríú leibhéal. Bhí Coláiste Íosagáin, An Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath, sa séú háit agus bhí Coláiste an Phiarsaigh i nGleann Maghair i gCorcaigh san ochtú háit.

Bhí Coláiste Eoin i mBaile Átha Cliath (14), Meánscoil Garman i Loch Garman (28), Coláiste an Eachréidh (42) agus Coláiste na Coiribe (43) i nGaillimh agus Coláiste Pobail Acla i Maigh Eo (45) i measc an 50 scoil is fearr ag soláthar d’institiúidí tríú leibhéal.

Léirítear arís i bhfigiúirí na bliana seo go dtéann an-chuid de na daltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáistí ar aghaidh go dtí cúrsaí tríú leibhéal.

De réir na bhfigiúirí, 95.6% de dhaltaí ó Ghaelcholáistí nach scoileanna Deis iad a chuaigh ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal i mbliana. Chuaigh 33.8% de dhaltaí Ardteiste a d’fhreastail ar Ghaelcholáiste Deis ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal i mbliana, cuid mhaith níos airde ná líon na ndaltaí ó scoileanna Deis ina mbíonn an teagasc i mBéarla – 23.8%.

De réir na bhfigiúirí, chuaigh 99.5% de dhaltaí Ardteiste ó scoileanna príobháideacha ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal i mbliana agus 82% a bhí i gceist do scoileanna Béarla nach scoileanna Deis iad.

Maidir leis na scoileanna Gaeltachta, bhí Meánscoil San Nioclás sa Rinn, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Pobalscoil Mhic Dara i gCarna agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair uile ard go maith ar liostaí a gcontaetha.

Bíonn roinnt conspóide ag baint i gcónaí le liostaí seo na scoileanna freastail nó ‘feeder’. Dar le go leor saineolaithe oideachais nach dtugann liostaí dá leithéid léargas cruinn ar fheabhas scoile mar gheall ar a chúinge is atá na critéir agus an dearcadh a léirítear iontu ar cad is oideachas ann.

Fág freagra ar 'Iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar bharr liosta na scoileanna a bhíonn ag soláthar d’institiúidí tríú leibhéal'

  • Lillis Ó Laoire

    “…nach scoileanna Deis iad.” Sin scéal eile…