‘I had to take oxygen!’ – creathadh bainte as coimisinéir teanga ag litir dhátheangach ó Boris Johnson

Dúirt Coimisinéir Teanga na Breataine Bige gur baineadh creathadh chomh mór sin as nuair a fuair sé litir dhátheangach ó Boris Johnson go raibh ar “ocsaigin” a fháil

‘I had to take oxygen!’ – creathadh bainte as coimisinéir teanga ag litir dhátheangach ó Boris Johnson

Dúirt Coimisinéir Teanga na Breataine Bige gur baineadh creathadh chomh mór sin as nuair a fuair sé litir dhátheangach ó Boris Johnson go raibh ar “ocsaigin” a fháil.

Litir faoin ghéarchéim sa tsláinte phoiblí a bhí i gceist agus í i mBéarla agus i mBreatnais.

“I had to take oxygen!” a dúirt an Coimisinéir Aled Roberts agus a theanga ina leathphluc aige ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Bhí orm ocsaigin a fháil nuair a d’oscail mé clúdach na litreach. Ba ó Shráid Downing a tháinig sí ach bhí sé scríofa sa Bhreatnais ar dtús agus ansin i mBéarla,” a dúirt sé.

Bhí Roberts ag freagairt ceiste ó chathaoirleach an choiste Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, faoin soláthar a rinne údaráis na Breataine Bige do chainteoirí Breatnaise le linn na paindéime.

Dúirt Aled Roberts go raibh “imní” air go gcuirfí an Bhreatnais “go leataobh” mar gheall ar an ghéarchéim sa tsláinte poiblí, ach nach raibh an scéal chomh holc is a shíl sé a bheadh i dtús ama.

Rinne an rialtas agus comhlachtaí poiblí “iarracht” eolas a chur ar fáil go dátheangach agus “a ceart a thabhairt don teanga”, a dúirt Coimisinéir Teanga na Breataine Bige.

Mar fhreagra ar an mhéid sin, dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go raibh “bealach fada le dul” ag na húdaráis anseo i bhfianaise “an fíorbheagán ábhair” a cuireadh amach i nGaeilge le linn na paindéime.

Thug Coimisinéir Teanga na Breataine Bige le fios go raibh imscrúduithe ar bonn ag a oifig faoi chásanna a bhain le teastais deimhnithe vacsaínithe a bheith i mBéarla seachas sa Bhreatnais agus faoi “fadhbanna” le fógraíocht i gcuid de na hionaid vacsaínithe.

Bhí Coimisinéir Teanga na Breataine Bige, Aled Roberts, ag labhairt ag cruinniú de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais inné, áit ar thug sé foláireamh do Theachtaí Dála agus Seanadóirí faoin gcineál córais nua atá le tabhairt isteach abhus chun seirbhísí i nGaeilge a chinntiú.

Deirtear i mbille teanga nua an Rialtais, a bhfuil faoi láidriú a dhéanamh ar an Acht Teanga, go dtabharfar isteach córas na gcaighdeán, córas nua ina leagfar amach na dualgais ó thaobh na Gaeilge a bheidh ar chomhlachtaí poiblí.

Faoin mbille teanga nua, leagfaí dualgais chaighdeánacha éagsúla ar chomhlachtaí poiblí, ag brath, mar shampla, ar an méid teagmhála a bhíonn acu leis an bpobal.

Tá a leithéid de chóras i bhfeidhm cheana féin sa Bhreatain Bheag.

Rinne an Coimisinéir Aled Roberts cur síos ar chóras na gcaighdeán sa Bhreatain Bheag agus dúirt sé go raibh sé riachtanach go mbeadh dóthain acmhainní ar fáil ag a leithéid de chóras.

Fág freagra ar '‘I had to take oxygen!’ – creathadh bainte as coimisinéir teanga ag litir dhátheangach ó Boris Johnson'