Hillary Clinton – Banríon Mheiriceá?

Tá Hillary Clinton chun iarracht a dhéanamh an Teach Bán, mar a raibh sí lonnaithe cheana, a bhaint amach in athuair. An mbeidh rogha idir dhá theaghlach ríoga – agus ní idir beirt uachtarán – roimh mhuintir Mheiriceá an bhliain seo chugainn?

11/10/2009 Hillary Clinton Visits Ireland

…But where the president is never black, female or gay, a chas an fealsamh mór le rá Steven Patrick Morrissey thiar sa bhliain 2004 in amhrán leis, America is Not the World.

Tharla go raibh mé féin ag tiomáint timpeall na Stát Aontaithe aimsir thoghchán uachtaránachta na bliana sin, ailt á gcur abhaile agam chuig sean-Foinse faoin gcaoi nach n-éireodh le John Kerry an lámh in uachtar a fháil ar George W. Bush, agus ba é an t-amhrán sin le Morrissey a dhúisigh gach maidin mé agus mé ag seasamh isteach sa charr. Mé féin a chuireadh ar siúl é, ar ndóigh – deasghnáth pearsanta a bhí ann, imdhíonú i gcoinne a mbeadh romham de ráiméis thoghchánaíochta an lá sin.

Tá go leor athraithe ó shin.

Tá an chéad chuid d’áiteamh Morrissey bréagnaithe le beagnach ocht mbliana anuas, agus má éiríonn le Hillary Clinton, a d’fhógair inné go mbeidh sí ag seasamh i dtoghchán uachtaránachta na bliana seo chugainn, iarrthóir na bPoblachtánach a chloí, bréagnófar an dara cuid de.

Ar ndóigh, ba é an chéad uachtarán gorm ar na Stáit Aontaithe, Barack Obama, a fuair ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh sa bhliain 2008, a chuir deireadh le brionglóid Hillary Clinton an Teach Bán a bhaint amach in athuair sa bhliain sin.

In athuair, a deirim, toisc gur chaith Hillary ocht mbliana sa Teach Bán cheana, sna 1990í, nuair a bhí a fear céile Bill ina uachtarán.

Is é tuairim na coitiantachta go n-éireoidh le Hillary Clinton ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh a bhaint amach an iarraidh seo.

D’fhéadfadh toghchán stairiúil a bheith roimh mhuintir Mheiriceá ansin.

Níl sé fógartha aige go hoifigiúil fós go mbeidh ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh á lorg aige, ach glactar leis go forleathan go mbeidh Jeb Bush, mac le George Bush (a bhí ina uachtarán idir 1989 agus 1993) agus deartháir óg George W. Bush (a bhí ina uachtarán idir 2001 agus 2009), ag déanamh iarrachta an Teach Bán a bhaint amach an bhliain seo chugainn.

Ar an gcaoi sin, ní rogha idir beirt uachtarán a bheadh roimh mhuintir Mheiriceá, ach rogha idir dhá theaghlach a bhfuil greim láidir acu ar pholaitíocht na Stát Aontaithe le nach mór dhá scór bliain anuas; i bhfocail eile, idir dhá theaghlach ríoga.

Má éiríonn le Hillary Clinton an ceann is fearr a fháil ar Jeb Bush – nó ar iarrthóir Poblachtánach eile – ar an 8 Samhain 2016, beimid in ann Banríon Mheiriceá a thabhairt uirthi.

Dá n-éireodh le banríon de chineál áirithe eile toghchán uachtaránachta 2020 nó 2024 a bhuachaint agus a theacht i gcomharbacht uirthi, bhréagnófaí an tríú cuid d’áiteamh Morrissey freisin.

Fág freagra ar 'Hillary Clinton – Banríon Mheiriceá?'