Hansen agus Lowe ainmnithe ar fhoireann na hÉireann don chluiche mór in aghaidh na Nua-Shéalainne

Bhí amhras ann an mbeadh Mack Hansen agus James Lowe ar fáil don chluiche mór i bPáras ag an deireadh seachtaine mar gur gortaíodh iad in aghaidh na hAlban

Hansen agus Lowe ainmnithe ar fhoireann na hÉireann don chluiche mór in aghaidh na Nua-Shéalainne

Mack Hansen le James Lowe. Pictiúr: ©INPHO/Ben Brady

Tá Mack Hansen agus James Lowe ainmnithe ar fhoireann rugbaí na hÉireann a thabharfaidh aghaidh ar an Nua-Shéalainn i mbabhtaí ceathrú ceannais de Chorn Rugbaí an Domhain Dé Sathairn beag seo.

Bhí amhras ann an mbeadh Matt Hansen agus cliathánaí eile na hÉireann, James Lowe, ar fáil don chluiche mór i bPáras ag an deireadh seachtaine agus iad beirt gortaithe sa chluiche grúpa in aghaidh na Alban Dé Sathairn seo caite.

Ach tá an bheirt chliathánaithe ainmnithe ar an bhfoireann a thosóidh an chluiche  ceathrú ceannais in aghaidh na Nua-Shéalainne.

Fágann sin go bhfuil an cúigear déag céanna a thosaigh an cluiche inar bhuaigh Éire 36-14 in aghaidh na hAlban ainmnithe arís do chluiche mór an deireadh seachtaine seo.

Fear amháin nach mbeidh ag imirt sa chluiche ceathrú ceannais ná James Ryan. Ghortaigh an nascaire a rosta tar éis dó teacht isteach mar ionadaí sa chluiche in aghaidh na hAlban agus níl sé tagtha chuige féin in am.

Dúirt príomhchóitseálaí na hÉireann Andy Farrell inniu go gceapann sé go mbeidh Ryan in ann imirt sna babhtaí leathcheannais má bhíonn an bua ag Éirinn ar an Nua-Shéalainn sa Stade de France I bPáras Dé Sathairn. Tá Joe McCarthy ó Chúige Laighean ainmnithe in áit Ryan ar an mbinse don chluiche ceathrú ceannais.

Tá athrú amháin eile déanta i measc na n-ionadaithe agus Laighneach eile, Jimmy O’Brien, ainmnithe ar an mbinse den chéad uair sa chomórtas seo.

Tá Éire ag iarraidh na babhtaí leathcheannais a bhaint amach den chéad uair riamh ag Corn Rugbaí an Domhain. Tá a gcuid cluichí uile go dtí seo buaite ag foireann Andy Farrell agus iad mar rogha na coitiantachta chun an Nua-Shéalainn a shárú.

Tosóidh an cluiche sa Stade de France ag 8in Dé Sathairn.

Foireann na hÉireann v An Nua-Shéalainn: H Keenan; M Hansen, G Ringrose, B Aki, J Lowe; J Sexton (capt), J Gibson-Park; A Porter, D Sheehan, T Furlong; T Beirne, I Henderson; P O’Mahony, J van der Flier, C Doris. Ionadaithe: R Kelleher, D Kilcoyne, F Bealham, J McCarthy, J Conan, C Murray, J Crowley, J O’Brien.

Fág freagra ar 'Hansen agus Lowe ainmnithe ar fhoireann na hÉireann don chluiche mór in aghaidh na Nua-Shéalainne'