Halla na Cathrach i mBéal Feirste le bheith glas anocht do cheiliúradh 130 bliain Chonradh na Gaeilge

Ar an 31 Iúil 1893 a bunaíodh Conradh na Gaeilge agus soilseofar Halla na Cathrach mar chuid d’ócáid speisialta atá eagraithe ag an Chonradh i mBéal Feirste

Halla na Cathrach i mBéal Feirste le bheith glas anocht do cheiliúradh 130 bliain Chonradh na Gaeilge

Déanfar Halla na Cathrach i mBéal Feirste a shoilsiú le soilse glasa anocht chun ceiliúradh a dhéanamh ar 130 bliain de Chonradh na Gaeilge.

Ar an 31 Iúil 1893 a bunaíodh Conradh na Gaeilge agus soilseofar Halla na Cathrach mar chuid d’ócáid speisialta atá eagraithe ag an Chonradh i mBéal Feirste.

Tabharfaidh Michelle O’Neill, ceannaire Shinn Féin, príomhchaint na hócáide, a bheas ar siúl i Halla na Cathrach idir 7-9pm anocht agus leanfar le ceol, drámaíocht agus le taispeántas atá bunaithe ar chartlann an Chonartha.

Dúirt Coimeádaí Chonradh na Gaeilge, Cuan Ó Seireadáin, go bhfuil “an-áthas go deo” air go mbeadh ceiliúradh á dhéanamh ar 130 bliain de Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste.

“Bunaíodh an eagraíocht athbheochana Gaeilge iolrach trasphobail seo ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath 130 bliain ó shin agus tá a rian fágtha aici ar gach gné de shaol na tíre ó shin.

“Léiríonn cartlann na heagraíochta agus taighde na staraithe an tionchar cinniúnach a bhí ag baill agus ag fostaithe an Chonartha ar stair na hÉireann agus ar scéal na Gaeilge, a bhí go mór faoi bhaol tráth a bunaithe,” a dúirt sé.

Ag labhairt faoin ócáid, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go mbeadh súil siar á caitheamh ar an mhéid atá bainte amach ag an eagraíocht agus ar an “an ról a bheas ag Conradh na Gaeilge leis an teanga a bhrú chun tosaigh” amach anseo.

“Is deis iontach é an ceiliúradh 130 bliain súil siar a chaitheamh ar an mhéid atá bainte amach againn mar eagraíocht, ar na daoine agus ar na díograiseoirí a tháinig romhainn, ar na dúshláin a sháraigh muid agus ar na ceisteanna móra atá fós le freagairt againn.

“Ag ócáidí mar seo bíonn deis againn go léir súil a chaitheamh chun cinn agus fís a leagan amach ar an chineál sochaí atá uainn sa chéad tréimhse eile, agus an ról a bheas ag Conradh na Gaeilge an teanga a bhrú chun tosaigh le linn an ama sin,” a dúirt sí.

Ina measc siúd a bheas i mbun ceoil beidh na hamhránaithe ar an sean-nós, Piaras Ó Lorcáin agus Bláithín Mhic Cana agus beidh léiriú drámaíochta le Conor Torbóid.

Tosóidh an ócáid cheiliúrtha ag 7pm agus is féidir clárú trí rphost a chur chuig 130@cnag.ie

Fág freagra ar 'Halla na Cathrach i mBéal Feirste le bheith glas anocht do cheiliúradh 130 bliain Chonradh na Gaeilge'

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha na daoine a chuir Conradh na Gaeilge ar Bun.