HAIKU, MÁS É DO THOIL É!
Gabriel Rosenstock
Maisithe ag Brian Fitzgerald
An Gúm
An fhírinne i dtosach: bhí mise lá den saol agus ba bheag orm caint ar bith ar haiku. Ní raibh ann, dar liom, ach línte leamha gan doimhneacht gan damhna. Ach oiread le hióga agus Pokémon, ba ghné de chultúr an Oirthir é nár chuir mé dúil ar bith ann.
Ach is duine sotalach a mbeadh dímheas aige ar fhoirm ealaíne a bhfuil sé iomlán aineolach uirthi. Is dá bhrí sin a tharraing mé chugam an leabhar gairid seo a chraobhscaoileann buanna an haiku.
Agus tá lúcháir orm gur tharraing, nó tá sé ar cheann de na leabhair is taitneamhaí dár léigh mé le fada an lá. Ní bolscaire borb ar bith é ach tá dúthracht Rosenstock don chineál seo éigse le brath ar gach uile leathanach.
Sibhse a bhfuil cuimhne agaibh ar bheith ag treabhadh trí thráchtais thirime faoi mheadarachtaí an Dáin Dhírigh, beidh faoiseamh oraibh a chluinstin nach mbáfar sibh faoi thonnta troma eolais. Cinnte, gheobhaidh sibh amach cén fáth nach mbíonn ceannlitreacha ná lánstadanna sa haiku; cuirfidh sibh eolas ar théarmaí teicniúla mar ‘kigo’, ‘kire-je’ agus ‘haiga’ – ach is ag iarraidh an léitheoir a spreagadh atá Rosenstock, murab ionann agus a cheann a phlúchadh le rialacha. Leabhar atá ann a oirfidh don aos óg agus do mo leithéidse: seanfhondúirí a bhfuil dúil acu i bprós soiléir, i bpictiúir dheasa agus i gcló mór.
Cad é a d’fhoghlaim mé, mar sin? An rud is tábhachtaí ar fad ná an dóigh le haiku a mheas. Na lochtanna a bhí agamsa air, ní lochtanna ar chor ar bith iad, má thuigtear an scéal i gceart. Is ea, an féincheistiú agus an fhéinspéis atá i gcroílár litríocht bourgeois an Iarthair, is ar éigean is ann dóibh sa haiku. Ní hiad doimhneacht smaointeoireachta, ornáidí ná clisteacht friotail buaic an haiku (bíodh is gur minic na buanna sin iontu). Is de réir a bheochta is ceart haiku a mheas.
Do shúile a oscailt, agus pé rud atá os do chomhair ag an am – míorúiltí beaga agus móra na beatha – a thabhairt faoi deara. Iad a fheiceáil i gceart, faoi mar a bheifeá ag féachaint orthu den chéad uair. Ligean dóibh iontas a chur ort. An t-iontas sin a bhreacadh síos i dtrí líne – sin agat haiku.
Tabharfaidh sibh faoi deara nach ‘rudaí tromchúiseacha a fheiceáil’ atá sa sliocht thuas: réabhlóid, agóid, grá geal do chroí. Tá haiku beaga bríomhaire anseo mar gheall ar mhanaigh agus moncaithe, crainn agus capaillíní, dreancaidí agus blaincéid. ‘Ní dráma go coimhlint’ a deir scríbhneoirí an Bhéarla. ‘Dráma atá sa saol uile,’ a déarfadh an file haiku, ‘don té atá i láthair na huaire’, (más ceadmhach dom casadh a chur i sean-nath Gaeilge). Is é an mana sin a chuireann ar a gcumas do mháistrí haiku línte uasdiamhaire a chumadh, línte a chealaíonn gach teorainn idir ‘mise agus tusa’ nó ‘istigh agus amuigh’. A leithéid seo:
snáthaid mhór…
na sléibhte i gcéin
ina dhá súil
Leabhar álainn, idir théacs, dhearadh agus líníochtaí.