Póstaeir i gceantair náisiúnacha mar agóid in aghaidh feachtas earcaíochta an PSNI a bhí ag iarraidh líon na gCaitliceach sa tseirbhís a mhéadú. Ina theannta sin cháin aontachtaithe an bhéim ar ionadaíocht, ag rá gur cheart earcaigh a roghnú ar bhonn ábaltachta seachas ar bhonn creidimh.
Ní raibh éinne buacach sa chath bolscaireachta. Sean-argóintí agus meirg orthu ach muinín sa tseirbhís póilíneachta á creimeadh.
Bhí díomá ar an bPríomh-Chonstábla, Jon Boutcher faoina laghad Caitliceach a rinne iarratas le dhul ar an gcúrsa oiliúna. Caitlicigh nó daoine de chúlra Caitliceach ab ea beagán le cois duine as ceathrar (27%) as an 3,500 iarrthóir ar fad. Cúpla seachtain ó shin mhol an colún seo iarracht an Phríomh-Chonstábla chun a chinntiú go mbeadh an PSNI ionadaíoch ar an bpobal agus níos ilchineálaí ná mar atá.
Ba léir go raibh mionghrúpaí poblachtánacha míshásta leis an bhfeachtas earcaíochta. Is minic cheana a rinneadh imeaglú ar dhaoine chun a chinntiú nach mbeadh seisiúin eolais ag na póilíní i scoileanna nó hallaí pobail, sa mhullach ar fheachtas foréigin na bparaimíleatach. An geábh seo crochadh póstaeir i gcoinne rannpháirtíocht sa phóilíneacht ar An Lorgain agus i mBéal Feirste.
Cé go raibh súil ag Jon Boutcher le níos mó iarrthóirí Caitliceacha ná mar a fuaireadar, is cinnte gur bhuille é do dhá ghrúpa poblachtánacha gur chuir breis is 900 Caitliceach isteach ar an gcúrsa. Ba iad Gluaiseacht Fhlaithis na 32 Contae agus Lasair Dhearg an dá ghrúpa sin. Chroch siad póstaeir i gcoinne an PSNI nó scrios siad fógraí earcaíochta.
Is beag tacaíocht atá ag na mionghrúpaí poblachtánacha i measc an phobail ach bíonn drogall ar Chaitlicigh a dhul sna póilíní i ngeall ar an gcontúirt ó fhoréigean na bparaimíleatach easaontach. Bíonn faitíos ar theaghlaigh go mbeadh duine den chlann i mbaol mar phóilín agus go mbeadh a mhuintir i mbaol freisin. Is bocht an scéal é gur faoi rún a bhíonn Caitlicigh san PSNI; daoine ag ceilt cá bhfuil siad ag obair, ag fanacht glan ar an mbaile agus ar a gcomharsanacht dúchais. Go bunúsach bíonn póilíní de chúlra Caitliceach scoite amach óna muintir féin ar mhaithe lena slándáil. Ní sábháilteacht an t-aon chúis áfach.
Nuair a d’fhógair an Príomh-Chonstábla gurbh údar díomá é líon na n-iarrthóirí Caitliceacha, d’éiligh roinnt go gcuirfí an córas earcaíochta 50/50 i bhfeidhm arís ar mhaithe le cothromaíocht i gcomhdhéanamh na ballraíochta. Tharraing an t-éileamh racht ó cheannaire an DUP, Gavin Robinson a dúirt go raibh polasaí 50/50 mífhéaráilte, gur bhain sé an bonn den fhostaíocht ar bhonn cumais, gur chothaigh sé easaontas, go mba dhíspreagadh é do dhaoine ardchumais agus gur ísligh sé caighdeán na seirbhíse ón PSNI.
Is léir go bhfuil obair mhór le déanamh lasmuigh den PSNI chun na bearnaí i gcomhdhéanamh na ballraíochta a cheartú, Caitlicigh, mná agus daoine ó chúlra eitneach gann. Tá obair le déanamh laistigh den PSNI freisin, áfach. Ní chothaíonn moilleadóireacht an PSNI i dtaca le soláthar faisnéise do na cúirteanna faoi chásanna conspóideacha muinín i measc náisiúnaithe gan trácht ar phoblachtánaithe. An bhfuil coinníollacha oibre – an t-atmaisféar – sásúil nó an ‘teach fuar’ í an tseirbhís póilíneachta do Chaitlicigh?
Is minic é cloiste le scór bliain nár fhan Caitlicigh i bhfad san PSNI agus ráta imeachta i bhfad níos airde acu ná a bhíonn ag Protastúnaigh. An bhfuil baill den PSNI a aontaíonn le dearcadh Gavin Robinson faoin gcineál duine a earcaíodh faoin gcóras 50/50 agus a léiríonn drochmheas? Díol suntais is ea é gur annamh a bhaineann Caitlicigh postanna ceannais amach, fíorbheagán a shroicheann leibhéal na hardbhainistíochta.
D’éiligh duine den bheagán Caitliceach a bhfuil post sinsearach bainte amach aige san PSNI, an Ceannfort Gerry Murray, go mbunófaí athbhreithniú neamhspleách ar “chultúr an PSNI agus earcaíocht”. Athbhreithniú den saghas a rinne an Bhanbharún Casey ar phóilíní Londan, an Met, a theastaíonn uaidh. Chinn athbhreithniú Casey go raibh leithcheal nó idirdhealú forleathan san Met, é le tuiscint ó Murray, cé nár dhúirt sé glan amach é, go bhfaighfí fadhbanna den chineál céanna san PSNI.
Tá súil go ngabhfaidh Jon Boutcher mar Phríomh-Chonstábla i ngleic leis na ceisteanna seo. Is mithid. Clár den scoth a leag amach eiseamláir don phóilíneacht ab ea plean Patten ceathrú céid ó shin. Ba mhór an feall é cliseadh air.
Fág freagra ar 'Ba mhór an feall é cliseadh ar phlean Patten don PSNI'