‘Mar bhean, b’fhéidir go raibh sé níb éasca domsa nasc a chruthú le daoine. Nuair a thosaigh mise ar an obair seo, i 1973, ní gnáthrud a bhí ann, bean ina haonar ag dul isteach sna bailte beaga.’
‘Cheapadh daoine i gcónaí gur ar mhaithe le stuif a dhíol leo a bhí mé ag dul thart agus málaí móra de threalamh grianghrafadóireachta chomh maith le mála codlata ar iompar agam.’
I 1973, in Éirinn, bhí saol nua-aimseartha á chaitheamh ag formhór an phobail. Pobal Caitliceach den chuid is mó a bhí ionainn, cé go raibh sé sin ar tí athrú. Ní bheadh aon duine ag déanamh iontais de bhean ag dul thart ag glacadh grianghraf.
Ach is Spáinneach í an grianghrafadóir cáiliúil Cristina García Rodero agus rinne sise rud as an ngnáth i dtús na seachtóidí. Bhí sí cáilithe mar ealaíontóir agus fuair sí scoláireacht chun cuairt a thabhairt ar an Iodáil. San Iodáil bhuail uaigneas í i ndiaidh a tír dhúchais agus bheartaigh sí filleadh agus tabhairt faoi thionscnamh a dhéanfadh taifeadadh agus caomhnú ar thraidisiúin na tíre.
Cheap sí gurbh fhearr an léargas a bheadh aici ar shaol na tuaithe agus ar na traidisiún a bhí fós beo ann dá ndíreodh sí a haird ar fhéastaí, ar ócáidí ceiliúrtha a bhain le creideamh, agus ar fhéilte eile a bhain leis an bhféilire tuaithe.
I dtaispeántas dá cuid grianghraf ‘Cristina García – Espana Oculta’ a chonaic mé le gairid i Málaga na Spáinne, ní mórán eolais a thugtar i leith na ngrianghraf atá ar taispeáint ann. Ní bheadh a fhios agat an raibh tuairim ar bith aici sular thug sí faoin tionscnamh áirithe seo cad a bhí roimpi. An raibh a fhios aici mar shampla, go raibh traidisiúin ann nárbh fhéidir a rá gur bhaineadar le creideamh ar bith?
Grianghrafadóir den scoth atá inti. Tugadh isteach i gcomhlacht pictiúir Magnum í – an chéad Spáinneach ar tugadh an onóir sin dóibh. Is léir ón mbailiúchán seo go bhfuil tallann ar leith aici chun pictiúir a ghlacadh de dhaoine agus go bhfuil trust iomlán acu inti. Is léir freisin gur chaith sí dua agus an t-uafás ama ag ócáidí poiblí ag glacadh pictiúr i ndiaidh pictiúir go dtí go bhfuair sí an rud a bhí uaithi. Go minic, beidh duine eile sa chúlra ag coinneáil súil ar a bhfuil ag titim amach – sórt lucht féachana eile, ar do nós féin. Bheadh dul amú ar an té a cheapfadh go bhfuair sí aon phictiúr sa taispeántas ar an gcéad iarraidh – bhí fanacht fada uirthi don chuid is fearr. Dúirt sí féin gur minic a chaith sí an lá ar fad in éineacht le daoine, gan bia ná deoch agus gur mhinic a chuidigh sé sin léi trust a chothú leo.
Sna pictiúir sa taispeántas seo, a foilsíodh i bhfoirm leabhair freisin, feicimid daoine ag féilte éagsúla Caitliceacha, ar nós ‘Corpus Christi’, i mbun faoistine amuigh faoin aer, ag glacadh páirt i mórshiúlta agus na daoine gléasta in éadaí ornáideacha, agus chomh maith leis sin, feicimid daoine i mbun traidisiúin nach mbeadh mórán tuisceana againn féin orthu.
Baineann cuid díobh sin le téamaí a raibh ceangal aisteach acu le gnéas – ní bheadh a fhios ag duine cá as a dtáinig siad. An raibh siad ann sular tháinig an creideamh Caitliceach i réim agus ar fáisceadh isteach sna féilte reiligiúnda ansin iad?
An mar gheall ar na traidisiúin sheanbhunaithe seo a bhí doicheall ar dtús roimh a cuid iarrachtaí na traidisiúin a chaomhnú nó faisnéis a dhéanamh orthu? Ní bheadh a fhios agat. Ligeann sí do na grianghraif a scéal féin a insint.
Ag siúl thart ar an taispeántas bheadh sé an-éasca a cheapadh gur i dtús an chéid seo caite a glacadh na pictiúir. Breathnaíonn an Spáinn go hainnis. Níl éadaí maithe ag na daoine, tá na tithe agus an caighdeán maireachtála thar a bheith bocht. Is léir go dtugann na féilte ócáid agus leithscéal ceiliúrtha do dhaoine a bhí cráite ag an saol laethúil.
Bhuail an smaoineamh mé go ndearna an grianghrafadóir taifeadadh ar shaol a bhí ar tí athrú. Seans nach raibh a fhios aici féin fiú, ach bhí an Spáinn ar tí áit a ghlacadh san Aontas Eorpach, sa mbliain 1986. Sa mbliain chéanna tháinig tír eile a bhí beo bocht isteach san Aontas freisin, an Phortaingéil agus an Ghréig cúpla bliain roimhe sin.
Tá glúnta beo anois nach cuimhneach leo an sórt réimeas polaitiúil a bhí i gcumhacht sna tíortha sin. Nach dtéimid ar fad ar saoire iontu, nach bhfuil siad breá nua-aimseartha agus snas ar an mbonneagar – bóithre maithe, iarnróid agus aerfoirt den scoth acu? Ach sna seachtóidí bhí réimeas docht daingean, míleata nó deachtóireacht ag rialú na dtíortha sin.
Ag féachaint ar ghrianghraif Cristina García Rodero, ní mór cuimhneamh go raibh an ceannaire faisisteach, uathlathach, an Ginearál Franco, i gcumhacht go dtí 1975. Ba mhór iad na hathruithe a tháinig ar an Spáinn ón mbliain sin, nuair a bhásaigh seisean. Thóg sé cúpla bliain sular aontaigh an pobal ar bhunreacht nua. Agus seachas iarrachtaí a rinneadh an daonlathas nua a scrios, sna blianta tosaigh, tá an daonlathas i réim sa Spáinn ó shin. Bíonn difríochtaí agus easaontais idirpháirtí ann, mar a bhíonn in go leor tíortha san Eoraip, ach is le toil na ndaoine agus le díospóireacht dhaonlathach a thagtar ar réiteach nó ar chomhréiteach.
Tugann an taispeántas léargas dúinne ar shaol iargúlta, báite ina chuid traidisiún féin, saol a raibh an phríomháit ag an sagart agus ag an chléir ann, saol a raibh na mná brúite síos, nó ar a laghad, in áit na leithphingine.
Ach ní féidir breathnú air le dearcadh a dhéanfadh neamhaird ar ár stair chráite féin. Nuair a bhí Cristina ag dul thart lena ceamara, bhí na hinstitiúidí Caitliceacha agus na Tithe Maigdiléineacha fós ag feidhmiú sa tír seo. Thóg sé píosa maith orainn féin na scéalta uafáis a bhain leo sin a nochtadh.
Agus má tá mná beo i gcónaí a bhí ina gcailíní beaga sa chúlra sna grianghraif sa taispeántas seo, tá súil agam gur bhaineadar sult agus sásamh as an éacht a rinne mná na Spáinne nuair a ghnóthaigh siad Corn an Domhain sa sacar in 2023. Ní cheapfadh éinne sa mbliain 1974 go bhféadfadh a leithéid tarlú go deo.
Fág freagra ar 'Grianghrafadóir a tharraing súil an tsaoil mhóir ar chultúr ceilte na Spáinne'