GRÁINNE McELWAIN: Craoltóir aitheanta Gaeilge le cláir CLG Sky Sports a chur i láthair i mbliana

Tá McElwain, a bhfuil cónaí uirthi i nGaeltacht Chonamara, chun cláir CLG Sky Sports a chur i láthair agus í ag teacht i gcomharbacht ar Rachel Wyse atá ar shaoire mháithreachais

GRÁINNE McELWAIN: Craoltóir aitheanta Gaeilge le cláir CLG Sky Sports a chur i láthair i mbliana

Tá sé fógartha go mbeidh an craoltóir aitheanta Gráinne McElwain ag cur cláir Chumann Lúthchleas Gael Sky Sports i láthair an séasúr seo.

Tá blianta caite ag McElwain mar láithreoir agus mar léiritheoir ar chláir spóirt agus obair déanta aici le TG4, RTÉ agus eir Sport roimhe seo.

Cuirfidh McElwain, a bhfuil cónaí uirthi i nGaeltacht Chonamara, cláir CLG Sky Sports i láthair agus í ag teacht i gcomharbacht ar Rachel Wyse atá ar shaoire mháithreachais.

Tá amhras ann anois an mbeidh na craobhacha idirchontae féin á n-imirt agus cúrsaí Covid-19 ag dul in olcas arís, ach deir McElwain go bhfuil sí ag súil go mór leis an deis a fháil na cláir a chur i láthair .

“Tá mé ag súil go mbeidh craobhacha againn i dtús báire, sin an rud! Leis na figiúirí an tseachtain seo, ní bheadh a fhios agat céard a tharlóidh ach tá mé ag súil go mór leis,” arsa McElwain.

“Tá sé iontach deas a bheith ag obair ar chúrsaí CLG. Is breá liom a bheith ag plé leis an pheil agus an iomáint agus tá mé ag súil go mór leis.”

Tá obair déanta aici le Sky Sports roimhe seo agus rinne sí obair léiriúcháin leo nuair a thosaigh an stáisiún ag craoladh cluichí CLG. Chaith sí seal mar thuairisceoir ar an taobhlíne anuraidh chomh maith ach beidh McElwain níos feiceálaí fós an séasúr seo.

Chomh maith leis na cluichí beo a chur i láthair, beidh McElwain le feiceáil ar chlár cainte nua atá le craoladh ag Sky Sports faoi chúrsaí CLG, Inside the Game.

Beidh leithéidí Kieran Donaghy, Peter Canavan, JJ Delaney, Jamesie O’Connor agus Ollie Canning le feiceáil ar an gclár, chomh maith le haíonna eile, agus mórscéalta CLG na seachtaine faoi chaibidil acu.

Gráinne McElwain, Brian Carney nó Mike Finnerty a chuirfidh an clár i láthair gach seachtain.

Craolfar an chéad chlár den tsraith amárach, an 19 Lúnasa ar Sky Sports Arena agus cuirfidh McElwain a céad chlár i láthair Dé Céadaoin, an 2 Meán Fómhair.

Agus cúrsaí mar atá i láthair na huaire, áfach, deir McElwain nach féidir féachaint rófhada chun cinn.

“Mar gheall ar Covid-19, tá tú ag súil le dea-scéal ach ní bhíonn a fhios agat. Tá mise ag díriú ar an gclár nua agus ag súil go mór é sin a dhéanamh agus feicfidh muid ina dhiaidh sin céard a bheidh ag tarlú leis na craoltaí beo.”

Má imrítear na craobhacha i mbliana, tiocfaidh na cluichí tiubh te tapa agus é i gceist deireadh a chur leis na comórtais aimsir na Nollag. Níl McElwain ach ag súil leis an deis, áfach, agus í ag iarraidh só agus anó chraobhacha CLG a chur os comhair an phobail.

“Is pribhléid a bhíonn ann i gcónaí a bheith i láthair ag na cluichí agus a bheith ag cur agallaimh ar na bainisteoirí agus ar na himreoirí. Bíonn mise ag iarraidh na ceisteanna a bheadh ag na daoine sa bhaile a chur ar na saineolaithe ach is pribhléid é a bheith ag plé na mionrudaí agus na mór-rudaí a tarlaíonn le linn na gcluichí.”

Fág freagra ar 'GRÁINNE McELWAIN: Craoltóir aitheanta Gaeilge le cláir CLG Sky Sports a chur i láthair i mbliana'

  • Christina

    Comhghairdeas duit a Ghrainne! Beidh tu ar fheabhas!

  • Christina Nash

    Comhghairdeas duit a Ghrainne. Beidh tu ar fheabhas!