Gradaim Eorpacha le bronnadh ar chúigear ‘Aistritheoirí Óga’ na bliana

Domhnall Ó Braonáin as Coláiste Cholmcille i gCois Fharraige a bhuaigh an duais mhór sa chomórtas Aistritheoirí Óga 2018

Gradaim Eorpacha le bronnadh ar chúigear ‘Aistritheoirí Óga’ na bliana

Is é Domhnall Ó Braonáin as Coláiste Cholmcille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara a bhuaigh an duais mhór sa chomórtas Aistritheoirí Óga 2018, a d’eagraigh an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann.

Sé dhuais a bronnadh sa chomórtas, an duais náisiúnta don saothar aistriúcháin is fearr, duais don aistriúchán is fearr ó gach cúige agus duais don phíosa aistriúcháin is fearr ó theanga seachas an Béarla.

Chomh maith leis an duais náisiúnta a thabhairt leis bronnadh ar Dhomhnall Ó Braonáin chomh maith an duais don aistriúchán is fearr a rinneadh i gCúige Chonnacht.

Ba í Rachel Ní Ghruagáin as Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, a bhuaigh an duais do Chúige Laighean. Hannah Ní Shearcaigh as Coláiste Íde i gCorca Dhuibhne a bhuaigh an duais do Chúige Mumhan agus Cliodhna Ní Mhianáin as Gaelcholáiste Dhoire a thug léi an duais don saothar aistriúcháin is fearr ag dalta as Cúige Uladh.

Zoya Nic Eibhearaird as Coláiste Pobail Ráth Cairn i nGaeltacht na Mí a bhuaigh an duais don phíosa aistriúcháin ab fhearr ó theanga eile seachas an Béarla. Saothar aistriúcháin ó Ghearmáinis go Gaeilge a rinne Nic Eibhearaird.

Dúirt Aislínn McCrory, Ceann Aonad an Aistriúcháin Gaeilge sa Choimisiún Eorpach gur “dea-chomhartha do thodhchaí an aistriúcháin is ea caighdeán aistriúcháin na mbuaiteoirí i mbliana”.

Seo an dara huair ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann an comórtas Aistritheoirí Óga a reáchtáil.

Luaitear trí sprioc le bunú an chomórtais: ardchaighdeán sa Ghaeilge a chur chun cinn, ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus spéis daltaí i ngairmeacha teanga a mhúscailt. Ghlac 21 scoil páirt sa chomórtas Aistritheoirí Óga 2018.

Bronnfaidh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne TD na duaiseanna ar na buaiteoirí ag searmanas i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn. 

Fág freagra ar 'Gradaim Eorpacha le bronnadh ar chúigear ‘Aistritheoirí Óga’ na bliana'