Gradaim CLG le bronnadh ar bheirt fhear Gaeltachta agus ar chlár de chuid RnaG

Tugadh aitheantas do Cholm Ó Neasa ó Choill Sáile in Iorras Aithneach, do Chian O’Connor ó Bhá Fhíonáin i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh agus do Dhónall Mac Ruairí agus Michelle Nic Grianna ó RnaG agus buaiteoirí Ghradam MacNamee fógartha

Gradaim CLG le bronnadh ar bheirt fhear Gaeltachta agus ar chlár de chuid RnaG

Tá Cumann Lúthchleas Gael le gradaim a bhronnadh ar bheirt fhear Gaeltachta agus ar chlár speisialta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi bhás peileadóra óg.

Colm Ó Neasa ó Choill Sáile in Iorras Aithneach i gConamara agus foireann an chláir Ógie a craoladh ar RnaG anuraidh a bhuaigh Gradam na Gaeilge mar chuid de Ghradaim MacNamee CLG in 2021 agus 2022 faoi seach. Roghnaíodh pictiúr a thóg Cian O’Connor ó Bhá Fhíonáin i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh don ghradam don ghrianghraf is fearr mar chuid de ghradaim na bliana seo caite chomh maith.

Bhuaigh Ó Neasa an gradam don obair a rinne sé ar leabhar ar stair na peile ina cheantar dúchais, Ón Dumhach go dtí an Plantation.

‘An Plantation’ a thugtar ar pháirc bhaile an chumainn áitiúil, Carna-Caiseal, agus beirt bhall den chumann, Ó Neasa agus Seán Ó Cuirrín, a chur an leabhar in eagar.

Dúirt CLG gur “sárchuntas stairiúil” atá sa leabhar ar stair na peile sa cheantar agus go ndéantar cur síos “ar mhóreachtraí na gcluichí Gaelacha sa cheantar, ó cuireadh an club ar bun an chéad lá sa bhliain 1928 go dtí an lá atá inniu ann”.

D’fhág an phaindéim Covid-19 go raibh moill ar fhógairt bhuaiteoirí na nGradam MacNamee do 2021 agus 2022. Bhuaigh an fhoireann a rinne clár faoin pheileadóir óg Brendan ‘Ógie’ Ó Dufaigh a bhásaigh go tragóideach i dtimpiste bhóthair in 2021 a bhuaigh gradam na bliana seo caite. Is é Dónall Mac Ruairí a léirigh an clár Ógie, inar labhair Michelle Nic Grianna le hathair Ógie, Breandán, faoi shaol a mhic agus ar thábhacht na peile dó. Bhí Ógie ina chaptaen ar fhoireann Faoi 20 peile Mhuineacháin agus is ag teacht abhaile ó chluiche leis an bhfoireann a bhí sé nuair a cailleadh é.

Labhraíodh sa chlár freisin faoin tacaíocht a thug pobal CLG don chlann tar éis bhás Ógie.

Bhuaigh an t-iriseoir de chuid an Irish Times, Malachy Clerkin, an gradam do na Meáin Náisiúnta 2021 as scéal a scríobh sé faoi Ógie agus faoina bhás.

Bhuaigh Cian O’Connor gradam 2022 don ghrianghraf is fearr do phictiúr a thóg athair, bainisteoir fhoireann peile Chiarraí Jack O’Connor, agus Corn Mhig Uidhir tugtha aige leis ar cuairt go dtí laoch na Ríochta, Mick O’Dwyer. Tógadh an pictiúr den bheirt leis an gcorn i dteach O’Dwyer ar an gCoireán i gCiarraí anuraidh tar éis do Chiarraí Craobh Shinsir Peile na hÉireann a bhuachan. 

Bronnfar Gradam Saoil 2022 ar iriseoir eile ón Irish Times, Seán Moran, agus is é Enda McEvoy, iriseoir a bhfuil na blianta caite aige ag scríobh faoin iomáint, a gheobhaidh an Gradam Saoil do 2021.

Tá na Gradaim MacNamee, gradaim chumarsáide CLG, ainmnithe in ómós do Phádraig MacNamee, iarUachtarán de chuid na heagraíochta agus iarbhall d’Údarás RTÉ.

Rinne Uachtarán reatha CLG, Larry McCarthy comhghairdeachas leis na buaiteoirí uile.

Fág freagra ar 'Gradaim CLG le bronnadh ar bheirt fhear Gaeltachta agus ar chlár de chuid RnaG'