Grá agus meas léirithe do Leona Harper agus Martina Martin ag a sochraidí 

Ar an Chraoslach a bhí Aifreann sochraide Martina Martin agus i Ráth Mealtain a bhí sochraid Leona Harper a bhí 14 bliain d’aois

Grá agus meas léirithe do Leona Harper agus Martina Martin ag a sochraidí 

D’fhreastail na céadta inné ar shochraidí beirt eile den deichniúr a maraíodh i dtubaiste an Chraoslaigh.

I dTeach Pobail Naomh Muire i Ráth Mealtain a bhí aifreann sochraide Leona Harper ar siúl. Bhí Leona Harper 14 bliain d’aois.

I dTeach Pobail Naomh Mícheál ar an Chraoslach a bhí aifreann sochraide  Martina Martin, máthair ceathrar páistí agus a bhí ag obair sa siopa Applegreen nuair a tharla an phléasc thubaisteach Dé hAoine seo caite. Bhí sí 49 bliain d’aois.

Dúirt sagart paróiste an Chraoslaigh, an tAthair John Joe Duffy, gurb í Martina an “Mamaí Béar’ is fearr a d’fhéadfaí a fháil agus gur thug sí tús áite do gach duine eile seachas í féin i gcónaí. Bhí sí lán grá agus bean sheoigh iontach ab ea í, a dúirt a sagart.

“Fíorghrá a thabhairt, b’in cúram an tsaoil, dar léi. Bhí sí gasta ar a teanga agus ní chuirfeadh sí fiacail ann ach an grá agus an mhaitheas ba bhunús leis i gcónaí,” arsa an tAthair Duffy.

Duine álainn ab ea í a d’inis an fhírinne i gcónaí, ar sé.

Ag triall ar uachtar reoite sa siopa ar imeall an Chraoslaigh a bhí Leona Harper nuair a maraíodh í sa phléasc.

Déagóir bríomhar le croí mór a bhí inti, a dúirt an tAthair Michael Carney, sagart paróiste Ráth Mealtain le linn aifreann a sochraide inniu. Dúirt sé gur deirfiúr agus cara dílis grámhar a bhí inti agus go raibh sí ina “míorúilt bheag” ag a dtuismitheoirí.

“Bíonn loinnir ón tseoid, bíonn sí ag glioscarnach agus meallann sí sinn. Bhí loinnir iontach ó Leona, ag glioscarnach le fuinneamh agus spórt a bhíodh sí agus mheall sí oiread sin cairde,” arsa an tAthair Carney.

Saol gairid a bhí aici ach bhí an saol sin lán go barra, ar sé.

“Bhí neamhspleáchas iontach ag baint léi, deireadh sí amach an rud a bhí ar a hintinn aici agus labhraíodh sí amach ar son daoine eile. Sheas sí an fód do dhaoine nach raibh ábalta an fód a sheasamh ar a son féin.”

Dúirt sagart paróiste an Chraoslaigh, an tAthair John Joe Duffy go raibh muintir an Chraoslaigh agus daoine ó áiteanna eile ag “fulaingt le chéile” agus go raibh “an phian á hiompar” le chéile acu.

An “dlúthchaidreamh” seo a chabhródh leo ar “a n-aistear”, ar sé.

Fág freagra ar 'Grá agus meas léirithe do Leona Harper agus Martina Martin ag a sochraidí '