Go tobann ní raibh fágtha ach ceithre chontae

Maidir leis na contaetha atá díbeartha ón gcraobh ba dhíol suntais é nár éirigh níos fearr le cuid acu

Go tobann ní raibh fágtha ach ceithre chontae

Henry Shefflin. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Agus go tobann ní raibh fágtha ach ceithre chontae. Sin mar atá i ndiaidh cluichí an deireadh seachtaine seo caite.

Luimneach atá go láidir mar rogha na coitiantachta agus an Ghaillimh a bheidh ag dul isteach i bpluais an dragúin an deireadh seachtaine seo chugainn. Tá Cill Chainnigh san iomaíocht sna babhtaí leathcheannais, don tríú bliain as a chéile, cé nach bhfuil mórán ag tuar go mbuafaidh siad Craobh na hÉireann i mbliana. In aghaidh chontae an Chláir a bheidh siad faoi cheann seachtaine agus níor mhór do na Cláirínigh a bheith níos fearr ná mar a bhí seachtain ó shin más leo áit a fháil sa chluiche ceannais a fháil den chéad uair ó 2013.

Maidir leis na contaetha atá díbeartha ón gcraobh ba dhíol suntais é nár éirigh níos fearr le cuid acu. Ar bharr an liosta sin, is dócha, tá Port Láirge a bhuaigh an tsraith agus cuma an-láidir orthu. Bhí go leor den tuairim go raibh siad sa dara háit taobh thiar de Luimneach.

Ach theip orthu aon ní cóir a dhéanamh agus níor bhuadar ach cluiche amháin. B’in an t-aon chluiche craoibhe atá buaite acu le ceithre bliana.

Bhí a fhios againn go mbeadh Colm Bonnar agus Tiobraid Árann faoi bhrú gan Pádraig agus Brendan Maher agus sin mar a bhí.

Bhí tréimhsí imeartha an-mhaith acu i gcúpla cluiche ach ag an deireadh chríochnaíodar folamh agus iad ar bhun an tábla sa Mhumhain.

D’fhéadfá a rá go raibh dhá shéasúr ag Corcaigh. Bhí siad go hainnis i gcluiche ceannais na sraithe agus lag i gcoinne Luimnigh agus i gcoinne an Chláir.

Ach thíos i bPáirc an Bhreathnaigh Domhnach álainn grianmhar chuireadar stop leis an meath agus bhí bua breá acu ar Phort Láirge. Leanadar orthu le bua eile i gcoinne Thiobraid Árann agus cé nach raibh siad iontach i gcoinne Aontroma rinne siad an beart. Faraor chuir siad an iomarca deiseanna amú i gcoinne na Gaillimhe, dosaen seans sa chéad leath leis féin, deiseanna maithe ar chúil ina measc.

I gcúige Laighean bhain an chuid is mó den díospóireacht roimh ré faoi cé a thógfadh an tríú háit taobh thiar de Chill Chainnigh agus an Ghaillimh. D’éirigh leis na Cait an Corn a bhuachan don tríú bliain i ndiaidh a chéile agus don 74ú huair ar fad nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ghaillimh sa chluiche ceannais.

Bhí an-chosúlachtaí idir réamhbhabhtaí Chúige Laighean agus Chúige Mumhan agus fiúntas ag baint leis na cluichí go léir. Go deimhin is ar an lá deireanach a chinntigh Loch Garman gurbh iad a bheadh sa tríú háit. Agus rinne siad go slachtmhar é nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar na Cait i bPáirc Uí Nualláin.

Bhuaigh siad go héasca ar Chiarraí sa réamhbhabhta ceathrú ceannais ina dhiaidh sin ach tháinig críoch leis an aistear an Domhnach seo caite i gcoinne chontae an Chláir.

Is féidir le Loch Garman a bheith an-bhródúil as a dtaispeántais i mbliana áfach agus a bheith muiníneach go leor ag dul isteach go 2023.

Ní dóigh liom gur féidir an rud céanna a rá faoi Bhaile Átha Cliath a chríochnaigh sa cheathrú háit i gCúige Laighean. Is dóigh go bhfuil ré Mattie Kenny críochnaithe tar éis séasúr lag eile. Ar an drochuair bhí cuid den mhí-ádh air mar bhí an líon céanna pointí acu is a bhí ag Cill Chainnigh agus Loch Garman, ach bhí difríocht scórála níos fearr ag an dá chontae eile.

Is dócha nach raibh aon dabht roimh an gcéad bhabhta ach gurb iad an Iarmhí agus Laois a bheadh ag bun an tábla ag an deireadh agus an contae a chaillfeadh an cluiche eatarthu a bheadh san áit dheireanach. Agus dar ndóigh b’in a tharla. Thug an Iarmhí ceacht agus léasadh dá gcomharsana (5-25 in aghaidh 1-18). Caithfidh go raibh bainisteoir na hIarmhí, Joe Fortune agus a chomhghleacaithe, thar a bheith sásta leis an bhfeachtas, go háirithe an cluiche deireanach i gcoinne Loch Garman a chríochnaigh ar comhscór.

Faraor bhí drochfheachtas ag Laois –  0 pointe, 4-80 scóráilte acu agus 16-136 faighte ina gcoinne. Beidh siad ag imirt do Chorn Joe Mhic Dhonncha in 2023. Ansin ag tosach na seachtaine d’fhógair an bainisteoir Séamus ‘Cheddar’ Plunkett go bhfuil a chuid déanta aige leis an gcontae. Tá ardmholadh tuillte aige mar tá an t-uafás curtha isteach aige in iomáint chontae Laoise.

Leanfaidh an t-aicsean ar aghaidh an deireadh seachtaine seo chugainn agus na cluichí leathcheannais ar siúl agus an séasúr ag críochnú do phéire acu agus an lá is mó san fhéilire idirchontae ag péire eile faoin spotsolas. Táim ag súil go mór leis.

Fág freagra ar 'Go tobann ní raibh fágtha ach ceithre chontae'