Gníomh polaitiúil leabhar a cheannach i Stáit Aontaithe  Mheiriceá

LÉAMH AGUS SCRÍOBH:  Thug ár gcolúnaí faoi deara, le linn aistir timpeall na Stát Aontaithe ar na mallaibh, nach féidir éalú ó pholaitíocht na féiniúlachta i siopaí leabhar na tíre sin

Gníomh polaitiúil leabhar a cheannach i Stáit Aontaithe  Mheiriceá

Tá an bord caife lán leabhar, creach déanta agam ar shiopaí in Philadelphia, Washington DC, Chicago agus Denver agus mé ar thuras timpeall na Stát aimsir thoghchán na huachtaránachta.

‘Cén saghas leabhair a mheallann d’aird agus tú ar an taobh seo den Atlantach?’ a d’fhiafraigh cara Meiriceánach díom.

Leabhar nach bhfaighfeá san Eoraip a d’fhreagair mé ach, anois agus mé ag breathnú ar na clúdaigh a chlúdaíonn an bord caife ó imeall go himeall, feicim nach raibh an freagra sin baileach cruinn agus go bhfuil téama lárnach ag baint le mo rogha.

The Awkward Black Man, gearrscéalta le Walter Mosley. Friday Black, gearrscéalta le Nana Kwame Adjei-Brenyah. Black Ink, leabhar faoin scríbhneoireacht chruthaitheach le haistí ó phinn Zora Neal Hurston, James Baldwin, Toni Morrison, Marlon James, Jamaica Kincaid, Ta-Nehisi Coates, Junot Díaz, Edwidge Danticat, Colson Whitehead, Chimamanda Ngozi Adichie agus scríbhneoirí dubha eile.

How to Write about Africa, cnuasach aistí leis an údar ón gCéinia, Binyavanga Wainana. Masculinity Redefined, le J.J. Bola, a rugadh in Kinshasa agus a bhfuil cónaí air i Londain. Trí eagrán den ghreannán Akogun, Brutalizer of Gods, le Murewa Ayodele agus Dotun Akande. Passing, le Nelly Larsen, úrscéal faoi bhean dhubh a ligeann uirthi féin gur bean bhán í, leabhar a foilsíodh thiar i 1929. Agus an dlaoi mhullaigh: leabhar grianghraf faoi Muhammad Ali a foilsíodh i dtús an chéid seo agus a d’aimsigh mé i siopa athláimhe i gcathair Denver.

D’fhéadfaí an lipéad ‘woke’ a bhualadh anuas ar chuid mhaith de na leabhair thuas, agus téarma é sin a rith liom go minic agus mé ag brabhsáil na seilfeanna sna Stáit. Ní hionann agus san Eoraip, áit nach gcuirtear toirmeasc ar leabhair a phléann cúrsaí inscne, cine nó eile (an daonlathas idir sinn agus an drochrud) – tá siopaí leabhar sna Stáit ar an líne thosaigh i gcogaí cultúrtha éagsúla.

Bhí seastán ar leith le ‘leabhair thoirmiscthe’ i gcuid mhaith de na siopaí leabhar ar thug mé cuairt orthu sna Stáit – leabhair a bhfuil nó a raibh toirmeasc orthu i stáit áirithe faoi láthair (in Florida amháin, tá cosc sa chóras oideachais ar bhreis agus 1,400 leabhar), nó leabhair a raibh cosc orthu san am a caitheadh. Iarracht atá sna seastáin sin aird a tharraingt, ní hamháin ar áiféis agus uafás (uaiféis!) na cinsireachta ach ar na teidil féin, agus bhí iontas orm ainmneacha chomh haitheanta le John Steinbeck agus Toni Morrison a fheiceáil ar na seastáin chéanna.

Ach rinne mé iontas freisin de ghné eile den chogaíocht chultúrtha sin, agus níl mé cinnte céard a cheapaim fúithi. An tsraith greannán Akogun, Brutalizer of Gods agus an t-úrscéal Passing, cheannaigh mé iad i siopaí, in Philadelphia agus i Chicago faoi seach, a d’fhógair go sonrach, ar an láthair agus ar líne, gur daoine dubha iad na húinéirí. Go deimhin, lipéad é ‘Black Owned Business’ ar féidir cuardach a dhéanamh air ar shuíomhanna turasóireachta ar nós www.visitphilly.com agus araile.

Ar lámh amháin, tuigim an fonn a bheadh ar phobal a ndearnadh leatrom orthu ar feadh na gcéadta bliain agus a ndéantar leatrom orthu fós tabhairt faoin gcineál sin fógraíochta.

Ar an lámh eile, cuireann sé i gcuimhne dom an córas ‘verzuiling’ (‘fan i do cholún sóisialta féin’) a bhíodh i bhfeidhm i mo thír dhúchais, an Ísiltír, go dtí an dara cogadh domhanda agus a thugadh ar Chaitlicigh siopaí faoi úinéireacht Chaitliceach amháin a thaobhú – agus mar a chéile i gcás na bpobal Protastúnach éagsúil agus an lucht oibre; bhí teir mhór ar shiopaí a bhain le pobail eile a thaobhú agus bhíodh a gcuid nuachtán agus stáisiún raidió féin ag chuile dhream freisin.

Is iomaí rud a tharla idir na 1920idí agus na 2020idí gan dabht, agus bhí áthas orm nár mise an t-aon chustaiméir neamhdhubh sna siopaí leabhar faoi úinéireacht dhubh ar thug mé cuairt orthu in Philadelphia agus in Chicago, ach is léir go bhfuil polaitíocht na féiniúlachta ar ais i bhfaisean, ní hamháin sna Stáit ach ar fud an domhain.

Rud atá le tuiscint nuair atá féiniúlachtaí faoi bhrú sna cogaí cultúrtha éagsúla atá á bhfearadh i láthair na huaire, ach chuirfeadh sé cumha ort i ndiaidh na laethanta nár ghníomh polaitiúil a bhí i gcuairt ar shiopa leabhar ach rud a dhéanfá toisc go raibh fonn ort scéal maith a léamh.

Fág freagra ar 'Gníomh polaitiúil leabhar a cheannach i Stáit Aontaithe  Mheiriceá'

  • Indrek

    Alt an-spéisiúil – agus scanrúil. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an domhan ag athrú, agus ní chun feabhais.

  • alan titley

    Scanrúil, ach fíor. Cé go bhfuil an ‘chinsireacht’ a chleachtann siopaí leabhar abhus i bhfad níos caolchúisí. Ach is ann di. Go dearfa.