GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA – Údar mór eile ceiliúrtha ag scríbhneoirí Leabhar Breac

Tá cáil nach beag bainte amach ag Leabhar Breac, an teach foilsitheoireachta atá ag teannadh lena gcúigiú bliain is fiche ar an bhfód

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA – Údar mór eile ceiliúrtha ag scríbhneoirí Leabhar Breac

An mhí seo, agus trí ainmniúchán as na sé leabhar Gaeilge atá ar ghearrliosta an Irish Book Awards faighte ag Leabhar Breac, is fonn ceiliúrtha atá sa teach foilsitheoireachta sin agus iad ag teannadh lena gcúigiú bliain is fiche ar an bhfód, in 2019. Ceiliúradh, de shórt, air sin a bheidh i bhfoilsiú an tríú húrscéal le Liam Mac Cóil i sraith Lúcáis Uí Bhriain, Bealach na Spáinneach, 25 bliana tar éis fhoilsiú an chéad leabhar don chomhlacht, An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil in 1994.

Go deimhin, bhain Leabhar Breac cáil nach beag amach mar fhoilsitheoir san fhicsean comhaimseartha sna cúig bliana fichead sin. Ní hé amháin gurb iad a d’fhoilsigh úrscéalta Liam Mhic Cóil agus úrscéalta Dharach Uí Scolaí, eagarthóir an tí, ach ar an liosta sin freisin tá Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi, Teach an Gheafta le Cathal Ó Searcaigh, agus Hula Hul, Gealach agus Doras Fuinneog Scuab le Seán Mac Mathúna, chomh maith le Filleann Seoirse le hÉilis Ní Anluain — agus deirtear linn gur gearr uainn úrscéal nua óna peann siúd.

Ach comhthreomhar leis an saothrú sin ar an nua-litríocht le tamall de bhlianta, tá forbairt á déanamh ag Leabhar Breac ar an tseanlitríocht. I bhfocail an eagarthóra Darach Ó Scolaí “gan teacht ag léitheoirí — ní áirím scríbhneoirí — ar an tseanlitríocht, is deacair an litríocht nua a fhorbairt go sásúil.”

Anuas ar an dá leabhar as an tseanlitríocht a foilsíodh le Diarmuid Johnson, Conaire Mór agus Tuatha Dé Danann, tá Éadaoin anois ar na bacáin, agus is gearr uainn leabhar nua eile le Feargal Ó Béarra, tar éis do Leabhar Breac An Tromdhámh leis a fhoilsiú an mhí seo. Tá an dara cló curtha ar Táin Bó Cuailnge leis an Scolaíoch agus gan í bliain féin ar an bhfód, agus tá eagrán nua de Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne le Nessa Ní Shéaghdha geallta in 2019.

Níl aon fhaillí déanta ag Leabhar Breac i ngort an aistriúcháin ach an oiread. Foilseofar aistriúchán Cholmcille Uí Mhonacháin ar úrscéal Steinbeck Ar Luch agus ar Dhuine an bhliain seo chugainn, agus táimid ag súil le haistriúchán Iarla Mhic Aodha Bhuí ar An Captaen Alatriste (úrscéal agus, go deimhin, mórscannán le hArturo Perez-Reverte) agus aistriúchán Bhernadette Nic an tSaoir ar Chourmo, an dara leabhar i sraith Jean-Claude Izzo. Agus, ar ndóigh, is liosta le háireamh na húrscéalta graifice atá aistrithe ag an gcomhlacht le cúig bliana anuas.

Ach an Nollaig seo, is ar an trí leabhar atá ag Leabhar Breac ar ghearrliosta an Irish Book Awards a bheidh súile na léitheoirí, Táin Bó Cuailnge le Darach Ó Scolaí, Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson, agus Teach an Gheafta le Cathal Ó Searcaigh. Agus ní beag sin!

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA – Údar mór eile ceiliúrtha ag scríbhneoirí Leabhar Breac'