Tá an Samhradh ag druidim linn go tiubh agus beidh réimse leathan d’imeachtaí trí Ghaeilge ag tarlú i gContae na Mí a bheidh oiriúnach do theaghlaigh agus páistí atá idir 3 – 12 bliain d’aois. Sa cheantar Gaeltachta Ráth Chairn beidh Féile na Gealaí ar ais, agus ar an taobh eile den chontae in Oirthear na Mí, i mBhaile an Bhiataigh agus i mBaile Átha Troim beidh go leor imeachtaí ar siúl mar chuid den chlár Chruinniú na nÓg.
Tosaíonn Féile na Gealaí, an Fhéile Cheoil Ghaeilge bhliantúil sa cheantar Gaeltachta an deireadh seachtaine 13 – 15 Meitheamh agus beidh lá spraoi agus scíthe ar súil i leabharlann Ráth Chairn agus na himeachtaí ansin urraithe go hiomlán ag Comhairle Contae na Mí.
Ag tosú ag 10:00r.n. foghlaim conas carachtair chartúin a tharraingt le Aidan Courtney a scríobhann Coimicí Gael. Ansin glac páirt i seisiúin spraíúil le Cleamairí Feirste ó 12:00 – 1:00i.n. Is féidir leat do scíth a ligint le píosa spraíúil chomh maith leis an gceardlann Suaimhneas Intinne don chlann le Marian ag tosú ag 2:00i.n. Ná déan dearmad mata íoga a thabhairt leat don cheardlann sin. Ina dhiaidh sin beidh comórtas dathúcháin ar siúl.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil agus clárú do na himeachtaí seo ag an seoladh ríomhphoist seo: gaeilge@meathcoco.ie nó tá fáilte romhat bualadh isteach ar an lá.
In OIrthear na M,í i mBaile an Bhiataigh agus Baile Átha Troim bain sult as réimse ócáidí iontacha mar chuid den chlár Cruinniú na nÓg, beidh imeachtaí do leanaí agus do dhaoine óga ar siúl ar an Sathairn 7 Meitheamh. Ghlac páirt sa cheardlann dhátheangach (Ghaeilge & Béarla) ag déanamh Masc Cruthaitheach le Tarsila Kruse. Ar chuid de na himeachtaí eile a bheas ar siúl, beidh ceardlanna ag déanamh eitleog, dealbhóireacht cré; ealaín ghainimh do theaghlaigh agus ceardlann eile do ghreannáin spraíúla agus go leor eile!
Tugtar cuireadh do pháistí agus daoine óga freastal ar na himeachtaí seo agus cuirfear fáilte mhór rompu. Cuimhnigh go mbeidh gach ócáid saor in aisce. Na himeachtaí ag Cruinniú na nÓg, beidh spásanna teoranta i gcás an chuid is mó de na himeachtaí. Maidir leis na himeachtaí a bheas ar siúl I Leabharlann Bhaile Átha Troim ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré tríd an nasc:
https://www.meath.ie/council/council-services/cruinniu-na-nog-2025
Leabharlann Bhaile an Bhiataigh: 041 2132080
Leabharlann Bhaile Átha Troim: 046 9436063
Bígí linn i gContae na Mí , Mí an Mheithimh seo le haghaidh seisiúin spraoi agus cruthaitheachta.
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tar Chuig an Mhí'