GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tacaíocht den scoth do mhúinteoirí iar-bhunscoile atá ag teagasc trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge

Tá an cúrsa Gaeilge seo maoinithe go hiomlán ag COGG agus á chur ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí iar-bhunscoile atá ag teagasc trí Ghaeilge

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tacaíocht den scoth do mhúinteoirí iar-bhunscoile atá ag teagasc trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge

Dianchúrsa COGG 2023, 14 – 18 Lúnasa

Reáchtálfar Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair do mhúinteoirí atá ag teagasc a gcuid ábhar trí Ghaeilge in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ón 14ú – 18ú Lúnasa i mbliana.  Is deis iontach atá sa chúrsa seo do mhúinteoirí iar-bhunscoile chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus is deis tumtha sa Ghaeilge a bheidh ann do mhúinteoirí nach bhfuil chomh líofa sin sa teanga.  Beidh na ranganna teanga ar siúl ar líne (á seachadadh ag Gaelchultúr do COGG) óna 9.30am – 1pm gach lá, ach is i gColáiste na Coiribe, Gaillimh,  a bheidh buaicphointe an chúrsa, Saincheardlanna Ábhair, ar an 16ú Lúnasa.

Tá an cúrsa seo á reáchtáil ag COGG le cúig bliana déag anuas agus is í an eagraíocht Gaelchultúr, atá aitheanta as sárchaighdeán i dteagasc na Gaeilge, a sholáthraíonn na ranganna Gaeilge ar gach leibhéal ó A2 go C1 ag brath ar éileamh ó na múinteoirí.

“Thug an cúrsa seo an-mhisneach dom,” a mhínigh múinteoir a rinne an cúrsa seo ar líne anuraidh “bhí na ranganna Gaeilge seo go hiontach ar fad mar bhíodar rangbhunaithe agus scoilbhunaithe agus bhíos ábalta dul isteach i rang a bhí díreach i gceart dom ag mo leibhéal féin. Bhí i bhfad níos mó muiníne agam ag teagasc trí Ghaeilge dá bharr Dhianchúrsa Gaeilge COGG”.

Ag caint ar thábhacht an Dianchúrsa, dúirt Príomhfheidhmeannach COGG Jacqueline Ní Fhearghusa go bhfuil COGG an-sásta an cúrsa a mhaoiniú arís i mbliana. “Is tacaíocht thar a bheith luachmhar an cúrsa seo do phríomhoidí agus iad ag earcú múinteoirí nua don teagasc iar-bhunscoile trí Ghaeilge agus do mhúinteoirí a bhfuil taithí acu ag obair san earnáil araon.  Tugann an cúrsa deis do mhúinteoirí pleanáil don scoilbhliain nua, a bheith tumtha i dtéarmaíocht a gcuid ábhar, agus gan dabht, dea-chleachtais agus acmhainní a roinnt”.

Beidh lá mór Dhianchúrsa 2023 ar siúl i gColáiste na Coiribe, i gcathair na Gaillimhe ar an 16ú Lúnasa óna 9.30am – 3.30pm.  An lá sin, freastalóidh rannpháirtithe an chúrsa ar shaincheardlanna ábhair, mar a mbeidh deis acu teacht le chéile le speisialtóirí ina gcuid ábhar agus dea-chleachtais agus acmhainní a phlé agus a roinnt.  Leagann COGG an-bhéim ar fad ar fhorbairt ghairmiúil den sórt seo agus beidh an-tábhacht ag baint le forbairt agus buanú meithleacha ábhar don teagasc trí Ghaeilge i gclár oibre na Comhairle amach anseo.

Tá an cúrsa seo maoinithe go hiomlán ag COGG agus á chur ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí iar-bhunscoile atá ag teagasc trí Ghaeilge.  Cuirfear liúntas taistil agus cothabhála flaithiúil (180 euro) ar fáil do gach múinteoir chun freastal ar lá na gceardlann i nGaillimh.

Is féidir clárú don chúrsa ag www.cogg.ie/dianchúrsa.  Gach eolas ó aoife@cogg.ie

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tacaíocht den scoth do mhúinteoirí iar-bhunscoile atá ag teagasc trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge'