GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste

Ceol is cáis, scríobh is siúl, ranganna is rince, airneál is amhráin ag féile coicíse i mBéal Feirste

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste

Tá Scoil Samhraidh Mhic Reachtain réidh leis an tine a chur sa bharrach agus féile beartaithe acu ina mbeidh ranganna Gaeilge, ócáidí litríochta, coirmeacha den scoth, imeachtaí do dhaoine óga – agus cáiseanna iontacha na hÉireann le blaiseadh!

Lonnaithe in Áras Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste, tá an Scoil Samhraidh seo ar cheann de na féilte Gaeilge is cairdiúla ar fud an oileáin agus daoine ag teacht ó gach cearn den tír – agus níos faide i gcéin – le sult a bhaint as an atmaisféar chaithiseach, fháilteach.

Sin an fáth go mbíonn ráchairt chomh mór sin ar ranganna na Scoile Samhraidh, iad á n-eagrú ar feadh coicíse in áit seachtaine, Luan go hAoine, 10am-4pm an chéad seisiún ag toiseacht ar an 17 Iúil agus an dara ceann ar an 24 Iúil.

Ach tá i bhfad Éireann níos mó i gceist le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ná na ranganna.

Riamh anall, bhí an-dáimh ag muintir Bhéal Feirste le bunadh na Gaeltachta agus déanfar ceiliúradh ar an nasc bráithriúil seanbhunaithe sin ag Oíche Airneáil san Áras ina gcloisfear scoth na hamhránaíochta Gaeilge – Síle Denvir; Doimnic Mac Giolla Bhríde; Róisín Chambers; Bláithín Mhic Cana; Domhnall Ó Braonáin; Colm, Gearóid agus Pádraig Ó Dubháin; Róise Nic Corraidh; Éabha Ní Mhonacháin; Conor Ó Gallchóir; Piaras Ó Lorcáin agus Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail mar bhean an tí.

Phew! Beidh an Oíche Airneáil ar siúl ar an Aoine, an 28 Iúil ach má tá fonn ort féin amhráin a fhoghlaim, beidh ranganna amhránaíochta ar siúl gach lá, Luan go hAoine, 17 -21 Iúil.

Ar na buaicphointí eile atá beartaithe, beidh oíche as an ghnáth á reáchtáil ag an chócaire Ciarán Ó Crualaoich, a d’fhág an bhialann mór le rá Molly’s Yard le bialann Ghaelach, An Caifé Ceoil, a bhunú in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma.

Beidh a shaothar le blaiseadh ag gourmets na Gaeilge ag an ócáid – Cáis, Ceol agus Ól.

Beidh togha agus rogha cháiseanna na tíre seo ar fáil le greamanna blasta bia ceithre chúrsa agus ceol traidisiúnta á léiriú beo i rith an ama ag na sárcheoltóirí Conor Caldwell, Caitríona Ní Ghribín agus Sinéad Nic Cionnaith.

Beidh Cáis, Ceol agus Ól ar siúl ar an 26 Iúil.

Tá clú ar leith ar Scoil Samhraidh Mhic Reachtain mar gheall ar chúrsaí ceoil agus ní haon eisceacht scoil na bliana seo.

Beidh na ballaí féin ag bárcadh allais agus dhá cheann de na buíonta ceoil is spleodraí le chéile ar an aon ardán – Jiggy agus Polca4 a bheidh ag seinm an cineál ceoil a mhúsclódh na mairbh!

Tabhair leat do chuid bróga damhsa ar an Satharn 22 Iúil.

Ach chomh tarraingteach céanna, beidh Port a’ tSaoil: Tionscadal Kate Bush, imeacht de chuid IMRAM ina mbeidh Caitríona O’Leary ag ceol amhrán ar nós Wuthering Heights, Babooshka agus The Man with the Child in his Eyes agus iad aistrithe go healaíonta go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock.

Agus táthar ag súil go mbeidh ceol ceadaithe ag an dá Pop-Up Gaeltacht a bheidh ar siúl i dTigh Tábhairne Uí Chasaide, gar d’Áras Mhic Reachtain ar an 20 agus an 27 Iúil.

Bíonn an litríocht i gcónaí mar chuid thábhachtach de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain fosta agus ar an Chéadaoin 19 Iúil, beidh Oíche na Scríobhaithe ann le Fionntán de Brún ó Ollscoil Mhá Nuad ar úrscéalaí é féin, agus an file Conallach, Máire Dinny Wren, agus iad á gcur faoi agallamh ag Róise Ní Bhaoill.

Tá an Scoil Samhraidh agus an Cumann Cultúrtha a bhunaigh í baiste as muintir Mhic Reachtain, an tÉireannach Aontaithe Henry Joy McCracken agus a dheirfiúr, Mary-Ann.

Ar an Domhnach, beidh siúlóid chorraitheach threoraithe ó Chaisleán Bhéal Feirste go mullach Bheann Mhadagain leis an staraí Cormac Hamill a bheas mar chomóradh ar shaol Henry Joy, 225 bliain i ndiaidh Éirí Amach 1798 a raibh sé d’aidhm aige “Caitliceach, Protastúnach agus Easaontóir a thabhairt le chéile”.

Agus mar chuimhneachán ar Thionól na gCruitirí i 1792, beidh seisiún leis na cláirseoirí Úna Monaghan agus Cara Ni Tháth sa Chaifé Ceoil.

Agus sin agat Scoil Samhraidh Mhic Reachtain – an aimsir chaite, an aimsir láithreach agus an todhchaí, todhchaí a bhfuil an Ghaeilge ina croí agus atá lán de spraoi agus dóchas.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ón suíomh idirlín mhicreachtain.com, ó Eventbrite agus ón leathanach Facebook.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste'