Gliceas Átha Cliath, botúin Mhaigh Eo, mianach ógánaigh na Gaillimhe agus taithí mhná na hardchathrach

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta móra ó chluichí ceannais na hÉireann ag an deireadh seachtaine

Gliceas Átha Cliath, botúin Mhaigh Eo, mianach ógánaigh na Gaillimhe agus taithí mhná na hardchathrach

Gliceas Átha Cliath a fuair an ceann is fearr ar Mhaigh Eo

Cúis aiféala a bheidh ann do Mhaigh Eo nár bhain siad leas iomlán as an mbuntáiste a bhí acu ag tús an dara leath i gcluiche ceannais na hÉireann. Agus cárta dubh bronnta ar Robbie McDaid díreach roimh an mbriseadh, bhí fear sa bhreis ag Maigh Eo don chéad deich nóiméad den dara leath ach theip orthu mórán dul chun cinn a dhéanamh.

Fuair Maigh Eo trí scór sa tréimhse sin ach fuair Áth Cliath péire, rud a d’fhág nach raibh an bhearna laghdaithe ach le haon phointe amháin faoin am ar fhill McDaid ar an bpáirc. Bhí deis iontach caillte ag Maigh Eo tuilleadh brú a chur ar a gcéilí comhraic.

Tá sé beagáinín mífhéaráilte an milleán uile a chur ar Mhaigh Eo, áfach. Níor éirigh leo dul chun cinn níos mó a dhéanamh mar níor thug Áth Cliath an deis sin dóibh.

D’aithin Dessie Farrell agus a chuid imreoirí go mbeidís faoi mhíbhuntáiste sa chéad chuid den dara leath agus shocraigh siad an ghoimh a bhaint as an imirt tríd an liathróid a choinneáil ó Mhaigh Eo.

Bhuaigh Áth Cliath an caitheamh isteach agus choinnigh siad seilbh ar an liathróid ar feadh dhá nóiméad go leith. Níor chaill siad seilbh na liathróide go dtí gur shleamhnaigh sí ó Con O’Callaghan agus deis ar chúl cruthaithe ag Ciarán Kilkenny dó.

Sa chéad cheithre nóiméad den dara leath, ní raibh greim ag Maigh Eo ar an liathróid ach ar feadh 20 soicind.

D’fheabhsaigh Maigh Eo agus chruthaíodar cúpla deis scórála sa chuid dheireanach den tréimhse a chaith McDaid ar an taobhlíne. Scóráil Stephen Coen ó mharc, fuair Cillian O’Connor pointe ó chic saor agus ba cheart go mbeadh ceann eile aige nuair a bhuail Michael Fitzsimons faoi Lee Keegan. Bhí cúigear déag ar an bpáirc arís ag Áth Cliath anois áfach agus bhí an deis caillte.

 

Chris Barrett ag dul chun talún faoi shúil Brian Fenton. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Maigh Eo míchruinn arís

Rinneadh an-chuid cainte roimh an gcluiche faoi thábhacht na gciceanna amach agus bhí Maigh Eo ar fheabhas ar fad sa ghné sin den imirt. Sa chéad leath, bhuaigh siad cúig cinn de na deich gcic amach a bhí ag Stephen Cluxton agus bhuaigh Maigh Eo gach ceann den 12 cic amach a bhí David Clarke. Ina ainneoin sin, bhí siad dhá phointe chun deiridh ag leath ama.

D’íoc Maigh Eo go daor as gach botún dá ndearna siad. As an 2-14 a scóráil Áth Cliath, fuair siad leath díobh, 1-7, nuair a chaill imreoirí Mhaigh Eo seilbh na liathróide.

Bhí taispeántas den scoth ag teastáil ó thosaithe Mhaigh Eo ach mar sin a bhí. Is minic caint déanta faoina gcruinneas go dtí seo i mbliana, go háirithe in aghaidh Thiobraid Árainn sa chraobh agus in aghaidh na Gaillimhe sa tsraith. Ar an drochuair dóibh, thréig an cruinneas iad Dé Sathairn.

Chruthaigh Maigh Eo 16 deis scórála ón imirt sa chluiche ceannais ach níor aimsigh siad ach seacht bpointe ar fad ó na deiseanna sin. Ón 17 deis scórála a chruthaigh Áth Cliath ón imirt, scóráil siad 2-9.

Bhuail imreoirí Mhaigh Eo cúig cinn d’iarrachtaí isteach díreach i lámha Stephen Cluxton. Ní dhearna aon duine d’imreoirí Átha Cliath an botún sin.

Caithfidh foireann a bheith slán ó locht chun foireann seo Átha Cliath a bhualadh agus is cinnte nach raibh Maigh Eo amhlaidh Dé Sathairn.

 

Warren Seoige, Gaillimh (Club Leitir Móir) ag seasamh an fhóíd in aghaidh Mark O’Leary, BÁC. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cúis cheiliúrtha ag ógánaigh na Gaillimhe faoi dheireadh

Is cinnte go raibh imní ar imreoirí agus lucht tacaíochta na Gaillimhe Dé Sathairn agus an chuma air go raibh Áth Cliath chun teacht aniar a dhéanamh i gcluiche ceannais Chraobh Peile Faoi 20 na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí Gaillimh sé phointe chun cinn ag tráth amháin sa dara leath ach ní raibh ach aon phointe amháin idir na foirne in am cúitimh agus Áth Cliath sa tóir ar an gcomhscór.

Bhí an t-ádh glan ar Ghaillimh nár tugadh an deis dóibh an scór cinniúnach a fháil. Agus an t-am beagnach caite, rinne cosantóir Átha Cliath Josh Bannon ruathar chun cinn agus cé gur chaith sé é féin chun talún an chéad uair agus é ag iarraidh cic saor a mhealladh, tugadh sonc ceart sa droim dó tar éis dó éirí arís. Rinne an réiteoir neamhaird air agus tháinig Gaillimh slán.

Bhí tocht ar roinnt mhaith d’imreoirí na Gaillimhe agus Craobh na hÉireann buaite acu faoi dheireadh. Bhí cuid mhaith acu ar fhoirne mionúir an chontae a chlis i gcluichí ceannais na hÉireann in 2018 agus 2019 ach bhí an lá leo Dé Sathairn.

Ar dhuine acu, bhí Tomo Culhane. Scóráil Culhane deich bpointe i gcluiche ceannais na mionúr anuraidh ach scóráil Corcaigh cúl in am cúitimh, rud a d’fhág na foirne ar comhscór. Corcaigh a rinne slad in am breise.

Lá fuascailte a bhí ann Dé Sathairn do Culhane. Bhí an tosach mór téagartha seo ar dhuine de na himreoirí is óige ar fhoireann faoi 20 na Gaillimhe i mbliana ach scóráil sé 1-6 in aghaidh Átha Cliath agus b’iontach mar a spreag sé an fhoireann le Craobh na hÉireann a bhaint.

 

Jennifer Dunne, Carla Rowe agus Niamh McEvoy. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Na seanfhondúirí a rinne an beart do mhná Átha Cliath

Ní raibh mná Átha Cliath ar a socracht ar feadh tamaillín i gcluiche ceannais na hÉireann inné.  Cé go raibh siad níos ábalta ná Corcaigh bhí deiseanna éasca á gcur amú acu agus d’fhág sin go raibh seaimpíní na hÉireann chun deiridh ag leath ama, 1-3 in aghaidh 0-3.

Buaileadh buille eile ar Áth Cliath nuair ab éigean do Shinéad Aherne, an pháirc a fhágáil agus í ag fuasaoid gortú. D’uireasa an chaptaein is faoi seanfhondúirí eile na foirne a bhí sé an beart a dhéanamh.

Bhí Sinéad Goldrick, Lyndsey Davey agus Siobhán McGrath ar fheabhas d’fhoireann Mick Bohan agus bhí siad lárnach i dteacht aniar Átha Cliath.

Tá taithí na mblianta ag an triúr agus bhí siad ar fhoirne a chaill ceithre cinn de chluichí ceannais in aghaidh Chorcaí, ag áireamh trí cinn as a chéile idir 2014 agus 2016.

Ní raibh Davey ach 15 bliain d’aois agus ní raibh McGrath ach 16 bliain d’aois nuair a d’imir siad d’fhoireann shinsir Átha Cliath in 2004. Ní raibh Craobh na hÉireann buaite riamh ag an gcontae ag an bpointe sin ach is mór an t-athrú atá tagtha ar an scéal ó shin agus a gceathrú craobh as a chéile acu anois.

Fág freagra ar 'Gliceas Átha Cliath, botúin Mhaigh Eo, mianach ógánaigh na Gaillimhe agus taithí mhná na hardchathrach'