Is maith ann an glantachán earraigh anama

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An té a choinníonn nótaí, beidh nótaí le caitheamh amach aige

Is maith ann an glantachán earraigh anama

Líonaim trí nó ceithre leathanach in aghaidh an lae i gcóipleabhair éagsúla. An ghnáthscríbhneoireacht chruthaitheach anuas ar chín lae agus smaointe fánacha eile. Gach rud curtha le chéile, líonaim ar a laghad cóipleabhar iomlán amháin in aghaidh na míosa. 

Pé sleachta gur fiú a choinneáil, clóim isteach sa ríomhaire iad. Ach ina dhiaidh sin, is ar éigean a bhreathnaím ar na cóipleabhair lána.

Téann siad isteach i dtarraiceán.

Ach an lá cheana, bhí an tarraiceán féin lán.

Ní raibh spás ar bith fágtha don chóipleabhar a bhí díreach líonta agam.

Mo chuid fo-éadaí agus mo chuid T-léinte a chur san aon tarraiceán amháin le go mbeadh tarraiceán breise agam do na cóipleabhair an chéad rud a rith liom, ach ansin dúirt glór éigin ar chúl m’aigne go raibh mé as mo mheabhair. 

Cé a léifeadh mo chuid cóipleabhar go brách?

Agus ag deireadh an lae tá a gcearta féin ag fo-éadaí agus ag T-léinte freisin. Ag an gcuid sin de shaol an scríbhneora nach mbaineann leis an scríbhneoireacht.

Shocraigh mé tabhairt faoi ghlantachán earraigh. Is maith a thuig mé nach bhféadfainn na cóipleabhair a chaitheamh amach scun scan; bhí stuif i gcuid acu gurbh fhiú a choinneáil, fiú mura mbeadh ann ach cuimhní cinn do lá éigin níos faide anonn nuair a bheidh mé ag fáil bháis leis an leadrán in áras na seandaoine.

Shuigh mé síos ar urlár mo sheomra chodlata, in aice leis an tarraiceán lán, chun scagadh a dhéanamh ar na scríbhinní.

Chaith mé amach pé cóipleabhar a raibh scéal ann nár chríochnaigh mé. (Tá sé de nós agam cóipleabhar nua a úsáid do gach scéal.)

Choinnigh mé na cóipleabhair a raibh scéalta iontu a cuireadh i gcló. Ar ndóigh ní bheadh iontu ach an chéad dréacht ciotach de scéalta a ndearnadh babhta i ndiaidh babhta eagarthóireachta orthu sular foilsíodh iad, ach mhothaigh mé go raibh saghas dualgas orm iad a choinneáil ar eagla go gcuirfí suim iontu lá éigin amach anseo. ‘Músaem na Scríbhneoirí Gaeilge’, aon duine? Ní bheadh a fhios agat riamh. 

Chuaigh na cóipleabhair sin isteach i mbosca bróg.

D’fhág sé sin an chín lae agus na smaointe fánacha. Rith sé liom, ag treabhadh trí leathanach i ndiaidh leathanaigh de mo chuid scríbhneoireachta féinghafa féin, go mbíonn an chuid is mó de laethanta an tsaoil an-chosúil lena chéile agus nach dtarlaíonn tada gur fiú trácht air, den chuid is mó.

Éiríonn an ghrian. Chodail duine go maith nó go holc. Chuir an bhean béal dorais isteach air le scéal éigin faoi inneall níocháin.

Isteach sa bhosca bruscair a chuaigh an chuid is mó de na cóipleabhair sin.

Ach bhí cúig nó sé cinn ann a bhain le tréimhse dheacair i mo shaol grá. Chuaigh na cóipleabhair sin isteach i mbosca bróg ar leith. 

Nuair a dhún mé an bosca sin a thuig mé i gceart céard a bhí ar bun agam, dáiríre.

Glantachán earraigh anama.

Fág freagra ar 'Is maith ann an glantachán earraigh anama'