Glactha ag Comhairle Chontae Chill Chainnigh le rún ag tacú leis an síneadh fada

Dúirt comhairleoir de chuid Fhine Gael go n-úsáidtear straithín na Fraincise coitianta sa bhFrainc agus umlaut na Gearmáinise sa nGearmáin, agus gur chóir dúinne anseo in Éirinn an síneadh fada a úsáid mar is ceart

Glactha ag Comhairle Chontae Chill Chainnigh le rún ag tacú leis an síneadh fada

Tá glactha ag Comhairle Chontae Chill Chainnigh le rún ag iarraidh ar gach comhlacht Stáit in Éirinn an síneadh fada a chur “san áit ba chóir dó a bheith in aon fhocal Gaeilge, i ngach cumarsáid, agus i ngach áit a mbíonn focail i nGaeilge á bpriontáil”.

An comhairleoir Fidelis Doherty a mhol an Fógra Foriarratais. Dúirt sí go raibh cúrsaí tábhachtacha le plé ach gur bhain an cheist seo le cultúr na hÉireann agus go raibh an Ghaeilge tábhachtach. “Ainm deas Gaeilge ar bhuachaill é Seán, ach aosta a chiallaíonn ‘sean’ agus ainm álainn é Órla ach múisc a chiallaíonn orla agus gan aon fhada ar an ‘o’,” arsa Doherty.

Tagairt ab ea é sin do chinneadh an CSO aitheantas a thabhairt i mbliana den chéad uair d’ainmneacha a bhfuil síneadh fada iontu sna liostaí bliantúla d’ainmneacha páistí a fhoilsíonn siad.

Dúirt Doherty, comhairleoir de chuid Fhine Gael go n-úsáidtear straithín na Fraincise (cedilla) coitianta sa bhFrainc agus umlaut na Gearmáinise sa nGearmáin, agus gur chóir dúinne anseo in Éirinn an síneadh fada a úsáid mar is ceart.

“Tá sé fíorthábhachtach go léiríonn muid ómós dár dteanga agus dár n-oidhreacht scríofa,” a dúirt sí.

Ghlac na comhairleoirí leis an bhfógra foriarratais.

Dheimhnigh oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí le déanaí go bhfuil fiosrúchán ar bun acu féachaint an bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú mícheart trí shínte fada a fhágáil ar lár.

Bunaíodh an fiosrúchán nuair a rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir faoina ainm a bheith á litriú mícheart ag an HSE agus Bank of Ireland. Mhaígh Ó Cofaigh gur shárú é seo ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).

Faoin GDPR is gá go gcoinneodh eagraíochtaí stáit, bancanna agus comhlachtaí eile eolas agus sonraí pearsanta cruinn beacht.

Bhunaigh an léiritheoir scannáin aitheanta an feachtas Faigh do ‘fada’ mí Dheireadh Fómhair seo caite chun Gaeil á spreagadh le héileamh a dhéanamh go litreodh comhlachtaí príobháideacha agus eagrais stáit a gcuid ainmneacha go cruinn agus na sínte fada a chur isteach.

Is minic daoine míshásta le comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha nach mbíonn aon aird acu ar an síneadh fada.

Bhí sé ina raic an mhí seo caite, mar shampla, mar gheall ainmneacha Gaeilge daoine a bheith á mílitriú ag an Údarás Náisiúnta Iompair ar chártaí Leap.

Rinneadh cáineadh géar anuraidh  ar an bPríomh-Oifig Staidrimh mar nach n-áiríonn an córas atá in úsáid ó 1999 acu chun eolas a chur ar fáil faoi na hainmneacha is coitianta a thugtar ar leanaí ainmneacha a bhfuil sínte fada iontu. Deacrachtaí teicneolaíochta an míniú a bhí ag an CSO chomh maith ar an gcóras acu a bheith lochtach.

Tá molta sa dréachtreachtaíocht nua a bhfuil fúithi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúila go mbeadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí maidir le húsáid ainmneacha agus seoltaí Gaeilge.

Fág freagra ar 'Glactha ag Comhairle Chontae Chill Chainnigh le rún ag tacú leis an síneadh fada'

  • AnRógaire

    Cén fáth nach leagtar dualgas ar chomhluchtaí príobháideacha mar an gcéanna?

  • Sibéal

    Níl sé cruinn a rá go bhfuil an umlaut agus an cédille “coitianta”. Tá siad riachtanach sna teangacha sin agus ní féidir scríobh gan iad.
    Níl tuiscint ag go leor leor Éireannaigh ar litriú agus foghraíocht na Gaeilge agus ceapann go leor acu gur rud rognach atá sa síneadh fada. Tá go,leor tuistí (fiú ón Ghaeltacht) a scríobhann Sean, Siobhan, Siun, Brid, Tomas, Caitriona, Sibeal, Ruan, Gearoid, Manus, Eadaoin, Aine srl ar na teastais breithe.