Glactha ag an Rialtas le leasú a chosnóidh ceart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton nach mbeadh sé inmholta ó thaobh polasaí de cosc a chur ar dhaltaí atá líofa sa Ghaeilge leanúint lena n-oideachas trí Ghaeilge

Glactha ag an Rialtas le leasú a chosnóidh ceart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais

Tá glactha ag an Rialtas le leasú reachtaíochta a chosnóidh ceart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, mura ndéanfaí an leasú seo bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag an reachtaíocht nua oideachais  do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Ag labhairt dó faoin leasú a thabharfaidh cosaint sa Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 do chearta an chainteora dúchais Gaeilge, dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton nach mbeadh sé inmholta ó thaobh polasaí de cosc a chur ar dhaltaí atá líofa sa Ghaeilge leanúint lena n-oideachas trí Ghaeilge.

De réir an leasaithe, ní bheidh cead ag Gaelscoileanna tabhairt ar leanbh freastal ar agallamh nó cruinniú chun a líofacht sa teanga a mheas, ach beidh cead ag tuismitheoirí fianaise eile,  físeán, mar shampla, a chur faoi bhráid na scoile mar chruthúnas ar líofacht an linbh.

Faoin leasú, ní foláir chomh maith aon riachtanas speisialta a bheadh ag leanbh a chur san áireamh agus a líofacht sa Ghaeilge á meas.

Tiocfaidh an leasú i bhfeidhm nuair a achtaítear an Bille nua.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile.

Cé nach raibh scoileanna lán-Ghaeilge ná an Ghaeilge féin luaite go sonrach sa reachtaíocht nua, bhí lucht an ghaeloideachais buartha faoi dhá fhoráil de chuid an Bhille go háirithe.

Faoi alt 64 den Bhille mar a bhí, bheadh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga.

Cuirfidh lucht an ghaeloideachais fáilte roimh an scéal go bhfuil leasú maidir le cás na nGaelscoileanna i measc na leasuithe a aontaíodh ag cruinniú Rialtais inné.

Ní bhainfeadh an leasú ach le páistí atá á dtógáil le Gaeilge i nGaelscoileanna a bhfuil ró-éileamh ar áiteanna iontu, mionlach fíorbheag, dar le Cearta Oideachais a mhaíonn gur cainteoirí dúchais iad níos lú ná 5% de na leanaí a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoileanna.

Moladh i dtuarascáil a d’fhoilsigh Coiste Oideachais agus Scileanna an Oireachtais anuraidh go dtabharfadh an tAire Richard Bruton “aitheantas cuí” do chearta an chainteora dúchais Gaeilge sa Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 agus nach gcuirfeadh an reachtaíocht isteach ar cheart an pháiste atá á thógáil le Gaeilge chun oideachas lán-Ghaeilge.

De réir breithiúnais a tugadh san Ard-Chúirt in 2016, bhí sé de cheart ag Scoil Lorcáin, Baile na Manach, diúltú do dhalta a mheas an scoil nár shásaigh a cumas sa Ghaeilge a polasaí iontrála.

Agus a bhreithiúnas sa chás sin á thabhairt aige, chuir an Breitheamh Gerard Hogan ar “neamhní” cinneadh na Roinne Oideachais go gcaithfeadh an scoil glacadh le páiste a mheas siad nach raibh dóthain Gaeilge aici.

Thug Scoil Lorcáin, Baile na Manach, ceann de na Gaelscoileanna is aitheanta sa tír, dúshlán na Roinne Oideachais maidir le ceart na scoile, de réir a bpolasaí iontrála, diúltú do dhalta.

Fág freagra ar 'Glactha ag an Rialtas le leasú a chosnóidh ceart Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do chainteoirí dúchais'