Geimhreadh fada romhainn agus an rialtas ag snámh in aghaidh an easa

Tá plean ceart ag teastáil ón bpobal má tá siad le muinín a bheith acu as cur chuige an rialtais i leith na géarchéime agus an gheilleagair

Geimhreadh fada romhainn agus an rialtas ag snámh in aghaidh an easa

Bíonn daoine áirithe neirbhíseach sula dtéann siad ag an bhfiaclóir. Tá aithne agam ar shaor-iriseoirí a dhiúltaíonn teagmháil a dhéanamh leis an gcuntasóir ag deireadh na bliana cánach mar go bhfuil faitíos orthu a fháil amach cé mhéid atá amuigh orthu. An geimhreadh seo, gach seans go mbeidh eagla orainn ar fad an bille aibhléise a oscailt. Táthar á thuairisciú le míonna anuas go dtiocfaidh ardú ‘as cuimse’ ar chostais fuinnimh i mbliana – taibhsítear dom nach bhfuil seachtain a ghabhann thart nach dtugtar foláireamh dúinn faoi mhéadú de 50% nó níos mó a bheith á chur i bhfeidhm.

Is iomaí cúis atá leis seo – an cogadh san Úcráin agus cluichí polaitiúla na Rúise agus easpa fadbhreathnaitheachta na hEorpa (an Ghearmáin, go háirithe) i leith cúrsaí fuinnimh. Go bunúsach, bhí an Eoraip ag brath an iomarca ar an Rúis dá fuinneamh. Tá an pobal buailte go trom ag na laigí sa slabhra soláthair agus ag an ardú sa ráta boilscithe. Ach is cuma faoi na cúiseanna sin ar fad mar is ar an rialtas a chuirfear an milleán.

Ar bhealach, bheadh trua agat don Chomhaontas Glas. Níor athraigh siad a bport le tamall fada – iad den tuairim go gcaithfidh an tír seo foinsí nua fuinnimh a aimsiú agus a fhorbairt, agus gur cheart droim láimhe a thabhairt leis an bhfuinneamh neamh-inathnuaite. Aontaíonn na páirtithe eile agus an pobal leo, ach toisc go bhfuil muid i lár éigeandála níl mórán daoine buíoch don dream a raibh an ceart acu ón tús, ach nár éisteadh leo.

Sin an ceacht polaitiúil atá foghlamtha ag Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil. Ní chabhraíonn sé féin lena chás uaireanta, áfach. Cúpla mí o shin, nuair a bhí ganntanas domhanda peitril agus díosail ann bhí praghas an bhreosla os cionn dhá euro in aghaidh an lítir, chuir Ryan fearg ar an bpobal nuair a chomhairligh sé dóibh tiomáint níos moille ar an mbóthar chun úsáid breosla a laghdú. Cuireadh ina leith nár thuig sé gnáthshaol an duine, nó  – buille marfach d’aon pholaiteoir – go raibh meon uasal le híseal aige.

Cuireadh na líomhaintí céanna i leith an Aire arís an tseachtain seo nuair a chuir sé comhairle ar an bpobal gan an meaisín níocháin nó triomadóir éadaí a úsáid ag tréimhse áirithe den lá agus a chinntiú nach mbíonn an teas ar siúl i ngach seomra sa teach. Nach suarach an íomhá a chuir Ryan os ár gcomhair? Dickensian, ar bhealach. D’éirigh cúrsaí níos measa arís nuair a tuairiscíodh go raibh an rialtas den tuairim go ngearrfadh an pobal siar ar úsáid aibhléise go nádúrtha san fhómhar mar go mbeadh an chéad bhille leictreachais eile chomh hard sin go scanrófaí an t-anam astu.

Comhairle ‘mhaslach’ a bhí sa mhéid seo, dar le Sinn Féin, agus ní réiteach dáiríre ar dhúshlán an gheimhridh. Tá an ceart ag lucht cáinte an Rialtais. Tá plean i bhfad níos fearr ag teastáil ón bpobal má tá siad le muinín a bheith acu as cur chuige an rialtais i leith na géarchéime agus an gheilleagair. an eacnamaíocht arís. Is é an laige is mó atá ar an rialtas faoi láthair, áfach, ná go bhfuil siad diongbháilte faoi go bhfanfaidh siad ar an mBuiséad lena bpacáiste cúnaimh a fhógairt. Braitheann an-chuid ar chinntí a ghlacfar san Eoraip chomh maith. Beidh Eamon Ryan ag freastal ar chruinniú éigeandála sa mBruiséil ag deireadh na seachtaine seo. Idir an dá linn, tá an rialtas ag impí ar an bpobal fanacht tamall eile.

Ach an bhfuil briste ar fhoighne an phobail cheana féin? An bhfuiltear tar éis buntáiste a thabhairt don fhreasúra a bhainfidh leas polaitiúil as an tsáinn ina bhfuil muid?

Fág freagra ar 'Geimhreadh fada romhainn agus an rialtas ag snámh in aghaidh an easa'

  • Art

    Ag snámh in aghaidh easa a bhíodh ag m’athair i gcónaí.

  • JP

    De thoradh ar an ngéarchéim uathúil eacnamaíochta seo tá fógartha ag an rialtas go bhfuiltear chun an solas atá ag tóin an tolláin a mhúchadh láithreach….go dtí go bhfógrófar a mhalairt amach anseo. Iarrtar ar an bpobal, fairis sin, splannc céille a bheith acu agus taobhú le coinnle in áit na haibhléise a oiread agus is féidir, óir ‘is fearr coinneal a lasadh ná an doircheacht a mhallachtú’.

  • Mac Billings/Bilie --- Dónall Mór

    ***********************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    ***********************************************************************************

    Tonn Tuile ag teacht ná bac le heas

    ‘Maggie Nua’ tofa ag ciorcal capitileach na dTóraigh

    — ‘Maggie Nua’ tofa ag ciorcal capitileach na dTóraigh agus lucht na maoine ——-

    ——‘ Dúisigh a Mhaggie Truss, tá rud eigin a chaithfidh mé a rá leat’, mar a deir an t-amhrán —–

    An dallamhullóg nua le cur arís ar mhuintir na Breataine ag na Tóraithe agus fiú amháin ar mhuintir na Sé Chontae na bí ag caint ar an Taoiseach ná ar Rí Cathal a trí.

    ‘S Liz Truss a bhfuil rún aici an córas caipitileach a bhainistiú ar son lucht an tsaibhris agus an gnáth duine fágtha ar an trá folamh gan aige/aici óna lámh go dtí a b(h)éal faoi bhoilsciú a choinníonn an brabus ag fás agus do chosa fuar.

    Cluas bodhair tugtha acu d’Éirinn agus a cás faoi Athaontú na tíre lena seasamh láidir chun fáil réidh le gnéithe de Phrótacal/Nós-imeachta an ‘Tuaiscirt’.

    ‘Alt 16’ á chur i bhfeidhm agus Teorainn nua a chruthú ag na Sasanaigh arís gan bacadh le Ceannasaíocht na Tíre seo.

    Níorbh féidir comhaontú a shocrú le dream ar bith de chineál na dToraithe anois go bhfuil ‘Maggie’ nua aimsithe acu.

    Tabhair bata is bóthar dóibh chun a’ bhaile go dtí an Bhreatain mar a d’fhoglaim muid ó Stair na Tíre seo.

    Is mise
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Bloc E
    Ardán 1

    Príosún Phort Laoise

    Éire

    ***********************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ***********************************************************************************